YouVersion Logo
Search Icon

1 Corantaigh 12:8-10

1 Corantaigh 12:8-10 ABN

Mar shampla faigheann duine amháin labhairt go heagnaí ón Spiorad agus faigheann duine eile labhairt go feasach ón Spiorad céanna. Faigheann duine eile creideamh tríd an Spiorad céanna, agus duine eile buanna leighis tríd an aon Spiorad. Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.

Free Reading Plans and Devotionals related to 1 Corantaigh 12:8-10