1 Samúéil 5:3-4
1 Samúéil 5:3-4 ABN
Dʼéirigh muintir Aisdeod go luath lá arna mhárach [agus chuadar go teampall Dhágón]; ba shiúd Dágón béal faoi ar an urlár os comhair áirc an Tiarna. Dʼardaíodar Dágón agus chuir siad ar ais ina áit é. Ach nuair a dʼéiríodar go moch lá arna mhárach, ba shiúd é Dágón béal faoi arís ar an urlár os comhair áirc an Tiarna, agus ceann Dhágón agus a dhá láimh briste de agus caite ar an tairseach; ní raibh fágtha de ach cabhail Dhágón.





