Uiḃreaċa 3
3
Caibidil III.
Tug Día na Leḃitiġ do na sagartaiḃ ċúm friṫeoilte don tabernacuil. 11 An ionad ċéidġin Israel uile. A nuiḃir 22,000. Na céid ġin, 22,273. 45 Do ḟúasglaḋ an corr.
1As íadso mar an gcéadna genealuiġ ṡleaċda Aáron agus Ṁáoise annsa ló ionair laḃair an TIĠEARNA re Maóise air sliaḃ Ṡínai.
2Agus is íad so anmanna ċloinne Aáron; Nadab an ċéaidġin, agus Abihu, Eleásar, agus Itámar.
3 Is íad so anmanna ṁac Aáron, na sagairt do hungaḋ, noċ do ċoisirig sé ċum serḃíse do ḋéanaṁ a noifig an tsagairt.
4Agus fuair Nadab agus Abihu bás a laṫair an TIĠEARNA, a núair do rinneádar ofráil do ṫeiniḋ coiṁiḋṫiġ alaṫair an TIĠEARNA, a ḃfasaċ Ṡínai, agus ní raiḃ clann aca: agus Eleásar agus Itamar do ḃádar ag miniostralaċd a noifig an tsagairt a raḋarc Aáron a naṫar.
5¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋa ráḋ,
6Taḃair treaḃ Léḃi a laṫair, agus taisbean íad a laṫair an tsagairt Aáron, iondus go ndearnaidís fríṫeolaṁ ḋó.
7Agus cuinneoċuid siad a ċúramsan, agus cúram an ċoṁċruinniġe uile as coínne ṫabernacuil an ċoṁċruinníġṫe, do ḋéanaṁ friṫeoilte an tabérnacuil.
8Agus taisgeoċuid uile ionstrumeíntiġ ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus cúram ċloinne Israel, do ḋeanaṁ friṫeolte an tabernacuil.
9Agus do ḃéara tú na Leḃítiġ do Aáron agus dá ṁacaíḃ: atáid ar na ttaḃairt dó go hiomlán amaċ as cloinn Israel.
10Agus óirdeoċa tú Aáron agus a ṁic, agus béid ag feiṫeaṁ ar oiffig an tsagart: agus an coiṁiḋṫeaċ ṫiucfas na ġar cuirfiġear ċum báis é.
11Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maoise, da ráḋ,
12Agus misi, féuċ, misi do ṫóg na Leḃítiġ amaċ as cloinn Israel a náit a nuile ċéidġín da ḃfosclann an ḃrú a measc ċloinne Israel: uime sin buḋ liomsa na Leḃitiġ;
13Do ċionn gar liom a nuile ċéidġin; óir an lá do ḃuáil mé an uile ċéidġin a gcríċ ná Hégipte do náonahuiḋ mé ḋaṁ féin a nuile ċéidġin an Israel, edir ḋuine agus ainṁiḋe: buḋ liomsa iad: is misi an TIĠEARNA.
14¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, a ḃfásaċ Sínai, ġa ráḋ,
15Coṁáir clann Léḃi do réir tiġe a naiṫreaḋ, do réir a muinntire: a nuile ḟirionnaċ ó ṁí súas agus ós a ċionn coṁáirfe tú íad.
16Agus do ċoṁáir Maóise íad do réir ḃreiṫre an TIĠEARNA, mar do haiṫniġeaḋ ḋe.
17Agus dob íad so mic Léḃi do réir a nanmann; Gerson, agus Ċohat, agus Merári.
18Agus is íad so anmanna ṁac Gerson do réir a muinntire; Lební, agus Síméi.
19Agus mic Ċohat do réir a muinntire; Amram, agus Isahar, Hébron, agus Ussiel.
20Agus mic Ṁerári do reír a muintire; Mahlí, agus Musí. Is íad so sleaċda na Leḃíteaċ do réir ṫiġ a naiṫreaḋ.
21O Ġerson átá cineaḋ na Libníteaċ, agus cineaḋ na Simíteaċ: is íad so sleaċda na Ngersoníteaċ.
22An ṁéíd do háirṁeaḋ ḋíoḃ, réir uiḃre a nuile ḟiríonnaċ, ó ṁí súas agus os a ċionn, an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ do ḃádar seaċd míle agus cúig ċéad.
23Suíġeoċuid muinntir na Ngersoníteaċ ar ċúla an tabernacuil taoiḃ ṡíar.
24 Agus buḋ é Eliasaṗ mac Láel ceann tiġe aṫar na Ngersoníteaċ.
25Agus buḋ é cúram ṁac Gerson a ttabernacuil an ċoṁċruinnigṫe an tabernacuil, agus an lóistín, agus a ḃfolaċ sin, agus croċaḋ ċum doruis ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,
26Agus croċaḋ na cúirte, agus an cúirtín ċum doruis na cúirte, noċ atá láiṁ ris an tabernacuil, agus láiṁ ris a naltóir fa gcuairt, agus a gcórduiḋe sin ċum a serḃíse sin.
27¶ Agus ó Ċohat ḃádar muinntear na Namramíteaċ, agus muinntear na Niseharíteaċ, agus muinntear na Nébróníteaċ, agus muinntear na Nuisielíteaċ: is íad so muinntear na Gcohatiteaċ.
28A nuile uiḃir a ḃfiriónaċ, ó ṁí daois agus ós a ċionn, do ḃádar oċd míle agus sé ċéad, ag cóiṁéad ċúraim na sanctora.
29Muinnteara mac Ċohat suiḋeoċuid ré taoḃ an tabernacuil don taoiḃ ṫeas.
30Agus buḋ é Elisaṗan ṁac Uissiel ceann tiġe aṫar ṁuinntear na Gcohatíteaċ.
31Agus buḋ é a ccúram a náirc, agus an bórd, agus an coinnleóir, agus na haltóra, agus soiṫiġe na sanctóra lé ndéanuid frioṫolaṁ, agus an ccroċaḋ, agus a nuile ṡerḃís ḃeanas ris.
32Agus buḋ é Eleásar mac Aáron an sagart ḃías na ċeann ós cionn na druinge airde do na Leḃítiḃ, agus is aige ḃias feiṫeaṁ ós cionn an luċd ċoiméadas cúram na sanctora.
33¶ O Ṁerári do ḃí muinntear na Mahlíteaċ, agus muintear na Musíteaċ: íad so muinntara Ṁerári.
34Agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, do réir uiḃre na ḃfirionaċ uile, ó ṁí daois agus ós a ċionn, bá sé ṁíle agus dá ċéad.
35Agus dob é Suriel mac Abihail ceánn tiġe aṫar ṁuintire Merári: cuirfid so fuṫa ré táoḃ an tabernacuil buḋ ṫúaiġ.
36Agus béid buird an tabernacuil fa ċuṁdaċ agus fa ċúram ṁac Ṁerári, agus na barruiḋe ḃeanas ris, agus na piléir de, agus na soicéid de, agus a uile ṡoiṫiġe sin, agus a nuile ni ḟoġnas do.
37Agus piléir na cúirte timċioll fa gcuáirt, agus a soicéid, agus a ttairngíḋe, agus a gcórduiḋe.
38¶ Aċd an luċd so do ní foslungṗurt as coinne an tabernacuil leaṫ ṡoir, eaḋon as coinne ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe leaṫ ṡoir, buḋ íad Maóise, agus Aáron agus a ṁíc, ḃias ag coiṁéad ċúraim na sanctóra ar son ċúruim ċlionne Israel; agus an coiṁiḋṫeaċ ṫincfas a ngar báiseoċar é.
39An ṁéid do háirṁeaḋ do na Leḃitiḃ, noċ do ċoṁáir Maóise agus Aáron le haiṫne an TIĠEARNA, ar feaḋ a muinntear, a nuile ḟear ó ṁi daóis agus ós a ċionn, do ḃádar fiṫċe agus dá ṁíle.
40¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, coṁair a nuile ċéidġin ḟearḋa do ċloinn Israel ó ṁí daóis agus ós a ċionn, agus glac uiḃir a naumann.
41Agus glacfa tú na Leḃitiġ ḋaṁsa misi an TIĠEARNA a náit a nuile ċéidġin a measc ċloinne Israel; agus áirnéis na Leḃiṫeáċ ar son gaċ céaidḃreiṫ a measc áirnéise ċloinne Israel.
42Agus do ċoṁáir Maóise, mar do aiṫin an TIĠEARNA ḋe, a nuile ċéidġin a measc ċloinne Israel.
43Agus a nuile ċéidġin ḟearḋa maille ré uiḃir a nanmann, ó ṁí daois agus ós a ċionn, an méid do háirṁeáḋ ḋíoḃ, do ḃádar fiṫċe agus da ṁíle agus dá ċéud agus trí fiċid agus a tri déug.
44¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maoise, ḋa raḋ,
45Glac ċugad na Leḃítiġ a náit a nuile ċéidġin a measc ċloinne Israel, agus áirnéis na Leḃiteaċ a nionad a náirnéise; agus buḋ liomsa na Leḃitiġ: misi an TIĠEARNA.
46Agus ar son an ṁéid atá re na ḃfúasclaḋ dón dá ċéad agus don trí fiċid agus a trídéag do na céaidġiniḃ ċloinne Israel, noċ is mó ná na Leḃítiġ;
47Glacfa tú eaḋon cúig secel ón duine do réir a cceann, do réir ṡecel na sanctóra ġlacfas tú íad: is fiṫċe géarah an secel:
48Agus do ḃéara tú an tairgiod, lé ḃfuascaltar a uiḃir ċorr ḋíoḃ, do Aáron águs dá ṁacaiḃ.
49Agus do ġlac Maóise airgead na fuasculta ón luċd do ḃí ós a ccionn sin noċ do ḟuasclaḋ leis na Leḃítiḃ:
50O ċéidġiniḃ ċloinne Israel do ṫog sé an tairgiod; míle agus trí ċéad agus trí fiċid agus cúig secel, do réir secel na santóra:
51Agus tug Maoise airgead an ṁéid do fuasclaḋ ḋioḃ do Aáron agus dá ṁacaiḃ, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.