YouVersion Logo
Search Icon

Ḃfilippiánaċ 4

4
Caibidil IV
Na neiṫe móra inleanṁana, 11 agus sásuġaḋ Ṗóil ris gaċ ein inṁic.
1Uime sin, a ḋearḃraiṫre dílġráḋaċa dá ḃfuil toil mo ċroiḋe, mo ṡolas agus mo ċoróin, seasuiḋ mar so sa Dtíġearna, a ḋearḃráiṫre dílġraḋaċa.
2Sírim daṫċuinġe ar Eḃódias, agus guíḋim Sintiċe, ḃeiṫ déininntinn sa Dtíġearna. 3Agus sírim daṫċuinge ortsa, mar an gcéudna, a ċompanuiġ ċarṫanaiġ, cungnaṁ ris na mnáiḃ noċ do rinne díṫċioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luċd caḃarṫa, agá ḃfuilid a nanmanna a leaḃar na beaṫa.
4Déunuiḋ gáirdeaċas do ṡíor sa Dtíġearna: a deirim a rís, Déunuiḋ gáirdeaċas. 5Bíoḋ suáiṁneas ḃur ninntinne follas do na huile ḋaóiniḃ. Atá an Tíġearna láiṁ riḃ. 6Ná bíoḋ ró ċúram neiṫe ar biṫ oruiḃ; aċd sa nuile ní bioḋ ḃur níarratuis foillsiġṫe do Ḋía a nurnuiġe agus a naṫċuinge maille ré breiṫ buiḋeaċais. 7Agus coiṁéudfuiġ sioṫċáin Dé ṡáruiġeas a nuile ṫuigse, ḃur gcroiḋṫe agus ḃur ninntinneaċa a Níosa Críosd.
8Tuille eile, a ḋearḃraiṫre, giḋ bé ar biṫe neiṫe atá firinneaċ, giḋ bé neiṫe atá trómġa, giḋ bé neiṫe atá ceart, giḋ bé neiṫe atá glan, giḋ be neiṫer as fíu gráḋ, giḋ bé neiṫe ar a ḃfuil deaġṫeisd; ma tá súḃailciġe ar biṫ, agus má tá molaḋ, go maḋ híad ḃías siḃ a smuáineaḋ. 9Ná neiṫe fós, do ḟóġluim siḃ agus do ġlacaḃair, agus do ċúalaḃair, agus do ċonncaḃair ionnamsa, deunuiḋ íad: agus biáiḋ Día na síoṫċána maille riḃ.
10Agus do ġaḃ gáirdeaċas go mór sa Dtíġearna mé, do ḃríġ gur éiriḋ ḋíḃ fá ḋeireaḋ mo ċúramsa do ḃeiṫ oruiḃ; fós an ní do ḃí na ċás oruiḃ, aċd naċ ḃfúaraḃair ám. 11Ní tré ríaċdanus a deirim so: óir do ḟoġluim misi, ḃeiṫe sásuiġ, ris an staid ann a ḃfuilim. 12As éol daṁ ḃeiṫ uiríseal, agus as éol daṁ ḃeiṫ iomlán: sa nuile áit agus sna huile neiṫiḃ do teaguisgeaḋ mé ré ḃeiṫ sáiṫeaċ agus ré ḃeiṫ a riaċdanus. 13Tig ḋíom na huile neiṫe do ḋéunaṁ tré Ċríosd noċ do neartuiġeas mé. 14Ṫairis sin is maiṫ do rinneadḃairse, ḃeiṫ páirteaċ rém ḃuáiḋirtse. 15Agus fós, atá a ḟios aguiḃse a Ṗilippíanaċa, a dtosaċ an tsoisgéil, an tan do ḟág mé Macedonia, nár roinn eagluis ar biṫ rium a gcunntus taḃarṫa agus gaḃála, aċd siḃse aṁáin. 16Oír ar mbeiṫ ḋaṁ fós a Dtessalonica do ċuireaḃair ċugam uáir nó ḋó fóiriġin mo ríaċdanuis. 17Ní hé go ḃfuilim ag íarruiḋ taḃártuis: aċd aṁáin ag íarruiḋ toruiḋ ro líonṁuir ċum ḃur gconntuisse. 18Fuáir mé a nois na huile neiṫe, agus atá mo ṫeannṡáiṫ agum: do líonaḋ mé, ar nglacaḋ ḋaṁ ó Epaṗrodítus na neiṫe ṫáinic uáiḃse, an balaḋ ḋeaġḃaluiḋ, an níoḋbairt ṫaitneaṁaċ, ar a ḃfuil gean ag Día. 19Agus fóirfiḋ mó Ḋíasa gaċ uile uireasḃuiḋ ḋá mbía oruiḃse do réir a ṡáiḋḃris maille ré glóir a Níosa Críosd. 20Agús glóir do Ḋía eaḋon ar Naṫairne go sáoġal na sáoġal. Amen.
21Teannuiḋ riḃ gaċ uile náoṁ a Níosa Críosd. Cuirid na dearḃraiṫre atá um ḟoċairse a mbeannaċd ċuguiḃ. 22Cuirid na naóiṁ uile a mbeannaċd ċuguiḃ, agus go mórṁór an dream atá do luċd tiġe Ṡéusair.
23Grása ar Dtíġearna Iósa Críosd maille riḃ uile. Amen.

Currently Selected:

Ḃfilippiánaċ 4: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in