1 Samúéil 13
13
Tosach Réimeas Shóil
1Bhí Sól... bliain dʼaois nuair a thosaigh a réim agus bhí sé i réim dhá bhliain agus... ina rí ar Iosrael. 2Thogh Sól trí mhíle fear as Iosrael; bhí dhá mhíle le Sól i Micmeáis agus in ardáin Bhéitéil, agus míle le Iónátán ag Gibeá Bhiniáimin; chuir Sól an chuid eile den phobal abhaile, gach duine chun a bhotha féin. 3Scrios Iónátán an garastún Filistíneach a bhí i nGibeá, agus thuig na Filistínigh [go raibh na hEabhraigh éirithe amach]. Shéid Sól an trumpa ó cheann ceann na tíre á rá: “Bíodh cluas le héisteacht ar na hEabhraigh!” 4Agus chuala Iosrael go léir an scéala gur scrios Sól garastún na bhFilistíneach, agus go raibh Iosrael anois in earraid leis na Filistínigh. Tháinig an pobal go léir le chéile go Sól ag Gilgeál. 5Thionóil na Filistínigh tríocha míle carbad, sé mhíle marcach, agus slua chomh líonmhar le gaineamh na trá chun troda in aghaidh Iosrael. Thángadar aníos agus shuíodar a gcampa i Micmeáis lastoir de Bhéit Ávan. 6Nuair a chonaic slua Iosrael go rabhadar i gcúngrach (mar bhíothas ag brú go trom orthu), chuadar i bhfolach in uaimheanna, i bpluaiseanna, i gcarraigeacha, i dtuamaí agus i dtoibreacha. 7Ghabh [a thuilleadh díobh] thar áthanna na Iordáine anonn go Gád agus Gileád. Bhí Sól fós i nGilgeál agus bhí a lucht leanúna go léir ar ballchrith. 8Dʼfhan sé seacht lá, an fad a shocraigh Samúéil, ach níor tháinig Samúéil go Gilgeál, agus bhí an t‑arm ag tréigean Shóil agus ag scaipeadh. 9Dúirt Sól más ea: “Tugaigí chugam an íobairt uileloiscthe agus na híobairtí comaoineach,” agus dʼofráil sé an íobairt uileloiscthe. 10Nuair a bhí ofráil na híobartha uileloiscthe déanta aige, seo chuige Samúéil agus chuaigh Sól amach le casadh leis agus beannú dó, 11ach dúirt Samúéil leis: “Cad tá déanta agat?” Dʼfhreagair Sól: “Chonaic mé an t‑arm do mo thréigean, agus á scaipeadh, agus ní raibh tusa tagtha faoin lá a ceapadh, ach bhí na Filistínigh ag tionól i Micmeáis. 12Dúirt mé liom féin: ‘Tá na Filistínigh ar tí mé a ionsaí ag Gilgeál, agus níor impigh mé fabhar an Tiarna.’ Níorbh fholáir liom beart a dhéanamh agus dʼofráil mé an íobairt uileloiscthe mé féin.” 13Dʼfhreagair Samúéil Sól: “Is baoth an beart a rínne tú. Níor chuir tú an t‑ordú a thug an Tiarna do Dhia duit i gcrích; óir dhaingneodh an Tiarna do fhlaitheas ar Iosrael go brách. 14Anois, ámh, ní mhairfidh do fhlaitheas; chuardaigh an Tiarna agus fuair sé fear de réir a chroí féin, agus cheap sé é mar thaoiseach ar a phobal mar nár chuir tú i gcrích na nithe a dʼordaigh an Tiarna duit.” 15Dʼéirigh Samúéil agus dʼimigh leis ó Ghilgeál go Gibeá Bhiniáimin.
Chomhair Sól an mhuintir a bhí in éineacht leis, timpeall sé chéad fear. 16Dʼfhan Sól, a mhac Iónátán, agus an slua a bhí in éineacht leis i nGibeá Bhiniáimin, agus bhí na Filistínigh i gcampa ag Micmeáis. 17Tháinig lucht creiche amach as campa na bhFilistíneach i dtrí dhíorma; chas díorma díobh i dtreo Ofrá go tír Sheúol; 18díorma eile i dtreo Bhéit Horón, agus an tríú díorma i dtreo na teorann atá ag féachaint anuas ar Ghleann Zabóím i dtreo an fhásaigh.
19Ní raibh oiread agus aon ghabha amháin i dtír Iosrael go léir, le heagla, a dúirt na Filistínigh leo féin, go ndéanfadh na hEabhraigh claimhte nó sleánna. 20Ach théadh na hIosraelaigh go léir síos go dtí na Filistínigh chun faobhar a chur ar gach céachta agus matóg, tua agus brod. 21Ba é an costas ná dhá thrian seicil ar chéachtaí agus ar mhatóga, agus trian seicil ar fhaobhar a chur ar thuanna, agus ar bhroid a dheisiú. 22Lá catha [Mhicmeáis] ní raibh duine ar bith dʼarm Shóil agus Iónátán a raibh claíomh ná sleá ina láimh seachas Sól agus a mhac Iónátán.
Ghabh buíon Filistíneach i dtreo Bhealach Mhicmeáis.
Currently Selected:
1 Samúéil 13: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: