Uiḃreaċa 28
28
Caibidil XXVIII.
Atá aiṫ‐iomraḋ ar reaċd na nioḋbarṫa.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, dá ráḋ,
2Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, Coiṁéadfuid mofráil, agus marán ċum ioḋbarṫa déanta lé teiniḋ, mar ḋeaġḃolaḋ ḋaṁsa, dá ofráil ḋaṁ na am iomċuḃaiḋ féin.
3¶ Agus déara tusa riú, Sí so a nofráil deánta le teiniḋ noċ íoḋbarṫáoi don TIĠEARNA; ḋá úan don ċéídḃlíaḋuin gan ċaiḋe gaċ lá, mar ofráil loiscṫe go gnáṫaċ.
4Uán díoḃ ofráilfeas tú ar maidin, agus an túan oile tráṫnóna.
5Agus an deaċṁaḋ cuid do eṗah do ṗlúr mar ofrail ḃíḋ, cumuiscṫe leis an gceaṫraṁaḋ cuid do hin dola ḃrúiḋte.
6 Is ofráil loiscṫe ṡíorruiḋe í, noċ do hórduiġeaḋ a slíaḃ Ṡínai mar ḋeaġḃolaḋ, íoḋbarṫa déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
7Agus buḋ hé ofráil diġe ḋó sin an ceaṫraṁaḋ cuid do hin ar son éanuáin: annsa náit náoṁṫa do ḃéara tú fa deara an fíon láidir do ḋórtaḋ don TIĠEARNA mar ofráil diġe.
8Agus an túan oile do ḋéana tú íoḋbuirt tráṫnóna: aṁail ofráil ḃíḋ na maidne, agus aṁail a ofráil diġe sin, ofráilfe tú é, íoḋbuirt déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA.
9¶ Agus a lá na sabbóide ḋá úan don ċéidḃliaḋum gan ċáiḋe, agus ḋá ḋeaċṁaḋ cuid do ṗlúr mar ofráil ḃíḋ, cumuiscṫe le hola, agus a ofráil diġe sin:
10 Sí so ofráil loiscṫe gaċ sábbóide, táoḃ amuiġ do nofráil loiscṫe ġnáṫuiġ, agus a hofráil diġe.
11¶ Agus a ttosaċ ḃur míos ofrálfuiḋe ofráil loiscṫe don TIĠEARNA; ḋá ḃulóig óga, agus éainreiṫe, seaċd nuáin don ċéidḃlíaḋuin gan ċáiḋe;
12Agus trí ḋeaċṁaḋ cuid do ṗlúr mar ofráil ḃíḋ, cumuiscṫe le hola, déan ḃulóig áṁáin; agus ḋá deaċṁaḋ cuid do ṗlúr mar ofráil ḃíḋ, cumaiscṫe le hola, déinreiṫe aṁáin;
13Agus an deaċṁaḋ cuid do ṗlúr cumaiscṫe le hóla mar ofráil ḃíḋ lé gaċ éanúan; mar ofráil loiscṫe do ḋeaġḃolaḋ, ioḋbarṫa déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.
14Agus buḋ í a nofráil diġe leaṫ hin ḟíona le gaċ bulóig, agus an treas cuid do hin le reiṫe, agus an ceaṫraṁaḋ cuid do hin le húan: sí so a nofráil loiscṫe ánn gaċ éinṁí ar feaḋ míos na blíaḋna.
15Agus éanṁeannán do na gaḃraiḃ mar ofráil ṗeacaiḋ do ḋéantar díoḋbuirt don TIĠEARNA, táoḃ amuiġ do nofráil ġnaṫaiġ loiscṫe, agus a ofráil diġe.
16¶ Agus an ceaṫraṁaḋ la déag don ċéidṁí atá cáisg an TIĠEARNA.
17Agus an cúigeaḋ lá déag don ṁísi atá an féasta: seaċd lá ḃías an tarán gan laiḃín ḋá iṫe.
18Annsa ċéad ló biáiḋ coṁġairm náoṁṫa; ní ḋéantáoi gné ar biṫ oibre sáoṫruiġ ann:
19Aċd ofrálfuiġ íoḋbuirt déanta lé teiniḋ mar ofráil loiscṫe don TIĠEARNA; ḋá ḃulóig óga, éanreiṫe, agus seaċd nuáin don ċéidḃlíaḋuin: caiṫfiḋe a mbeiṫ aguiḃ gan ċáiḋe:
20Agus biáiḋ a nofráil ḃíḋ do ṗlúr ċumaiscṫe le holá: trí ḋeaċṁaḋ cuid ofráilfiḋ lé gaċ bulóig, agus ḋá ḋeaċṁaḋ cuid lé reiṫe;
21Deaċṁaḋ cuid ar leiṫ ofráilfios tú lé gaċ éanúan, ar feaḋ na seaċd núan:
22Agus éanġaḃar aṁain ar son ofrala peacaiḋ, do ḋéanaṁ sioṫċána ḋáoiḃ.
23Ofráilfiḋ íadso táoḃ amuiġ do nofráil loiscṫe ar maidin, noċ atá ar son ofrála loiscṫe gnáṫuiġ.
24Ar an ṁoḋso ofráilfiḋe go laeṫeaṁuil, ar feaḋ na seaċd lá, bíaḋ na híoḋburṫa déantá lé teiniḋ, do ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA: ioḋbórṫar é táoḃ amuiġ do nofráil loiscṫe ġnáṫaiġ, agus a ofráil diġe.
25Agus air an seaċdṁaḋ lá biáiḋ coṁġairm náoṁṫa aguiḃ; ní ḋeantaoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ.
26¶ Mar an gceádna a ló na gcéadṫoraḋ, a nuáir do ḃéarṫáói ofráil nuáiḋḃíḋ ċum an TIĠEARNA, déis ḃur seaċdṁuineaḋ do ḃeiṫ caiṁte, biáiḋ aguiḃ coṁġairm náoṁṫa; ní ḋéantáoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ:
27Aċd ofráílfiḋ an nofráil loiscṫe mar ḋeaġḃolaḋ don TIĠEARNA; ḋá ḃulóig ógá, éainreiṫe, seaċd luḃain don ċéid ḃlíaḋain;
28Agus a nofráil ḃíḋ do ṗlúr cumaiscṫe le hola, trí ḋeaċṁaḋ cuid lé éanḃulóig, ḋá ḋeaċdṁaḋ cuid déanreiṫe,
29Deaċṁaḋ cúid ar leiṫ lé gaċ éanúan, ar feaḋ na seaċd núan;
30 Agus éainṁeannán do na gaḃruiḃ, do ḋéanaṁ síoḋa dáoiḃ.
31Ofráilfiḋ íad taoḃ amuiġ do nofráil loiscṫe ġnáṫuiġ, agus a ofráil ḃíḋ, béid iomlán aguiḃ gun a nofrála diġe.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 28: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: