YouVersion Logo
Search Icon

1 Samúéil 5

5
Leanann Tubaiste an Áirc
1Nuair a ghabh na Filistínigh áirc Dé, thugadar leo í ó Eibin Eizir go hAisdeod. 2Thugadar leo áirc Dé agus dʼiompraíodar isteach i dteampall Dhágón í, agus chuireadar síos í láimh le Dágón. 3Dʼéirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. Dʼardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é. 4Ach nuair a dʼéiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón. 5Sin é an fáth nach ndéanann sagairt Dhágón ná aon duine eile a théann isteach i dteampall Dhágón, cos a leagan ar thairseach Dhágón in Aisdeod go dtí an lá inniu féin.
6Luigh lámh an Tiarna go trom ar phobal Aisdeod agus chuir scéin orthu le neascóidí ar fud Aisdeod agus a chríocha. 7Nuair a chonaic muintir Aisdeod conas mar a bhí, dúradar: “Ná fanadh áirc Dhia Iosrael inár measc mar tá a lámh ag luí go trom orainn féin agus ar Dhágón ár ndia.” 8Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu, agus dúirt leo: “Cad a dhéanfaimid le háirc Dhia Iosrael?” Dʼfhreagair siadsan: “Tugtar áirc Dhia Iosrael ar shiúl go Gat.” Thugadar más ea áirc Dhia Iosrael ansiúd. 9Ach nuair a bhí sí tugtha ansiúd, luigh lámh an Tiarna go trom ar an gcathair sin agus tháinig scéin agus sceimhle ar na daoine; bhuail neascóidí muintir na cathrach, idir óg agus aosta, mar go raibh an Tiarna á gciapadh mar sin. 10Sheoladar áirc Dé go hEacrón, ach nuair a shroich áirc Dé Eacrón, rinne muintir Eacrón liú: “Thugadar áirc Dhia Iosrael chugainn dʼfhonn an bás a thabhairt orainn féin agus ar ár muintir.” 11Chuir siad teachtairí amach dá bhrí sin, agus ghairm siad ceannairí uile na bhFilistíneach chucu agus dúirt leo: “Cuir áirc Dhia Iosrael chun siúil; téadh sí ar ais chun a háite féin, chun nach maróidh sí sinn féin agus ár muintir”–óir bhí scéin agus uafás ar fud na cathrach go léir; luigh lámh Dé go trom ansiúd. 12An mhuintir nach bhfuair bás, bhris neascóidí amach orthu agus bhí an liú ón gcathair ag dul suas chun neimhe.

Currently Selected:

1 Samúéil 5: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in