1 Croinicí 10
10
1Chuir na Filistínigh cogadh ar Iosrael; theith fir Iosrael ó na Filistínigh agus rinneadh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa. 2Lean na Filistínigh go dian sna sála ar Shól agus a mhic agus mharaigh siad Iónátán, Aibíonádáb agus Mailcíosú, mic Shóil. 3Cuireadh an cath go crua ar Shól, fuair na saigheadóirí faill air agus thit sé faoi ghona na saigheadoirí. 4Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh agus bheith ag fonóid fúm.” Ach bhí eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh dá bhrí sin agus chaith sé é féin air. 5Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis. 6Dʼéag Sól dá réir sin, é féin agus a thriúr mac agus a ghiolla airm agus a theaghlach go léir in éineacht. 7Nuair a chonaic muintir Iosrael go léir a bhí sa ghleann gur theith [an t‑arm] agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, dʼfhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus ghabhadar seilbh orthu.
8Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a chlann mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa. 9Lomadar é agus rugadar a cheann agus a éide chatha leo agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n‑íola agus dá bpobal. 10Chuireadar a éide chatha i dteampall a ndé, agus thairneáil siad a cheann in airde i dteampall Dhágón. 11Nuair a chuala [lucht áitrithe] Ghileád go léir cad a rinne na Filistínigh le Sól, 12chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus rugadar leo coirp Shóil agus a mhac, agus thugadar go Iáibéis iad, agus chuireadar a gcnámha faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá. 13Cailleadh Sól mar sin de bharr a mhídhílseachta; ní raibh sé dílis don Tiarna mar nár chomhlíon sé a aithne, agus go ndeachaigh sé i gcomhairle le bean feasa ag lorg treorach uaithi 14in áit treoir a lorg ón Tiarna. Chuir an Tiarna chun báis é dá bhrí sin agus thug an ríocht i láimh Dháiví, mac Ieise.
Currently Selected:
1 Croinicí 10: ABN
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.

: