YouVersion Logo
Search Icon

Geinis 47

47
Iacob agus a chlann mhac i láthair Pharao. Tugann sé tír Ghessin dóibh. Leathtrom an ghorta ar na h-Éighphtínigh.
1Annsin chuaidh Seosamh isteach agus d'innis do Pharao, a rádh: “Tá m'athair 's mo dh'reathracha, 'a gcuid corach, agus a gcuid aodhairi, chomh maith le gach a bhfuil aca, tagtha as crích Chanaáin: agus féach, tá siad a' fanacht i dtír Ghessin.” 2Agus thug sé an cúigear fear deireannach isteach leis 's chuir i n-aithne do'n righ iad.
3Agus d'fhiafruigh seisean díobh: “Caidé an chéird atá agaibh?” D'fhreagair siad-san: * 4“Tháinigeamar chun cómhnuighthe i do thír-se, óir níl féar ar bith do na h-ainmhidhthe atá ag do sheirbhíseaigh, tá an gorta chomh milltineach sin i gcrích Chanaáin. Agus impighimid ot órdú a thabhairt leigint dúinn, do sheirbhísigh, fanacht (annseo) i gcrích Ghessin.” 5Labhair an rí annsin le Seosamh: “Tháinig d'athair agus do dh'reathracha chugat. 6Ta tír na h-Éighphte fút (féin): “Cuir cómhnaidhe ortha san áit is fearr, agus tabhair talamh Ghessin dóbhtha. Agus má's eol duit fir dhuthrachta bheith n-a measc, dean maoir ar mo chuid eallaig díobhtha.”
7In a dhiaidh seo thug Seosamh a athair isteach i láthair an ríogh agus chuir in-aithne dó é, agus thug sé (Iacob) a bheannacht dó (do Pharao.) 8Agus arsa Pharao leis: “Caidé an aois thú?” 9“'S é faid mo shaoghail olilthireachta, —céad agus triocha blian, beag bocht, i gcomparáid le faid shaoghail oilthireachta mo shinnsir.” 10Thug sé a bheannacht do'n righ agus d'imthigh amach.
11Agus thug Seosamh gabhaltas talaimh san Éighphte d'á athair 's d'á dh'reathracha, san chuid a bh'fearr de'n tír .i. i Ramesses, d'réir mar d'órduigh Pharao dhó a dheanamh. 12Agus chuir sé cóir mhaith ortha, agus ar gach duine de theaghlach a athar, agus thug biadh do gach éinne.
13Óir bhí ganntanas bídh san domhan, agus rinne an gorta scrios ar an tír (talamh), go mór-mhór ar thír na h-Éighphte agus ar chrích Chanaáin. 14Ar bhailigh sé chuige asta an t-airgead uilig a h-íocadh ar son an arbhair, agus a chuir sé isteach i gciste an ríogh. 15Agus aon am go mbeadh na ceannaidhthe gan airgead, do thiocfaidís a gach áird de'n Éighphte chuig Seosamh, a rádh: “Tabhair arán dúinn: Ná leigtear leis an bhás shinn, toisc gan airgead bheith againn.” 16Agus d'fhreagair sé iad: “Beirgidh chugam bhur gcuid eallaigh, agus bhearfaidh mé biadh díbh ortha-san, má tá sibh gan airgead.” 17Agus nuair thug siad na h-eallaigh chuige, thug sé biadh dóbhtha mar mhalairt ar na capaill, na caoirigh, na na agus na h-asail: agus do chothuigh se iad ar feadh na bliadna sin, as an malairt (a rinne siad .i.)
18Agus tháinigeadar an dara bliain, agus ars' iad leis: “Ní chailfinid an fhírinne ar ár dtíghearna—tá ár gcuid airgid caithte, 's tá ar gcuid eallaigh ar shiubhal uainn freisin: is eol duit nach bhfuil fágtha againn acht neart ár láimh, agus ár gcuid talaimh. 19An amhlaidh, leigfear dúinn bás fhághail os cómhair do shúl? Ceannuigh shinn mar sheirbhísigh do'n righ, agus tabhair síoltaí dúinn, ar aegla go n-imtheóchadh an talamh chun fiadhantais, ceal lucht a shaothruighthe.” 20San dóigh seo cheannuigh Seosamh talamh uile na h-Éighphte, óir dhíol gach fear a ghabhaltas fhéin, de bharr an ghéar-ghorta mhóir. Agus thug isteach é i seilbh Pharao.
21Agus na daoiní uilig, chomh maith, ó cheann ceann na h-Éighphte. 22Acht amháin talamh na sagart, a thug an rí féin dóibh, d'ar tugadh roinnt áirighthe bídh as stór an phobail, agus nár cuireadh d'fhiachaibh ortha a ngabhaltasaí a dhíol. 23Annsin labhair Seosamh leis na daoiní: “Éistidh! Is le Pharao (anois) sibh-se agus bhur gcuid talaimh uilig-go-léir, tuigeann sibh (sin); beirigidh libh na síoltaí agus cuirigidh sa talamh iad. 24Ionnus go rabh (mbí) arbhar agaibh. Beidh oraibh an cúigheadh cuid a thabhairt do'n righ; bíodh na ceithre coda eile agaibh féin, i gcóir síl, agus mar bhiadh do mbur gcloinn agus na páisdí.” 25Agus d'fhreagair siad: “Tá ár mbeo a' brath ort-sa; ní iarramuid ar mo thíghearna cht a ghrása (a dheagh-mhéin), agus dheanfamuid seirbhís do'n rígh, go toilteanach.” 26Ó'n am san anuas, go dtí an lá indiu, íocthar an cúigeadh cuid dóna ríghte, i dtír na h-Éighphte, agus tá sin mar dlíghe ann, acht amháin ar thalamh na sagart, a bhí saor ar an chonnradh.
27Mar sin e, rinne Israel a chomhnaidhe san Éighphte .i. i grích Chanaáin, agus ghlac seilbh air; agus d'eirigh go maith leis, agus mhéaduigh sé go mór. 28Agus dochómhnuigh sé ann ar feadh seacht mbliain-déag: agus b'é faid a shaoghail—céad agus ceathracha-a-seacht blian.
29Agus tráth chonnaic sé an bás a' druidim leis, ghlaoidh sé ar a mhac, Seosamh, agus ars é leis: “Má tá gean agat orm, cuir do lámh faoi mo mhása agus dean an gar 's an ceart so domh,—gan mé a adhlacú san Éighphte. 30Acht codlóchaidh (luighfidh) mé le mo mhuintir féin, agus beirfidh tú amach as an tír seo mé, agus cuir i roilig mo shinnsir mé.” Agus d'fhreagair Seosamh é: “Dheanfaidh mé sin duit.” 31Agus ars é: “Tabhair do bhriathar móide domh,” agus le linn an briathar a thabhairt, thug Israel adhradh do Dhia, 's chlaon le cionn na leaptha (na slaite).

Currently Selected:

Geinis 47: ABNPOD

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in