YouVersion Logo
Search Icon

1 Croinicí 5

5
Na Treibheanna Thall Thar Iordáin
1Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael. Ba eisean an chéadghin, ach de bhrí gur thruailligh sé leaba a athar, tugadh a cheart céadghine do chlann mhac Iósaef mac Iosrael. Chaill sliocht Reúbaen ceart na céadghine, 2óir dʼéirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha–mar tháinig flaith ar a shliocht–ach dʼfhan ceart na céadghine ag Iósaef.
3Clann mhac Reúbaen, céadghin Iosrael: Hanóc Palú, Heazrón, Cairmi. 4Clann mhac Ióéil: Seamaiá a mhac; Góg a mhacsan; Simeí a mhacsan; 5Míceá a mhacsan; Reáiá a mhacsan; Bál a mhacsan; 6Béará a mhacsan, an té a thug Tigleat Pileisir rí na hAsaíre i ndeoraíocht; flaith de na Reúbaenaigh ab ea é. 7A ghaolta de réir finí, in ord de réir gaoil: Ieíael an taoiseach, Zacairiá, 8Beala mac Ázáz, mac Sheama, mac Ióéil.
Chuir Reúbaen faoi in Aroéir, agus leath go Neabó agus Bál Meón. 9Shín a thailte soir go dtí an fásach ar an taobh seo den Eofrataes mar bhí a lán tréada acu i dtír Ghileád. 10Le linn Shóil chuir siad cogadh ar na Hagraígh. Fuair siad an lámh in uachtar orthu agus fuair siad seilbh ar a mbothanna ar fud na dúiche go léir lastoir de Ghileád.
11Mhair clann Ghád ina gcóngar ag cur fúthu i dtír Bháiseán chomh fada le Salacá: 12Ióéil, an taoiseach, Seáfám an dara duine, ansin Ianaí agus Seáfát i mBáiseán. 13A ngaolta de réir finí: Míocáéil, Misiulám, Seaba, Iórai, Iacán, Zía, Eibir; seachtar. 14Seo iad clann mhac Aibíochail: Bein Húraí, Bein Ioróach, Bein Gileád, Bein Míocáéil, Bein Isíseaí, Bein Iachdó, Bein Búz. 15Aichí mac Aibdíéil mac Ghúnaí ceann a gclainne.
16Chuir siad fúthu i nGileád, i mBáiseán agus ina bhailte fearainn agus ar fud tailte féaraigh Sheárón ó cheann ceann. 17Le linn Iótám rí Iúdá (agus Iarobám rí Iúdá) dáileadh iad de réir a gceap faoi leith.
18Clann Reúbaen, clann Ghád, leaththreibh Mhanaise, cuid dá ngaiscígh, lucht iompartha scéithe agus claímh, agus láimhsithe bogha, le taithí ar chogaíocht, daichead a ceathair míle seacht gcéad seasca díobh ullamh chun seirbhíse– 19chuir siad cogadh ar na Hagraígh, ar Iatúr, ar Náifís agus ar Nódáb. 20Tháinig [Dia] i gcabhair orthu ina gcoinne agus tugadh na Hagraígh agus a lucht tacaíochta go léir ar láimh dóibh; óir bhíodar ag guí chun Dé ag troid dóibh, agus de bhrí go raibh muinín acu as, dʼéist sé lena nguí. 21Thugadar leo óna n‑eallach: caoga míle camall, dhá chéad go leith míle caora, dhá mhíle asal agus céad míle fear, 22óir, de bhrí go raibh Dia i bhfeighil an chatha, leagadh a lán ar lár. Chuir siad fúthu ina n‑áit siúd go dtí an deoraíocht.
23Chuir sliocht leath-threibh Mhanaise fúthu sa dúiche idir Báiseán agus Bál Hearmón, Sainír agus Sliabh Hearmón. Bhíodar an-líonmhar. 24Seo iad cinn a bhfiní: Éifir, Ísí, Eilíéil, Aizríéil, Irimia, Hódaiviá, Iachdiéil. Gaiscígh thréana iadsan, fir cháiliúla, cinn a bhfiní 25Ach chiontaíodar in aghaidh Dhia a sinsear, agus rinneadar striapachas le déithe ciníocha na tíre a scrios Dia rompu. 26Uime sin spreag Dia Iosrael fíoch Púl rí na hAsaíre, agus Tigleat Pileisir rí na hAsaíre, agus rinne sé iad a sciobadh leis–Reúbaen, Gád agus leath-threibh Mhanaise, agus rug sé leis iad go dtí Halach, Hábór, Hárá, agus abhainn Ghózán. Tá siad ansin go dtí inniu féin.
Léiví
27Clann mhac Léiví: Géirseon, Cohát, Maráraí. 28Clann mhac Chohát: Amrám, Izeár, Heabrón, Uizíéil. 29Clann Amrám: Árón, Maois agus Miriám. Clann Árón: Nádán, Aibíchiú, Eileázár agus Íteámár. 30Ghin Eileázár Píneachás. Ghin Píneachás Aibíseúa. 31Ghin Aibíseúa Bucaí. Ghin Bucaí Uizí. 32Ghin Uizí Zaraichiá. Ghin Zaraichiá Maráiót. 33Ghin Maráiót Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb. 34Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Aichímeáz, 35Ghin Aichímeáz Azairiá. Ghin Azairiá Ióchánán. 36Ghin Ióchánán Azairiá–eisean a bhí ag fónamh mar shagart sa Teampall a thóg Solamh in Iarúsailéim. 37Ghin Azairiá Amairiá. Ghin Amairiá Aichítiúb. 38Ghin Aichítiúb Zádóc. Ghin Zádóc Sealúm. 39Ghin Sealúm Hilcíá. Ghin Hilcíá Azairiá. 40Ghin Azairiá Saráiá. Ghin Saráiá Iahózádác. 41Chaith Iahózádác dul ar deoraíocht nuair a sheol an Tiarna Iúdá agus Iarúsailéim chun deoraíochta i lámha Nabúcadnazar.

Currently Selected:

1 Croinicí 5: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in