YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 34

34
Caibidil XXXIV.
Téoranna ṫalaṁ Ċanaain. 16 Agus ainmne an luċd do roinneaḋ é.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maoisi, ḋá raḋ,
2Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, A nuáir ṫiucfuiḋe go tír Ċánaain; a sé so an fearann ṫuitfios ċugaiḃsi mar oiġreaċd, eaḋon fearann Ċánaain maille re na ṫeórannuiḃ:
3Annsin biáiḋ ḃur gceaṫraṁna buḋ ḋeas ó ḟásaċ Sin ar fad láiṁ ré himliḃ Edom, agus buḋ é ḃur tteórann buḋ ḋeas fírimiol na fairge sailte leaṫ ṡoir:
4Agus fillfiḋ ḃur tteórann ón táoḃ ó ḋeas go hárd Acrabbim, agus róiġfiġ air fad go Sin: agus biáiḋ a ḋul amaċ sin ón táoḃ ḋeas go Cádes‐barnea, agus raċaiḋ go fíasaraddar, agus raċaiḋ ar a aġuiḋ go Hasmon.
5Agus béaruiḋ an teórann cumpás lé ó Asmon go sruṫ na Hégipte, agus buḋ í an nfairge a ḋul amaċ.
6Agus ar son na teórann táoḃ ṡíar, biáiḋ a nfairge ṁór agad mar ṫeóruínn: buḋ í so do ṫeórann ṡíar.
7Agus buḋ í so do ṫeórann buḋ ṫuáiḋ: ón nfairge ṁóir cinnfé tú ḋuit féin go slíaḃ Hor:
8O ṡlíaḃ Hor cinnfe tú go dul a steaċ Hamat; agus biáiḋ dul amaċ na teórann go Sédad:
9Agus raċuiḋ an teóra ar a haġaiḋ go Siṗron, agus biáiḋ a dul amaċ ag Haser‐Enan: si so ḃur tteóra buḋ ṫuáiġ.
10Agús cuirfíḋe amaċ ḃur tteórann ṡoir ó Hasar‐Enan go Seṗam:
11Agus raċaiḋ an teóra síos ó Ṡeṗam go Riblah, don táoiḃ ṡoir do Ain; agus tiocfa an teóra a núas, agus roiġfiġ go táoḃ fairge Ċinneret táoḃ ṡoir:
12Agus raċaiḋ an teóra sios go Iordan, agus biáiḋ a dul amaċ ag an ḃfairge ṡailte: buḋ í só ḃur ndúṫaiġ maille ré na teórannuiḃ timċioll fá gcuáirt.
13Agus do aiṫin Maóise do ċloinn Israel, ġá ráḋ, Sí so an dúṫuiġ do ġeaḃṫáoi a noiġreaċd le cranċar, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do ṫaḃairt do na náoi ttreaḃuiḃ, agus don leiṫ ṫreiḃ:
14Oír do ġlacadar treaḃ ċloinne Réuben do réir ṫiġe a naiṫreaḋ, agus treaḃ ċloinne Gad do réir tiġe a naiṫreaḋ, da ġaḃadar a noiġreaċd; agus leiṫ ṫreaḃ Ṁanasseh do ġlacadar a noiġreaċd:
15Do ġlacadar an dá ṫreiḃ sin agus an leiṫ ṫreiḃ a noiġreaċd don táoiḃsi do Iordan láiṁ re Ieriċo táoḃ ṡoir, leaṫ ré héirġe ġréine.
16¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ġá ráḋ,
17Síadso anmanna na ndáoine rannfas an fearann dóiḃ: Eleásar an sagart, agus Iosua ṁac Nun.
18Agus geaḃtáoi ċugaiḃ éanṗrionnsa aṁáin dá gaċ treiḃ, do roinn oiġreaċda an nfearuinn.
19Agus síadso anmanna na ndáoine: do ṫreiḃ Iúdah, Cáleb ṁac Ieṗunneh.
20Agus do ṫreiḃ ċloinne Símeoin, Semuel ṁac Ammihud.
21Do ṫreiḃ Beniamin, Elidad ṁac Ċislon.
22Agus prionnsa ṫreiḃe ċloinne Dan, Buci ṁac Iogli.
23Agus prionnsa ċloinne Ióseṗ, ar son treiḃe ċloinne Manasseh, Hamuel ṁac Eṗod.
24Agus prionnsa ṫreiḃe ċloinne Eṗraim, Cemuel ṁac Ṡiptan.
25Agus prionnsa ṫreiḃe ċloinne Sebulun, Elisaṗan ṁac Parnaċ.
26Agus prionnsa ṫreiḃe ċloinne Issaċair, Paltiel ṁac Assan.
27Agus prionnsa ṫreiḃe ċloinne Aser, Ahihud ṁac Selomi.
28Agus prionnsa ṫreiḃe ċloinne Naṗtali, Pedahel ṁác Ammihud.
29 Síadso do aiṫin an TIĠEARNA do roinn na hoiġreaċda do ċloinn Israel a ttír Ċánaain.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 34: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Uiḃreaċa 34