1 Samúéil 29
29
Díbríonn na Filistínigh Dáiví
1Thionóil na Filistínigh a sluaite go léir in Afaec, agus bhí a gcampa suite ag Iosrael ag an tobar atá in Izréil. 2Bhí taoisigh na bhFilistíneach ag gabháil thar bráid ina gcipí céad agus míle, agus Dáiví agus a chuid fear ag teacht ina ndiaidh in éineacht le hÁicís. 3Dʼfhiafraigh taoisigh na bhFilistíneach: “Cad a thug na hEabhraigh seo anseo?” Dʼfhreagair Áicís taoisigh na bhFilistíneach: “Nach é seo Dáiví, searbhónta Shóil, rí Iosrael, atá le [bliain nó dhó] anois i mo choimhdeacht. Ní bhfuair mé locht air ón lá a ghabh sé liom go dtí inniu féin.” 4Ach bhí fearg ar thaoisigh na bhFilistíneach leis. “Cuir ar ais é,” arsa taoisigh na bhFilistíneach leis, “agus filleadh sé ar an áit a thug tú ina sheilbh dó. Ná téadh sé síos chun catha in éineacht linn ar eagla go n‑iompódh sé orainn nuair a bheadh an cath á chur. Arbh fhearr slí aige siúd chun caradas a dhéanamh arís lena mháistir ná le cinn na bhfear seo anseo? 5Nach é seo an Dáiví a gcanaidís ina thaobh ag rince dóibh:
‘Mharaigh Sól a mhílte,
Agus Dáiví a dheicheanna de mhílte’?”
6Chuir Áicís fios ar Dháiví agus dúirt sé leis: “Dar an Tiarna beo, bhí tú dílis, agus, dar liomsa, níl ann ach an ceart thú a dhul in éineacht liom ar an slógadh, mar nach bhfuair mé aon locht ort ón lá a ghabh tú liom go dtí inniu féin. Ach níl na taoisigh sásta leat. 7Fill ar ais anois, agus déan amhlaidh go síochánta, agus ná cuir olc ar thaoisigh na bhFilistíneach.” 8“Cad tá déanta agam?” arsa Dáiví le hÁicís, “cén locht a fuair tú orm ón lá a chuaigh mé isteach i do sheirbhís go dtí anois féin a rá is go bhfuiltear a chosc orm troid in aghaidh naimhde mo thiarna, an rí?” 9Dʼfhreagair Áicís agus dúirt le Dáiví: “Tá a fhios agam, ar ndóigh, go bhfuil tú chomh glan ó mhilleán le haingeal ó Dhia i mo shúilese; ach dúirt taoisigh na bhFilistíneach: ‘Ná téadh sé amach linn chun catha.’ 10Bí i do shuí dá bhrí sin go moch ar maidin, thú féin agus searbhóntaí do thiarna a tháinig in éineacht leat. Bígí in bhur suí go moch ar maidin agus nuair a bheidh sé geal go leor, buailigí bóthar.” 11Chuir Dáiví chun bóthair dá bhrí sin go luath ar maidin, é féin agus a chuid fear, ar a slí ar ais go tír na bhFilistíneach. Ach chuaigh na Filistínigh suas go hIzréil.
Currently Selected:
1 Samúéil 29: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: