Uiḃreaċa 26
26
Caibidil XXVI.
Uiḃir ċloinn Israel ar na ccoṁáireaṁ annois an dara huair 601730 le amuiġ do 23000 Leḃitiḃ. 63 Cáleb agus Iosua aṁaín beó do na haírṁeaḋ attús.
1Agus tárla a ndiáiġ na pláiġe, gur laḃair an TIĠEARNA re Maóisi agus re Heleásar ṁac Aáron an sagart, gá ráḋ,
2Glac uiḃir ċoṁċruinniġ ċloinne Israel uile, ó ḟiṫċid bliaḋan dáois agus ós a ċionn, ar feaḋ ṫiġe a naiṫreaḋ, gaċ a ḃfuil cumusaċ ar ḋul san ċogaḋ á Nísrael.
3Agus do laḃair Maóise agus Eleásar an sagart riú a réiteaċ Ṁoab láiṁ re Iordan a ḃfogus do Ieriċo, ġá ráḋ,
4Glac aírṁiḋe na ndaoine, ó ḟiċid blíaḋan dáois agus ós a ċionn; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise agus do ċloinn Israel, noċ do ċuáiḋ amaċ as críċ na Hégipte.
5¶ Réuben, an mac is sine ag Israel: clann Réuben; Hanoċ, ó ttáiníc treaḃ na Hanoċíteaċ: ó Ṗallu, treaḃ na Bpalluiteaċ:
6O Hesron, treaḃ na Nesroníteaċ: ó Ċarmi treaḃ na Ccarmíteaċ.
7 Is íad so treaḃa na Reubeníteaċ: agus an luċd do háirṁeaḋ ḋíoḃ do buḋ ceaṫraċad agus trí ṁíle agus seaċd gcéad agus tríoċad.
8Agus mic Ṗallu; Eliab.
9Agus mic Eliab; Nemuel, agus Dátan, agus Abíram. Síad so an Dátan agus an Tabíram, noċ do ḃí iomráiḋteaċ annsa ċoṁċrumaiuġaḋ, noċ do crionċám a naġaiḋ Ṁaóise agus a naġaiḋ Aáron a ccuideaċda Ċórah, a nuáir do ċrionċánadar a naġaiḋ an TIĠEARNA:
10Agus dfoscuil an talaṁ a ḃéul, agus do ṡluig síos íad maille re Córah, a nuáir do éug an ċuideaċda sin, san nam ar loisc an teiniḋ ḋá ċéud agus caogad fear: agus do rinneaḋ sompla ḋíoḃ.
11Giḋeaḋ níor éugadar clann Ċórah.
12¶ Mic Ṡimeon do réir a ttreaḃa: ó Nemuel, treaḃ na Nemuelíteaċ: ó Iámin, treaḃ na Iáminíteaċ: ó Iaċin, treaḃ na Iáċiníteaċ:
13O Ṡérah, treaḃ na Sérahíteaċ: ó Ṡaul, tréaḃ na Saulíteaċ.
14 Síad so treaḃa na Simeoníteaċ, fiċṫe agus dá ṁíle agus dá ċéud.
15¶ Clanna Ġad do réir a ttreaḃa: ó Ṡéṗon, treaḃ na Seṗoniteaċ: ó Haggi, treaḃ na Haggíteaċ: ó Ṡúni, treaḃ na Suníteaċ:
16O Osni, treaḃ na Nosníteaċ: ó Eri, treaḃ na Neríteaċ:
17O Aród, treaḃ na Nároideaċ: ó ó Areli, treaḃ na Narelíteaċ.
18 Síadso treaḃa ċloinne Gad do réir ar háirṁeaḋ ḋíoḃ, ceaṫraċad míle agus cúig ċéud.
19¶ Mic Iúdah dob íad Er agus Onan: agus fuáir Er agus Onan bás a ttír Ċánaain.
20Agus do buḋ íad mic Iúdah do réir a ttreaḃa; ó Ṡélah, treaḃ na Selaníteaċ: ó Ṗáres, treaḃ na Ṗaresíteaċ: ó Ṡérah, treaḃ na Serahíteaċ.
21Agus mic Ṗares do ḃádar; ó Hesron, treaḃ na Nesroníteaċ: ó Hámul, treaḃ na Namulíteaċ.
22 Síadso treaḃa Iúdah do réir ar hairṁeaḋ ḋíoḃ, trí fiċṫid agus sé ṁíle ḋéug agus cúig ċéad.
23¶ Do ṁacuiḃ Issaċar do réir a ttreaḃa: ó Ṫóla, treaḃ na Ttolaiteaċ: ó Ṗua, treaḃ na Bpúaiteaċ:
24O Iásub treaḃ na Iasubíteaċ: ó Ṡimron, treaḃ na Simroníteaċ.
25 Síadso treḃa Issaċar do réir ar háirṁeaḋ ḋíoḃ, trí fiċṫid agus ceiṫre ṁíle agus trí ċéad.
26¶ Do ṁacaiḃ Sebulun do réir a ttreaḃa: ó Ṡéred, treaḃ na Ṡeríteaċ: ó Elon, treaḃ na Nelóníteaċ: ó Iahleel, treaḃ na Iahleeleaċ.
27 Síadso treaḃa Sebulun do réir ar háirṁeaḋ ḋíoḃ, trí fiṫċid míle agus cúig ċéud.
28¶ Míc Ioseṗ do réir a ttreaḃa dob íad, Manasseh agus Eṗraim.
29Do ṁacuiḃ Manasseh: ó Ṁáċir, treaḃ na Maċiríteaċ; agus rugaḋ Gilead do Ṁáċir: ó Ġílead ṫainic treaḃ na Ngileadíteaċ.
30 Síadso mic Ġilead: ó Ieeser, treaḃ na Ieeseríteaċ: ó Helec, treaḃ na Helecíteaċ.
31Agus ó Asriel, treaḃ na Nasrieliteaċ: agus ó Ṡeċem, treaḃ na Seċemíteaċ.
32Agus ó Ṡemida, treaḃ na Semidíteaċ: agus ó Héṗer, treaḃ na Heṗeriteaċ.
33Agus Seloṗehad ṁac Héṗer ni raiḃ éanṁac aige, aċd inġeana: agus dob íad so anmanna inġean Seloṗehad Mahlah, agus Noah, Hoglah, Milcah, agus Tirsah.
34 Síadso treaḃa Ṁanasseh, agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ, cáogad agus ḋá ṁíle agus seaċd gcéad.
35¶ Síadso mic Eṗraim do réir a ttreaḃa: ó Ṡutelah, treaḃ na Sutalíteaċ: ó Ḃeċer, treaḃ na Beċeríteaċ: ó Ṫáhan, treaḃ na Ttahaníteaċ.
36Agus is iadso mic Ṡutelah: ó Eran, treaḃ na Neraníteaċ.
37 Síadso treaḃa ṁac Eṗraim do réir ar háirṁeaḋ ḋíoḃ, tríoċad agus dá ṁíle agus cúig ċéad. Síadso mic Ióseṗ do reir a ttreaḃa.
38¶ Mic Ḃeniamin do réir a ttreaḃa: ó Ḃéla, treaḃ na Mbélateaċ: ó Asbel, treaḃ na Nasbélaċ: ó Ahíram, treaḃ na Nahiramaċ:
39O Ṡúṗám, treaḃ na Suṗamíteaċ: ó Huṗam, treaḃ na Huṗamíteaċ.
40Agus dób íad so mic Ḃéla, Ard, agus Náaman: ó Ard, treaḃ na Nárdíteaċ: agus ó Náaman, treaḃ na Naamaníteaċ.
41Síadso mic Ḃeniamin do réir a ttreaḃa: agus an ṁéid do háirṁeaḋ ḋíoḃ do ḃádar ceaṫraċad agus cúig ṁíle agus sé ċéud.
42¶ Síadso mic Dan do réir a ttreaḃa: ó Ṡuhan, treaḃ na Suhaníteaċ. Síadso treaḃa Dan do réir a ttreaḃa.
43Treaḃa na Suhaníteaċ uile do réir ar háirṁeaḋ ḋíoḃ, do ḃádar trí fiċṫid agus ceiṫre mile agus ceiṫre ohéad.
44¶ Do ċloinn Aser do réir a ttreaḃa: ó Iimna, treaḃ na Iimnaċ: ó Iesui, treaḃ na Niesúiteaċ: ó Ḃéria, treaḃ na Mberíteaċ.
45Do ṁacaiḃ Béria: ó Heber, treaḃ na Heberíteaċ: ó Ṁalċiel, treaḃ na Malċieliteaċ.
46Agus Sarah dob ainm dinġin Aser.
47Síadso treaḃa ṁac Aser do réir ar háirṁeaḋ ḋíoḃ; noċ bá cáogad agus trí ṁíle agus ceiṫre ċéad.
48¶ Do ṁacaiḃ Naṗtali do réir a ttreaḃa: ó Iáseel, treáḃ na Niáseelíteaċ: ó Ġúni, treaḃ na Nguníteaċ:
49O Ieser, treaḃ na Ieseríteaċ: ó Ṡillem, treaḃ na Sillemíteaċ.
50Síadso treaḃa Naṗtali do réir a ttreaḃa: agus an ṁéid do háirmeaḋ ḋíoḃ do buḋ ḋá fiṫċiod agus cúig ṁíle agus ceiṫre ċéad.
51Síadso an ṁéid do háirṁeaḋ do ċloinn Israel, sé ċéad mile agus míle seaċd gcéad agus tríoċad.
52¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise, dá ráḋ,
53Ḋóiḃso roinnfiġear an fearann mar oiġreaċd do réir a nuiḃir anmann.
54Do ṁorán do ḃéara tú ní is mó doiġreaċd, agus do ḃeagán ní is luġa doiġreaċd; do gaċ áon ḃearṫar oiġreaċd do réir ar háirṁeaḋ ḋioḃ.
55Giḋeaḋ roinnfiġear an fearann le crannċar: do réir anmann treaḃa a naiṫreaḋ do ġeaḃuid oiġreaċd.
56Do réir an ċrannċair roinnfiġear a ṡealḃ idir ṁorán agus ḃeagán.
57¶ Agus siadso do háirṁeaḋ do na Leḃítiḃ do réir a ttreaḃa: ó Ġerṡon, treaḃ na Ngersoníteaċ: ó Ċohat, treaḃ na Ccohatíteaċ: ó Ṁerári, treaḃ na Meraríteaċ.
58Síadso treaḃa ná Leḃíteaċ: treaḃ na Libníteaċ, treaḃ na Nebroniteaċ, treaḃ na Mahliteaċ, treaḃ na Musíteaċ, treaḃ na Gcohatíteaċ. Agus do ġein Cohat Amram.
59Agus do bé ainm ṁná Amraim Ioċebed, inġean Léḃi, noċ rugaḋ do Léḃi san Négipt: agus rug sí do Amram Aáron agus Maóise, agus Miriam a ndeirḃṡíur.
60Agus rugaḋ do Aáron Nádab, agus Abihu, Eleásar, agus Itámar.
61Agus do éug Nádab agus Abihu, a nuáir do ofráladar teiniḋ ċoiṁiḋṫeaċ a laṫair an TIĠEARNA.
62Agus an luċd do háirṁeaḋ ḋíoḃ do ḃádar fiċṫe agus trí ṁíle, a nuile ḟirionnaċ ó ṁí dáois agus ós a ċionn: óir níor háirṁeaḋ íad a measg ċloinne Israel, do ḃríġ nár tugaḋ oiġreaċd air biṫ a measg ċloinne Israel doiḃ.
63¶ Síadso do háirṁeaḋ lé Maóise agus le Heleásar an sagart, noċ do ċoṁáiriṁ clann Israel a réitiḃ Ṁoab ag Iordan a ḃfogus do Iérico.
64Aċd na measg so ní raiḃ duine ḋíoḃ dar ċoṁáiriṁ Maóise agus Aáron an sagart, a ḃfásaċ Sínai a nuáir do háirṁeaḋ clann Israel.
65Oír do laḃair an TIĠEARNA orra, Do ġeaḃuid go deiṁin bás annsa ḃfasaċ. Agus nior fagḃaḋ duine ḋioḃ, aċd Cáleb ṁac Ieṗunneh, agus Iosua ṁac Nun.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 26: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: