Uiḃreaċa 31
31
Caibidil XXXI.
Creaċ na Mídianuiġ. 8 Agus marḃaḋ Baláam.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ġá ráḋ,
2Dioġail clann Israel ar na Mídianċuíḃ: na ḋiáiġ sin cruinneoċṫár ċum do ḋáoine ṫú.
3Agus do laḃair Maóise ris an bpobal, ḋá ráḋ, Gaḃaḋ cuid aguiḃ airm ċum an ċogaiḋ, agus teíḋid a naġuiḋ na Mídianaċ, agus dioġlaidis an TIĠEARNA ar na Mídianċuiḃ.
4Míle as gaċ éintreiḃ, ar faḋ treaḃ Israel uile, ċuirfiḋe ċum an ċogaiḋ.
5Mar sin do tugaḋ amaċ as míltiḃ Israel, míle as gaċ éintreiḃ, ḋá ṁíle ḋéug a narm ċum coguiḋ.
6Agus do ċuir Maoise ċum an ċogaiḋ iad, míle as gaċ eintreiḃ, íadsan agus Ṗineas ṁac Eleasar an sagart, ċum an ċogaiḋ, leis na hinniliḃ naoṁṫa, agus na stocaiḃ ḟuaimneaċ iona láiṁ.
7Agus do ċaṫuiġeadar a naġaiḋ na Mídianaċ, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise; agus do ṁarḃadar a ḃfir uile.
8Agus do marḃadar fós ríġṫe na Mídianaċ, táoḃ amuiġ don ċuid eile ḋíoḃ do marḃaḋ; Eḃi, agus Recem, agus Sur, agus Hur, agus Reba, cúig riġṫe Mídian: Balaam mar an ccéadna ṁac Beor do ṁarḃadar leis an ccloiḋeaṁ é.
9Agus do ġaḃadar clann Israel mná na Mídianaċ uile na mbraiġde, agus a leiniḃ, agus rugadar leó éadail a náirnéise uile, agus a ttréada uile, agus a máoin uile.
10Agus do loisceadar a gcaiṫreaċa uile, ionar áitreaḃadar, agus a gcaisléin sgíaṁaċa uile le teiniḋ.
11Agus rugadar leó na héadála uile, agus na creaċa uile, idir ḋuine agus ainṁiḋe.
12Agus tugadar na braiġde, agus na creaċa, agus na héadála, leó go Maóise, agus go Heleásar an sagart, agus go coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel, go nuige an gcampa a maġuiḃ Ṁoab, noċ atá láiṁ ré Iordan a ḃfogus do Ierico.
13Agus do ċuáiḋ Maóise, agus Eleásar an sagart, agus prionnsuiḋe an ċoṁċruinniġ uile, amaċ do ṫeagṁáil riú táoḃ amuiġ don ḟoslungṗort.
14Agus do ḃí Maóise feargaċ ré hoifigeaċuiḃ an tsluáiġ, ris na caiptíniḃ ós cionn mílteaḋ, agus ris na caiptíniḃ ós cionn ċéud, noċ ṫáinic ón ċaṫ.
15Agus a duḃairt Maóise riú, Nar ċuṁduiġeaḃair na mná uile na mbeaṫaiġ?
16Féuċ, tugadar so ar ċloinn Israel, tré ċoṁairle Ḃálaam, peacuġaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA a gcúis Ṗeoir, agus do ḃí pláiġ a measc ċoṁċruinniġ an TIĠEARNA.
17Uime sin a nois marḃuiḋ gaċ éanḟirionnaċ a measc na mbeag, agus marḃuiḋ gaċ éinḃean agá raiḃ fios fir re luiġe leis.
18Aċ na leiniḃ ban uile, ag naċ raiḃ fios fir re luiġe ris, coiṁéaduiġ beó íad ḋáoiḃ féin.
19Agus déanuiḋ coṁnuiġe táoḃ amuiġ don ċampa seaċd lá: giḋ bé ṁarḃ éainneaċ, agus giḋ bé ḃéan re corp marḃ, glanuiḋ siḃ féin agus ḃur mbraiġde ar an treas lá, agus ar an seaċdṁaḋ lá.
20Agus glanuiḋ ḃur néaduiġe eile, agus gaċ éainní dá ndeárnaḋ do ċroicniḃ, agus gaċ uile obair dfionnaḋ gaḃar, agus gaċ éinní do rinneaḋ do ċrann.
21¶ Agus a duḃairt Eleasar an sagart ris an luċd coguiḋ, noċ do ċuaiḋ ċum an ċaṫa, Sé so órduġaḋ an dliġe, noċ do ḟúagair an TIĠEARNA do Ṁaóise;
22Aṁáin an tór, agus an tairgead, an prás agus an tíarann, an stán, agus an luáiġe,
23A nuile ní dá ḃfuileonguiḋ an teiniḋ, do ḃéarṫáoi air dul ṫríd an tteiniḋ, agus biáiḋ sé glan: giḋeaḋ glanfuiġear é lé huisge an dealuiġe: agus a nuile ní naċ ḃfuileang an teiniḋ do ḃéarṫáoi fá deara a ḋul ṫríd a nuisce.
24Agus niġfiḋe ḃur néaduiġe ar an seaċdṁaḋ lá, agus beiṫí glan, agus na ḋiaiġ sin tiocfuiḋe don ċampa.
25¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, ḋá ráḋ,
26Glac suim na héadala do beanaḋ amaċ, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ, ṫusa, agus Eleásar an sagart, agus príoṁaiṫreaċa an ċoṁċruinniġ:
27Agus roinn a néadail a ndá ċuid; idir an ṁuinntir do ġlac orra an cogaḋ, noċ do ċuáiḋ amaċ san ċaṫ, agus eidir an coṁċruinniuġaḋ uile:
28Agus tóg áirdċíos don TIĠEARNA ón luċd coguiḋ do ċuáiḋ amaċ ċum an ċaṫa: éananam as cúig ċéad, do na dáoiniḃ, agus do na buáiḃ, agus do na hassalaiḃ, agus do na cáorċuiḃ:
29Buáin dá leaṫsan é, agus taḃair do Eleásar an sagart é, mar ofráil ṫóg ṫa don TIĠEARNA.
30Agus do leaṫ ċloinne Israel, buáinfe tú éanċuid ronna do ċáogad, do na dáoiniḃ, do na buáiḃ, do na hassaluiḃ, agus do na tréaduiḃ, do na huile ṡort áirnéisi, agus taḃair íad do na Leḃitiḃ, noċ ċoiṁéadas cúram ṫabernacuil an TIĠEARNA.
31Agus do rinne Maóise agus Eleásar an sagart mar do aiṫin an TIĠEARNA do Maoise.
32Agus a néadáil, fuiġioll na creiċe noċ do ġlacadar an luċd cogaiḋ, do ḃádar sé ċéad míle agus seaċdṁoġad míle agus cúig ṁíle cáora,
33Agus trí fiċṫid agus ḋá ṁíle ḋéug bó,
34Agus trí fiċṫid agus éan ṁíle assal,
35Agus tríoċad agus ḋa ṁile pearsa sa niomlán, do ṁnáiḃ nar ḟionn fear ríaṁ re luiġe ris.
36Agus an leaṫ, do buḋ cuid ronna don ṁuintir do ċuáiḋ amaċ ċum an ċogaiḋ, do ḃí a nuiḃir trí ċéad míle agus seaċd míle déag ar ḟiċṫid agus cúig ċéad cáora:
37Agus do bé áirdċíos an TIĠEARNA do na cáorċuiḃ sé ċéad agus trí fiċṫid agus a cúig déug.
38Agus do ḃádar na ba tríoċad agus sé ṁíle; agus do bé áirdċíos an TIĠEARNA ḋíoḃ sin trí fiċṫid agus a dó ḋéug.
39Agus do ḃádar na hassail deiċ míle ḟiċṫiod agus cúig ċéad; agus do bé áirdċíos an TIĠEARNA ḋíoḃ a háon agus trí fiċṫid.
40Agus da ḃádar na dáoine sé ṁíle ḋéag; agus dob é áirdċíos an TIĠEARNA ḋíoḃ trioċad agus dá ṗearsuinn.
41Agus ṫug Maóise an táirdċíos úaḋ, noċ do bé ofráil ṫógṫa an TIĠEARNA, do Eleásar an sagart, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaoise.
42Agus do leiṫ ċloinne Israel, noċ do rann Maóise ón luċd cogaiḋ,
43(Annois an leaṫ ráinic don ċoṁċruinniuġaḋ do buḋ trí ċead míle agus seaċd míle agus cúig ċéad cáora agus troċad míle,
44Agus tríoċad agus sé ṁíle bó,
45Agus trioċad míle assal agus cúig ċéad,
46Agus sé ṁíle ḋéag pearsa;)
47Don leaṫso ċloinne Israel, do ṫóg Maóisi éanċuid ronna do ċáogad, idir ḋuine agus ḃeaṫaċ, agus tug íad do na Leḃitiḃ, noċ do ċoiṁéid cúram ṫabernacuil an TIĠEARNA; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
48¶ Agus na hoifigiḋ do ḃí ós cionn mílteaḋ don tslúaġ, caiptíniġ mílteaḋ, agus caiptíniġ céud, ṫangadar a ḃfogus do Ṁaóise:
49Agus a duḃradar ré Maóise, Do ġaḃadar do ṡerḃisiġ uiḃir na ḃfear cogaiḋ noċ ata fa ar láiṁ, agus ní ṫeastann duine ḋíoḃ.
50Ṫugamar ar a naḋḃarsin ófráil ċum an TIĠEARNA, a ḃfuáir gaċ áon aguinn, do ṡéaduiḃ óir, do ṡlaḃruiḋiḃ, agus do ḃráisléaduiḃ, dfáinniḋiḃ, do ċluáisṡéaduiḃ, agus do ṫaibliḃ, do ḋéanaṁ síoḋa dar nanam a laṫair an TIĠEARNA.
51Agus do ġlac Maóise agus Eleásar an sagart an tór úaṫa, mar atá a nuile ṡéad oibriġṫe.
52Agus ór na hofrála uile do ofráladar súas don TIĠEARNA, ó ċaiptíniḃ mílteaḋ, agus ó ċaiptíniḃ céud, do buḋ sé ṁíle ḋéug agus seaċd ccéad agus cáogad secel é.
53 Oír do ġlacadar luċd an ċogaiḋ éadáil ar leiṫ, gaċ éanduine aca ḋó féin.
54Agus do ġlac Maóise agus Eleásar an sagart an tór ó ċaiptíniḃ na mílteaḋ agus na gcéad, agus tugadar é go tabernacuil an ċoṁċruinniġ, mar ċuiṁne do ċloinn Israel a laṫair an TIĠEARNA.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 31: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.