YouVersion Logo
Search Icon

1 Peadar 3

3
1Mar an gcéanna libhse, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfaí iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban, 2nuair a gheobhaidh siad radharc ar bhur n‑iompar urramach geanmnaí. 3Nárab í an mhaise lasmuigh le fí foilt, le caitheamh ornáidí óir agus éidí galánta, bhur gcúram, 4ach an duine folaithe sa chroí istigh le seoid dhothruaillithe na meanman cneasta caoine, rud atá sárluachmhar i bhfianaise Dé. 5Na mná naofa fadó, iadsan a chuir a muinín i nDia, is mar sin a mhaisídís iad féin agus iad umhal dá gcuid fear. 6Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal d'Abrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibhse nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla.
7Mar an gcéanna libhse a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeadh aon bhac ar bhur n‑urnaithe.
8Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon. 9Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.
10“An té ar mian leis an bheatha a shantú
agus fad saoil faoi shéan a bheith aige,
coinníodh sé a theanga ón olc,
agus a bhéal ó bhriathra éithigh.
11Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith;
lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir.
12Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin,
agus tugann sé cluas dá n‑impí.
Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.”
Páis Chríost: Breithiúnas: Glóir Dé
13Agus cé a dhéanfaidh díobháil daoibh má tá cíocras oraibh chun na maitheasa? 14Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu. 15Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, 16agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost. 17Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc? 18Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad 19agus sa riocht sin chuaigh sé agus sheanmóir sé do na spioraid a bhí i gcarcair, 20iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin. 21An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost. 22Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.

Currently Selected:

1 Peadar 3: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy