YouVersion Logo
Search Icon

1 Ríthe 1

1
Comharbacht Dháiví
Ceilg
1Seanfhear anonn go maith sna blianta ab ea Dáiví rí agus cé gur chuireadar breis brat air níorbh fhéidir dó é féin a théamh. 2Dúirt a shearbhóntaí leis: “Faightear ógbhean éigin do mo thiarna an rí agus déanadh sí freastal ar an rí agus tugadh sí aire dó agus luíodh sí ar d'ucht agus coimeádfaidh sin mo thiarna an rí te.” 3Rinne siad ógbhean sciamhach a chuardach ar fud críocha Iosrael agus fuair siad Aibíseag ó Shiúnaem agus thug siad chun an rí í. 4Bhí barr scéimhe ag an ógbhean agus thug sí aire don rí agus d'fhreastail air, ach níor luigh an rí léi.
5Tháinig éirí in airde ar Adoiníá mac Haigít agus mheas sé go mbeadh sé féin ina rí. Fuair sé seisreach agus carbad dá bhrí sin agus caoga fear le rith roimhe. 6Ní dhearna a athair trasnáil air riamh á fhiafraí de: “Cén fáth a ndearna tú a leithéid seo?” Fear an-dathúil ab ea é agus rug a mhathair é i ndiaidh Aibseálóm. 7Chuaigh sé i gcomhairle le Ióáb mac Zarúá agus leis an sagart Aibíátár, agus leanadarsan é agus chabhraíodar leis. 8Ach Zádóc an sagart agus Banáiá mac Iahóideá, agus Nátán fáidh, agus Simeí agus a chomrádaithe, gaiscígh Dháiví, níor thugadar a dtacaíocht d'Adoiníá.
9Lá dá raibh Adoiníá ag íobairt caorach agus damh agus gamhna biata ag Gallán an tSleamhnáin atá taobh le Tobar an Úcaire, thug sé cuireadh dá bhráithre go léir, clann an rí, agus a raibh d'fhir Iúdá ag seirbhís don rí, 10ach níor thug sé cuireadh do Nátán fáidh, ná do Bhanáiá ná do na gaiscígh ná do Sholamh a dheartháir.
11Ansin dúirt Nátán le Baitseaba, máthair Sholaimh: “Nár chuala tú go ndearnadh rí d'Adoiníá mac Haigít gan fhios do Dháiví, ár dtiarna? 12Glac mo chomhairlese anois más ea más mian leat d'anam féin agus anam Sholaimh do mhic a thabhairt slán. 13Gabh isteach ar an toirt go Dáiví rí agus abair leis: ‘Nár mhionnaigh tú, a thiarna rí, do do bhansearbhónta á rá: “Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir”? Conas, mar sin, go bhfuil Adoiníá ina rí?’ 14Agus fad a bheidh tú ag caint leis an rí, tiocfaidh mise isteach i do dhiaidh agus tabharfaidh mé tacaíocht do do chaint.”
15Isteach le Baitseaba go dtí an rí mar a raibh sé ina sheomra (bhí an rí an-aosta agus bhí Aibíseag ó Shiúnaem ag freastal air). 16Chrom Baitseaba chun talún ag déanamh ómóis don rí, agus dúirt an rí: “Céard is mian leat?” 17“A thiarna,” ar sí, “mhionnaigh tú do do bhansearbhónta dar an Tiarna do Dhia: ‘Beidh Solamh do mhac ina rí i mo dhiaidh, agus sé a shuífidh i mo ríchathaoir.’ 18Agus féach seo é Adoiníá anois ina rí cé gur gan fhios duitse é, a thiarna rí. 19Rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, don sagart Aibíátár, agus do Ióáb an ceann feadhna; ach d'fhág sé Solamh do shearbhónta gan chuireadh. 20Is ortsa anois atá a súile ag gach duine in Iosrael chun go n‑ainmneofá comharba ar mo thiarna an rí. 21Mura ndeanfaidh tú, sé a tharlóidh, nuair a bheidh mo thiarna an rí ina chodladh lena shinsir, ná go gcuirfear é seo i leith mo mhic Solamh, agus i mo leithse, mar choir.”
22Agus í fós ag caint leis an rí tháinig an fáidh Nátán isteach. 23“Seo é Nátán fáidh,” ar siad leis an rí. Agus nuair a tháinig sé isteach i láthair an rí chrom sé chun talún os comhair an rí. 24“A thiarna rí liom,” arsa Nátán, “an mar seo, más ea, a bheartaigh tú: ‘Adoiníá a bheidh ina rí i mo dhiaidhse: eisean atá le suí i mo ríchathaoir’? 25Mar ghabh sé síos inniu agus rinne sé daimh agus gamhna biata agus caoirigh a íobairt go raidhsiúil, agus thug sé cuireadh do chlann mhac an rí go léir, do cheannairí an airm, agus d'Aibíátár an sagart; agus tá siad anois ag ithe agus ag ól ina láthair agus ag cur gáire suas: ‘Fad saoil don rí Adoiníá.’ 26Ach níor thug sé cuireadh domsa, do shearbhónta, ná do Zádóc an sagart, do Bhanáiá mac Iahóideá ná do do shearbhónta Solamh. 27An le cead mo thiarna, an rí, a rinneadh é sin? An amhlaidh nár inis tú don mhuintir atá dílis duit cé tá le suí i gcathaoir mo thiarna an rí i gcomharbacht air?”
Solamh ina Rí
28Ansin labhair Dáiví rí: “Glaoigh chugam ar Bhaitseaba,” ar sé. Agus tháinig sise i láthair an rí agus sheas os a chomhair. 29Thug an rí mionn agus dúirt: “Dar an Tiarna beo, an té a d'fhuascail mé ó gach gábh, 30cuirfidh mé i gcrích inniu féin an ní a mhionnaigh mé duit dar an Tiarna Dia Iosrael á rá: ‘Solamh do mhac a bheidh ina rí i mo dhiaidh agus a shuífidh i mo ríchathaoir i m'áit.’ ” 31Ansin chrom Baitseaba chun talún in ómós don rí: “Go maire mo thiarna Dáiví rí, go brách,” ar sí. 32Dúirt Dáiví ansin: “Glaoigí chugam ar Zádóc an sagart, ar Nátán fáidh, agus ar Bhanáiá mac Iahóideá,” agus thángadarsan i láthair an rí. 33“Tugaigí libh garda bhur dtiarna,” arsa an rí, “agus cuirigí Solamh ar muin mo mhiúile féin, agus tugaigí libh síos go Gíohón é. 34Déanfaidh Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ar Iosrael ansiúd. Ansin séidigí an stoc agus cuirigí gáir suas: ‘Fad saoil do Sholamh rí!’ 35Ansin leanaigí aníos é agus tagadh sé agus suíodh sé i mo ríchathaoir agus beidh sé ina rí i m'ionadsa, óir eisean an té a cheap mé mar rialtóir ar Iosrael agus ar Iúdá.” 36D'fhreagair Banáiá mac Iahóideá an rí: “Amen,” ar sé, “agus go gcuire an Tiarna chomh maith [Amen le focail] mo thiarna an rí. 37Go raibh an Tiarna le Solamh faoi mar a bhí sé le mo thiarna an rí, agus go méadaí sé a ríchathaoir níos mó fiú ná mar a bhí ríchathaoir mo thiarna Dáiví rí!”
38Ansin ghabh Zádóc an sagart, Nátán fáidh, Banáiá mac Iahóideá, na Ceiréitigh agus na Peiléitigh síos; chuir siad Solamh ar muin mhiúil Dháiví rí agus thugadar leo é go Gíohón. 39Thóg Zádóc an adharc ola ón bpuball agus d'ungaigh sé Solamh. Shéid siad an stoc agus chuir an pobal go léir gáir suas: “Fad saoil do Sholamh rí!” 40Lean na daoine go léir suas é le ceol píob agus liúireach agus gártha a chuir an talamh ar crith.
Eagla ar Adoiníá
41Chuala Adoiníá agus na haíonna a bhí in éineacht leis an gheoin agus iad ag deireadh a mbéile. Nuair a chuala Ióáb glór an stoic dúirt sé: “Cén gheoin chorraíola í seo sa chathair? 42Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.” 43“Níl,” ar sé leis, “mar rinne ár dtiarna, Dáiví rí, rí de Sholamh. 44Chuir an rí Zádóc an sagart leis, agus Nátán fáidh, agus Banáiá mac Iahóideá, agus na Ceiréitigh agus na Peiléitigh; chuir siad ar muin mhiúil an rí é; 45agus rinne Zádóc an sagart agus Nátán fáidh é a ungadh ina rí ag Gíohón; agus ghabhadar suas ón áit sin le gártha áthais agus tá an chathair anois ina cíor thuathail; sin í an gheoin a chuala sibh. 46Agus, mar rud eile, tá Solamh ina shuí sa chathaoir ríoga, 47agus de bhreis air sin, rinne oifigigh an rí gairdeas lenár dtiarna Dáiví rí leis na focail: ‘Go ndéana do Dhia ainm Sholaimh níos glórmhaire fiú ná d'ainmse agus go móra sé a ríchathaoir fiú thar do ríchathaoir féin!’ Agus chrom an rí a cheann sa leaba 48agus dúirt sé: ‘Moladh leis an Tiarna Dia Iosrael, a dheonaigh duine de mo shliocht a shuí i mo ríchathaoir inniu agus mé a fheiceáil le mo shúile cinn.’ ”
49Ansin tháinig scéin ar a raibh ar cuireadh ag Adoiníá agus d'éiríodar agus d'imíodar leo, gach duine díobh ag tabhairt a bhóthair féin air féin. 50D'éirigh Adoiníá chomh maith, agus, le barr eagla roimh Sholamh, rith sé leis agus rug ar bheanna na haltóra. 51Tugadh an scéala go dtí Solamh rí: “Féach, tá eagla ar Adoiníá roimh Sholamh rí; tá greim aige ar bheanna na haltóra agus é á rá: ‘Tugadh Solamh rí a mhionn dom ar dtús nach maróidh sé a shearbhónta le faobhar claímh.’ ” 52“Má iompraíonn sé é féin go hionraic,” a d'fhreagair Solamh, “ní thitfidh ribe dá chuid gruaige chun talún; ach má fhaightear mailíseach é, cuirfear chun báis é.” 53Chuir Solamh rí fios air dá bhrí sin agus thugadar anuas ón altóir é. Agus tháinig sé agus rinne sé ómós do Sholamh rí. Dúirt Solamh leis: “Gabh abhaile.”

Currently Selected:

1 Ríthe 1: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy