YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 15

15
Caibidil XV.
Na hofrala ḃeuraid leó, an tan tiucfaid don tír ċoṁnuiġe. 30 Smaċd ar a ṗeacaḋ ḋán. 32 Agus ar ḃriseaḋ na sabboide.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Máoise, dá ráḋ,
2Laḃair re cloinn Israel, agus abair riú, A nuáir ṫiucfuiḋe da ḃur ttír ċóṁnuiḋe, noċ do ḃeirimse ḋáoiḃ,
3Agus do ḋéantáoi ofráil le teiniḋ don TIĠEARNA, ofráil loiscṫe, nó ioḋbuirt a gcoiṁlionaḋ móide, nó a nofráil ṫoileaṁuil nó ann ḃur ḃféastuiḃ sollamanta, do ḋéanaṁ deaġḃólaiḋ don TTIĠEARNA, do nealḃḋa, nó don tréud:
4Annsin an té ofrálas ofráil don TIĠEARNA béuruiḋ leis ofráil ḃíḋ do ḋeaċṁaḋ cuid do ṗlúr cumaiscṫe le ceaṫraṁaḋ do hin ola.
5Agus gléusfa tú ceaṫraṁaḋ do hin ḟíona mar ofráil diġe maille re hofráil loiscṫe nó lé híoḋbuirt, ar son gaċ úain.
6Nó ar son reiṫe, gléasfa tú mar ofráil ḃíḋ ḋá ḋeaċṁaḋ cuid do ṗlúr cumaiscṫe leis an treas cuid do hin ola.
7Agus ofrála tú mar ofráil diġe an treas ċuid do hin ḟíona, mar ḃolaḋ ċúṁra don TIĠEARNA.
8Agus a nuáir ġléasfas tú bulóg mar ofráil loiscṫe, nó mar íoḋbuirt a ccoiṁlíonaḋ móide, ná ofrála síoḋa don TIĠEARNA:
9Annsin do ḃéura sé maille lé bulóig ofráil ḃíḋ leis do ṫrí ḋeaċṁaḋ cuid do ṗlúr cumaiscṫe le leaṫ hin dola.
10Agus do ḃéura tú leaċd mar ofráil diġe leaṫ hin dfíon, mar ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA.
11Mar so do ḋéantar ar son éanḃulóige, no ar son éinreiṫe, nó ar son uáin, nó meannáin.
12Do réir na húiḃre do ġléassuiḋe, mar sín do ḋeantáoi ris gaċ áon do réir a úiḃre.
13An ṁéid rugaḋ don tír do ḋéanuid uile na neiṫesi mar so, ag ofráil ofrála déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ ċúṁra don TIĠEARNA.
14Agus má ṫig coiṁiḋṫeaċ do ċoṁnuiġe eadruiḃ, nó giḋ bé ar biṫ ḃías ḃár measc ann ḃur ngeinealaċuiḃ, agus ofrálfus ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ ċúṁra don TIĠEARNA; mar ḋéantáoise, seaḋ do ḋéana seision.
15Eánórduġaḋ aṁáin ḃías oruiḃsi don ċoṁċruinniuġaḋ, agus mar an gcéadna don ċoiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measc, órduġaḋ síorruíḋe ann ḃur slioċd: mar táṫáoise, is mar sin ḃías an coiṁiḋṫeáċ a laṫair an TIĠEARNA.
16Eándliġeaḋ agus éanṁoḋ ḃías aguíḃ, agus ag an ccoiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas maille riḃ.
17Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,
18Laḃair re cloinn Israel, agus abair riú, A nuáir ṫiocfuiḋe don dúṫaiġ a mbéara misi siḃ,
19Annsin is aṁluiḋ ḃías, a nuáir íostáoi dárán na tíre, ofráilfiḋe ofráil ṫógṫa don TIĠEARNA.
20Ofráilfiḋe súas caca don ċead ċuid dá ḃur ttáos mar ofráil ṫógṫa: mar do níṫí ofráil ṫógṫa don lár (síolḃuáilṫe), mar sin ṫóigfiġe é.
21Don ċéad ċuid dá ḃur ttáos do ḃéarṫáoi don TIĠEARNA ófráil ṫógṫa ion ḃur sleaċduiḃ.
22¶ Agus má rinneaḃair seaċrán, agus naċ ar ċoiṁéadaḃair na huile aiṫne, noċ do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise,
23A nuile ní dar aiṫin an TIĠEARNA ḋíḃ re láiṁ Maóise, on lo far aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise, agus ó so amaċ a measc ḃur ngeinealaċ;
24Annsin is aṁlaiḋ ḃías, má níṫear éainní tré aínḃfios gan ḟiós don ċoṁċruinniuġaḋ, go ttiuḃraid an pobal uile éanḃulóg óg úaṫa mar ofráil loiscṫe, mar ḃolaḋ ċuṁra dón TIĠEARNA, maille lé na ofráil ḃíḋ, agus ofráil diġe, do réir a norduiġe, agus éanṁeannán do na gaḃruiḃ mar ofráil ṗeacaiḋ.
25Agus do ḋéana an sagart síṫ ar son ċloinne Israel uile, agus maíṫfiġear ḋóiḃ uile é; óir is ainḃfios é: agus do ḃéaruid a nofrail leó, íoḋbuirt ḋéanta lé teiniḋ don TIĠEARNA, agus a nofráil ṗeacaiḋ a laṫair an TIĠEARNA ar son á nainḃfios.
26Agus maiṫfiġear do ċoṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile é, agus don ċoiṁiḋṫeaċ ċoiṁneaċus na measc; ó ṫárla don ṗobal uile ḃeiṫ a nainḃfios.
27¶ Agus má ṗeacuiġeann anam ar biṫ tré ainḃfios, annsin do ḃéara sé leis gaḃar bainion don ċéidḃlíaḋuin mar ofrál ṗeacaiḋ.
28Agus do ḋéana an sagart lóirġníoṁ ar son a nanma ṗeacuiġeas go hainḃfiosaċ, a nuáir do ní sé peacaḋ go hainḃfiosaċ a laṫair an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ lóirġníoṁa ar a ṡon; agus maiṫfiġear ḋó é.
29Eándliġeaḋ aṁáin ḃías aguiḃ don té ṗeacuiġeas tré ainḃfios, aráon don té béarṫar a measc ċloinne Israel, agus don ċoiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas na measc.
30¶ Aċd an tanam do ní éainní go handóṫċusaċ, más don tír é, nó coiṁiḋṫeaċ, scannluiġ sé an TIĠEARNA; agus gearrḟuiġear an tanamsin as lár a ḋaóine.
31¶ Da ċionn gur ṫarcuisniġ sé bríaṫar an TIĠEARNA, agus gur ḃris a aiṫne, gearrfuiġear an tanam sin ṫríd amaċ; biáiḋ a olc air féin.
32Agus an fad do ḃádar clann Israel annsa ḃfásaċ, fúaradar duine do cruinniġ maideaḋa annsa tsábbóid.
33Agus an luċd fuáir ag cruinniuġaḋ máideaḋa é ṫugadar é ċum Maóise agus ċum Aáron, agus ċum an ċoṁċruinniġe uíle.
34Agus do ċuireadar a láiṁ é, do ċionn nar foillsinġaḋ cread do ḋéantaói ris.
35Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Máóise, Cuírfiġear an tóglaċ go deiṁin ċum báis: cloċfuid an coṁċruinniuġaḋ uile lé cloċuiḃ é táoiḃ amuiċ don ċampa.
36Agus tugadar an coiṁṫionól uile táoḃ amaċ dón ċampa é, agus do ċloċadar lé cloċuiḃ é, agus do éug sé; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
37¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,
38Laḃair ré cloinn Israel, agus fuagair ḋóiḃ go ndéandáois faḃra a nimliḃ a néaduiġeaḋ ar feaḋ a ngeinealaċ, agus cuirid ruibín gorm ar ḟaḃraḋuiḃ a nimil:
39Agus biáiḋ sé aguiḃ na ḃfaḃraḋuiḃ, ċór go ḃfeaċṫáoi air, agus mo mbía sé aguiḃ mar ċuíṁne ar aiṫeantuiḃ an TIĠEARNA, agus go ndéantáoi ḋá réir; agus naċ leantáoi lorg ḃur gcroiḋṫeaċ féin agus ḃur súl féin, a ndiáiġ a ngnáṫuiġeann siḃ dul do stríapaċus:
40Ionnus go ccuiṁneoċṫáoi agus go ndéantáoi maiṫeanta uile, agus go mbía siḃ náoṁṫa da ḃur Ndía.
41Misi an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ ṫug amaċ siḃ as críċ na Hégipte ċum ḃeiṫ mo Ḋía aguiḃ: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 15: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in