1 Croinicí 29
29
Ofrálacha
1Dúirt Dáiví rí ansin leis an gcomhthionól go léir: “Solamh mo mhac, an té sin amháin a roghnaigh Dia thar chách, tá sé óg ar bheagán taithí, agus is mór é an saothar; óir ní do dhuine an pálás seo, ach don Tiarna Dia. 2Rinne mé soláthar do theach mo Dhé chomh maith agus ab fhéidir; chuir mé breis óir leis an ór, airgead leis an airgead, cré-umha leis an gcré-umha, iarann leis an iarann, adhmad leis an adhmad, agus oinics, agus clocha luite; agus antamón, agus clocha ioldathacha, agus clocha lómhara de gach sórt, agus marmar. 3Agus ina theanntasan, de bhreis ar gach ar sholáthraigh mé don teach naofa, tá ciste de mo chuid féin agam dʼór agus dʼairgead, agus, de bharr mo dhúthrachta do theach mo Dhé, tabharfaidh mé é do theach mo Dhé– 4trí mhíle tallann óir dʼór Óifír, agus seacht míle tallann airgid athleáite, le ballaí na bhfoirgneamh a chumhdach. 5Cibé ór atá agaibh, agus cibé airgead atá agaibh, nó cibé saothar ó láimh an cheardaí atá agaibh, cé acu agaibh a dhéanfaidh é a thógáil ina láimh agus a thíolacadh go deonach don Tiarna?”
6Ansin cinn na bhfiní, taoisigh na dtreibheanna, na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus maoir ghnóthaí an rí, rinne siad a n‑ofrálacha deonacha. 7Thugadar i gcomhair sheirbhís theach Dé, chúig mhíle tallann agus deich míle dáireach óir, deich míle tallann airgid, ocht míle déag tallann cré-umha, céad míle tallann iarainn. 8An té a raibh clocha lómhara aige, thug sé iad do chiste theach an Tiarna, le bheith faoi chúram Ichíéil an Géirseonach. 9Bhí lúcháir ar an bpobal mar go ndearna siad a n‑ofrálacha le barr féile, mar ba le barr croí mhóir a dʼofráil siad a dtabhartas fial don Tiarna. Bhí Dáiví rí freisin lán dʼáthas.
Moladh don Tiarna
10Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: “Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe. 11Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách. 12Is uaitse saibhreas agus onóir, agus is tú a rialaíonn gach ní; tá neart agus cumhacht i do láimh; ar do láimhse atá méid agus cumas a thabhairt do chách. 13Beirimid buíochas leat anois a Dhia linn, agus molaimid glóir dʼainm. 14Óir cé hé mise agus céard é mo mhuintir, go mbeadh sé dʼacmhainn ionainn tabhartais chomh fial sin a bhronnadh? Óir is uaitse gach ní agus is ó do chuid féin a bhronnaimid ort. 15Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag. 16A Thiarna, a Dhia linn, tá an soláthar seo go léir curtha ar fáil againn le teach a thógáil duit i gcomhair dʼainm, ach is ó do láimhse a tháinig sé agus is leatsa é go léir. 17Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; dʼofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé dʼáthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn. 18A Thiarna, Dia ár sinsear, Abrahám, Íosác agus Iosrael, cumhdaigh an tnúth agus na smaointe seo i gcroí do phobail go brách agus treoraigh a gcroí chugat féin. 19Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar dʼaitheanta, do reachtanna, agus dʼfhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a dʼullmhaigh mé duit a thógáil.”
20Dúirt Dáiví ansin leis an gcomhthionól go léir: “Molaigí an Tiarna bhur nDia!” Agus mhol an comhthionól go léir an Tiarna, Dia a sinsear, agus chuaigh siad ar a nglúine le hómós a thabhairt don Tiarna agus don rí.
Solamh ina Chomharba Air
21Lá arna mhárach dʼofráil siad ofrálacha agus íobairtí uileloiscthe don Tiarna–míle tarbh, míle reithe, míle uan, mar aon lena n‑íobairtí dí, agus le híobairtí ar son Iosrael go léir. 22Dʼitheadar agus dʼóladar an lá sin i láthair an Tiarna agus iad lán dʼáthas. Ansin cheapadar Solamh mac Dháiví mar dhara rí acu agus dʼungadar é mar thaoiseach in ainm an Tiarna, agus dʼungadar Zádóc ina shagart. 23Shuigh Solamh i ríchathaoir an Tiarna mar rí in áit Dháiví a athair. Bhí an rath air agus ghéill Iosrael go léir dó. 24Thug na taoisigh go léir, agus na curaidh go léir, agus clann mhac Dháiví, a ngéillsine do Sholamh rí. 25Thug an Tiarna cáil thar barr do Sholamh i bhfianaise Iosrael go léir, agus bhronn air ríúlacht nach raibh ag aon rí eile ar Iosrael riamh roimhe.
26Bhí Dáiví mac Ieise ina rí ar Iosrael ar fad. 27Bhí sé daichead bliain i réim ar Iosrael; bhí sé seacht mbliana i réim i Heabrón, agus tríocha trí bliana in Iarúsailéim. 28Dʼéag sé ansin i mbláth sonais a aoise, lán de laethanta, de shaibhreas, agus dʼonóir. Tháinig a mhac Solamh i gcomharbacht air. 29Stair Dháiví rí, ó thús deireadh, nach bhfuil sí go léir scríofa in Annála Shamúéil an físí, in Annála Nátán an fáidh, agus in Annála Ghád an físí, 30mar aon le tuairisc ar a réimeas, ar a ghaisce, ar na cora cinniúna a bhuail é féin agus Iosrael agus flaithis na dtíortha eile go léir?
Currently Selected:
1 Croinicí 29: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: