YouVersion Logo
Search Icon

1 Macabaech 16

16
Bua ar Cheandabaes
1Ghabh Eoin suas ó Ghazara agus d'inis do Shíomón a athair céard a rinne Ceandabaes. 2Chuir Síomón fios ar Iúdás agus ar Eoin, an bheirt mhac ba shine aige, agus dúirt leo: “Throid mise agus mo bhráithre agus teaghlach m'athar cogaí Iosrael ónár n‑óige go dtí an lá inniu, agus bhí rith an rása linn i dtreo gur minic a rinneamar Iosrael a fhuascailt. 3Táimse imithe in aois anois ámh, ach tá sibhse i mbláth na haoise de dheonú na trócaire. Tógaigí m'áitse agus áit mo dhearthár agus téigí amach agus troidigí ar son ár náisiúin, agus go raibh an chabhair ó Neamh agaibh.” 4Ansin roghnaigh Eoin fiche míle curadh catha agus marcach as an tír, agus chuir siad chun bealaigh in aghaidh Cheandabaes, agus shuigh siad a longfort don oíche i Móidín. 5D'éirigh siad go moch ar maidin agus mháirseáil isteach sa mhachaire, agus b'shiúd os a gcomhair fórsa láidir coisithe agus marcach, ach sileán eatarthu. 6Chuir sé féin agus a armáil cóiriú catha orthu féin ina n‑aghaidh agus nuair a chonaic sé go raibh eagla ar an slua gabháil thar an sruthán, ghabh sé féin anonn ar dtús; nuair a chonaic a chuid fear é, ghabh siad anonn ina dhiaidh. 7Ansin rinne sé dhá chuid dá arm, agus chuir an marcshlua i lár na gcoisithe, mar bhí marcshlua an namhad an-líonmhar. 8Ansin shéid siad na stoic, agus cuireadh an teitheadh ar Cheandabaes agus ar a shluaite, agus goineadh agus treascradh a lán acu; theith an chuid eile isteach sa Dúnfort. 9Ansin is ea a goineadh Iúdás deartháir Eoin, ach chuir Eoin tóir orthu nó gur shroich [Ceandabaes] Cidreon, áit a thóg sé féin. 10Theith siad freisin isteach sna túir i ngoirt Azótas; chuir [Eoin] an áit sin trí thine. Thit timpeall dhá mhíle díobh. D'fhill Eoin slán folláin go Iúdáia.
Bás Shíomóin - Eoin ina Áit
11Ceapadh Ptoilimí mac Abúbas ina ghobharnóir ar mhachaire Ireachó; bhí a lán airgid agus óir aige, 12mar ba é cliamhain an ardsagairt é. 13Tháinig éirí in airde air ina chroí istigh, agus bheartaigh sé ceannas a fháil ar an tír agus chrom ar fheall a dhéanamh ar Shíomón agus ar a chlann mhac, agus iad a scriosadh. 14Bhí Síomón ag fiosrú na gcathracha ar fud na tíre agus ag déanamh cúraim dá gcás; agus chuaigh sé síos go hIreachó, le Mataitias agus Iúdás a chlann mhac, sa bhliain céad seachtó a seacht, san aonú mí déag, i mí Seabat is é sin. 15Mheall mac Abúbas go cealgach iad isteach sa dún beag darb ainm Dóc a bhí tógtha aige; rinne sé fleá mhór dóibh ach chuir fir i bhfolach ann. 16Nuair a bhí Síomón agus a mhic ar meisce, d'éirigh Ptoilimí agus a chuid fear, rug ar a n‑airm, agus thug ruathar isteach i halla na fleá faoi Shíomón; mharaíodar é féin agus a bheirt mhac agus cuid dá ghiollaí. 17Rinne sé beart mór fill ar an tslí sin agus thug olc ar mhaith.
18Ansin scríobh Ptoilimí tuairisc ar na nithe sin agus chuir é go dtí an rí á iarraidh air fórsaí a chur i gcabhair air agus na cathracha agus an tír a thabhairt ar láimh dó. 19Chuir sé daoine eile go Gazara le hEoin a dhíothú agus chuir sé litreacha go dtí na hoifigigh á iarraidh orthu teacht chuige le go dtabharfadh sé airgead agus ór agus bronntanais dóibh. 20Chuir sé a thuilleadh le seilbh a fháil ar Iarúsailéim agus ar Chnoc an Teampaill. 21Ach bhain duine éigin an tosach de le barr luais agus d'inis sé d'Eoin ag Gazara go raibh a athair agus a dheartháireacha básaithe, agus ar sé: “Tá fir seolta uaidh aige chun tusa a mharú chomh maith!” 22Bhain an scéala sin stangadh an-mhór as, agus ghabh sé na fir a tháinig chun é a ídiú, agus mharaigh iad mar go raibh fios rún a mharaithe aige.
23An chuid eile d'imeachtaí Eoin, a chogaí agus na gníomhartha gaile a rinne sé, na ballaí cathrach a thóg sé, agus a bhearta go léir, 24tá siadsan uile le fáil in Annála a ardsagartachta ón uair a rinneadh ardsagart de i gcomharbacht ar a athair.

Currently Selected:

1 Macabaech 16: ABN

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy