YouVersion Logo
Search Icon

1 Samúéil 16

16
Dáiví á Ungadh
1Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon dʼadharc dʼola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.” 2Dʼfhreagair Samúéil: “Conas is féidir dom imeacht? Má fhaigheann Sól gaoth an fhocail, maróidh sé mé!” Agus dúirt an Tiarna: “Tabhair bearach leat, agus abair: ‘Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna.’ 3Tabhair cuireadh chun na híobartha do Ieise, agus taispeánfaidh mise duit cad a bheidh le déanamh agat. An té a ainmneoidh mé duit, déanfaidh tú é a ungadh dom.”
4Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?” 5Agus dúirt seisean: “Is ea, mar chara. Tháinig mé chun íobairt a dhéanamh don Tiarna. Déanaigí sibh féin a choisreacan agus tagaigí liom chun na híobartha.” Choisric sé Ieise agus a chlann mhac agus thug cuireadh chun na híobartha dóibh.
6Ar theacht i láthair dóibh, chonaic sé Eilíáb, agus dúirt sé leis féin: “Caithfidh sé go bhfuil an té atá ungtha ag an Tiarna ansin os a chomhair.” 7Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.” 8Ansin ghlaoigh Ieise chuige ar Aibíonádáb agus thug os comhair Shamúéil é, agus dúirt seisean: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.” 9Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.” 10Thug Ieise a sheachtar mac ansin os comhair Shamúéil. Ach dúirt Samúéil le Ieise: “Ní hiad seo a roghnaigh an Tiarna.” 11Dʼfhiafraigh sé ansin de Ieise: “An bhfuil do chlann mhac go léir anseo?” “Tá mac eile fós agam,” ar seisean, “an té is óige; ach féach, tá sé ag aoireacht na gcaorach.” Dúirt Samúéil le Ieise: “Cuir fios air agus tabhair leat é; ní shuífimid chun boird go dtaga sé.” 12Chuir sé fios air agus thug isteach é; buachaill naíonta ab ea é, le súile lonracha, agus scéimh ina chló. Dúirt an Tiarna: “Seo leat, agus déan é a ungadh mar is é seo é.” 13Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus dʼfhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, dʼéirigh sé agus dʼimigh go Rámá.
Dáiví i Seirbhís Shóil
14Thréig spiorad an Tiarna Sól agus bhuair drochspiorad ón Tiarna é. 15Dúirt a ghiollaí le Sól: “Sin drochspiorad ón Tiarna do do bhuaireamh. 16Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.” 17Dúirt Sól lena ghiollaí: “Faighigí dom fear a sheinneann go maith agus tugaigí anseo chugam é!” 18Dʼfhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.” 19Chuir Sól teachtairí go Ieise dá bhrí sin á rá: “Cuir chugam Dáiví do mhac atá leis na caoirigh.” 20Fuair Ieise [cúig] bhuilín aráin, seithe fíona agus meannán agus chuir go Sól iad le Dáiví a mhac. 21Tháinig Dáiví go Sól ar an tslí sin, agus chuaigh ar seirbhís chuige. Bhí an-chion ag Sól air, agus ceapadh Dáiví ina fhear iompair airm dó. 22Chuir Sól scéala chun Ieise ansin: “Lig do Dháiví bheith ar seirbhís agam, mar fuair sé gean mo chroí.” 23Aon uair a thagadh an drochspiorad ó Dhia ar Shól, bheireadh Dáiví ar a chruit ina láimh; agus sheinneadh; ansin théadh Sól chun suaimhnis, thagadh biseach air, agus dʼimíodh an drochspiorad uaidh.

Currently Selected:

1 Samúéil 16: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in