1 Teasalónaigh 3
3
Misean Thiomóid
1Dá chionn sin nuair nár fhéadamar é a sheasamh a thuilleadh, shocraíomar go bhfágfaí sinn féin inár n‑aonar san Aithin, 2agus sheolamar chugaibhse ar mbráthair Tiomóid, fear atá ina chúntóir ag Dia i bhfógairt dea-scéal Chríost. Sheolamar chugaibh é chun sibh a dhaingniú agus a neartú in bhur gcreideamh, 3ar shlí nach suaithfí aon duine agaibh le trioblóidí na huaire. Tá a fhios agaibh féin gurb é seo an rud atá ceaptha dúinn. 4Dúramar libh cheana, fad a bhíomar in bhur measc, go raibh ciapadh i ndán dúinn; rud a tharla mar is eol daoibh. 5Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur tuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.
6Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. Dʼinis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libhse. 7Mar sin de, a bhráithre, ba mhór an tógáil chroí dúinn bhur gcreideamhsa i lár ár gcuid angair agus ár gcuid anacra, 8mar gur beo dúinne anois nuair atá sibhse ag seasamh an fhóid go daingean sa Tiarna. 9Cén buíochas is féidir dúinn a ghabháil le Dia as a bhfuil de lúcháir curtha orainn agaibh os comhair ár nDé? 10Bímid á ghuí go dúthrachtach de lá is dʼoíche go bhfeicfimid bhur ngnúis arís agus, cibé bearna atá ar bhur gcreideamh, go líonfaimid í. 11Go ndéana Dia, ár nAthair, agus Íosa ár dTiarna, ar mbóthar chugaibh a réiteach dúinn. 12Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh. 13Agus go ndaingní sé bhur gcroithe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.
Currently Selected:
1 Teasalónaigh 3: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: