YouVersion Logo
Search Icon

Uiḃreaċa 14

14
Caibidil XIV.
Iṫiomráḋ an ṗobail. 6 Ataid Iosua agus Caleb díleas. 24 Noċ dar ġeall Día maiṫ dá ċionn.
1Agus do ṫóg an pobal uile a nguṫ ós áird, agus do éiġeadar; agus do ġuileadar an pobal a noiḋċe sin.
2Agus do rinneadar clann Israel uile iṫomráḋ a náġaiḋ Ṁaóise agus a náġaiḋ Aáron: agus a duḃradar an coṁċruinniuġaḋ uile riú, Do bfearr linn go ḃfuíġeamáois bás a ccríċ na Hégipte, nó do bfearr linn go ḃfuíġemaois bás annsa ḃfásaċso.
3Agus créd fá ttug an TIĠEARNA don tírsi sin, do ṫuitim leis an geloiḋeaṁ, ċor go mbeidís ar mná agus ar cclann na greíċ? naċ ar ḃfearr ḋúinn filleaḋ do Négipt?
4Agus a duḃradar ré ar oile, Déanam caiptin, agus filleam do Négipt.
5Annsin do ṫuit Maóise agus Aáron ar a naiġṫiḃ a laṫair oireaċduis ċoṁċruinniġṫe ċloinne Israel uile.
6¶ Aċd Iosua ṁac Nun, agus Cáleb ṁac Ieṗunneh, noċ do ḃí don luċd do ḟéuċ an fearann, do réubádar a néaduiġe:
7Agus do laḃradar ré hoireaċdas ċloinne Israel uile, ḋa ráḋ, An fearann, ar ġaḃamair ṫríd dá ḟéaċuin, is fearann sárṁaiṫ é.
8Matá dúil ag an TTIĠEARNA ionnuinne, annsin béaruiḋ sé don dúṫaiġsi sinn, agus do ḃéara ḋuinn í; dúṫáiġ noċ líonas do ḃainne agus do ṁil.
9Aṁáin ná héirġiḋsi a ccogaḋ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus ná bíoḋ eagla oruiḃ roiṁ ḋáoiniḃ na tíre; óir is arán dúinne íad: do ḋealuiġ a ccuṁdaċ riú, agus atá an TIĠEARNA linne: ná bíoḋ a neagla oruiḃ.
10Aċd do aiṫniġeadar an coṁċruinniuġáḋ uile a gloċaḋ lé cloċuiḃ. Agus do ṫaisbein glóir an TIĠEARNA í féin a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a laṫair ċloinne Israel uile.
11¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gá fad ḃías an pobalso ag cur feirge oram? agus gá fad naċ ccreidfid mé ar son na nuile coṁarṫaḋa do ṫaisbean mé eatorra?
12Buáilfe mé íad lé pláiġ, agus beannfa mé a noiġreaċd díoḃ, agus do ḋéana mé ḋíotsa cineaḋ is mó agus is neartṁuire ná íadsan.
13Agus a duḃairt Maóise ris an TTIĠEARNA, Aċd cluinfid na Hégiptiġ sin, (óir ṫug tusa íadso amaċ ó ḃeiṫ na measc léd ċuṁaċduihh;)
14Agus inneosuid siad do ṁuinntir na tiresi é: óir do ċualadar a ṪIĠEARNA go ḃfuil tusa a measc an ṗobailsi, go ḃfaicṫear ṫusa a ṪIĠEARNA aġaiḋ ar aġaiḋ, agus go mbí do néull ós a ccíonn, agus go ttéid tú rompa san ló a bpiléur néill, agus a bpileur teinḋ sa noiḋċe.
15¶ Annois ṁarḃann tú an pobalso uile mar éanduine, annsin laiḃeóruid na críoċa da ċualuiḋ do ṫásc, dá ráḋ,
16Do ċionn naċ éidir leis an TTIĠEARNA na dáoinesi do ṫaḃairt don tír do ġeall se ḋóiḃ, uime sin do ṁarḃ se iad annsa ḃfásaċ.
17Agus annois, íarruim daṫċuinge ort, bíoḋ cuṁaċda mo ṪIĠEARNA mór, aṁuil do laḃair tú, da ráḋ,
18 Atú an TIĠEARNA fad‐ḟuilingeaċ, agus mórṫrócaireaċ, ag maiṫeaṁ éacceart agus péacaiḋ, agus gan an ciontaċ do ṡáoraḋ ar éanċor, ag aiṫḃear péacaiḋ na naiṫreaḋ ar an ccloinn go nuige an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún.
19Maiṫ, iarruim daṫċuinge ort, éacceart na ndaóinesi do réir méud do ṫrócaire, agus mar do ṁaiṫ tú don ṗobalsa, ó Négipt go ttí a nois.
20Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Do ṁaiṫ mé do réir do ḃréiṫresi:
21Aċd coiṁḋearḃṫa agus atáimsí am ḃeáṫaiḋ, líonfuiġear an doṁan uile do ġlóir an TIĠEARNA.
22Do ḃríġ na muinntiresi uile do ċonnairc mo ġlóir, agus mo ionganta, do rinne mé sa Négipt agus annsa ḃfásaċ, agus do ċuir caṫuġaḋ orm a nois deiċ nuáire, agus nár éisd rem ġuṫ;
23Go déiṁin ní ḟaicfid siad an dúṫaiġ da ġeall mé dá naiṫriḃ, ní ḟaicfiḋ éainneaċ ḋíoḃso dar ċuir fearg oram é:
24Aċd mo ṡerḃíseaċ Caleb, do ċionn go raiḃ aiṫearraċ spioraid ann, agus gur lean sé misi go hiomlán, béura mé eision don dúṫaiġ iona ndeaċaiḋ sé; agus sealḃoċuid a ṡlioċd é.
25(Annois do áitreaḃadar na Hamalecítiġ agus na Cananítiġ annsa ġleann.) Filliḋsi a máraċ, agus imṫiġiḋ don ḟásaċ a sliġe na mara Ruáiḋe.
26¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise agus ré Háaron, gá ráḋ,
27Gá fad íomċórusleis a ndroċṗobalsa, noċ do ní iṫiomraḋ am aġaiḋ? do ċúala mé íṫiomráḋ ċloinne Israel, noċ do níd do ṁunṁur am aġaiḋ.
28Abair riú, Mar ṁairim, a deir an TIĠEARNA, aṁuil do laḃraḃairsi am ċlúasuiḃsi, is mar sin do ḋéana misi riḃ:
29Tuítfid ḃur cconablaċa annsa ḃfásaċsa; gaċ ar háirṁeaḋ ḋíḃ do réir ḃur nuiḃre iomláine, ó ḟiṫċid bliaḋan dáois agus ós a ċionn, do rinne iṫiomráḋ am aġuiḋse,
30Gan ċunntaḃairt ní ṫiucfuiḋe don tír a steaċ, a ttáoiḃ ar ṁionna mé go náitreoċaḋ siḃ innte, aċd aṁain Cáleb ṁac Ieṗunneh, agus Iosua ṁac Nun.
31Aċ ḃur náoiḋin, a duḃraḃair do ḃeiṫ na gcreíċ, béara mé íad sin a steaċ, agus aiṫeonuid síad an fearann noċ do ṫarcuisníġeaḃairsi.
32Aċd ar ḃur sonsa, tuitfid ḃur cconablaċa, annsa ḃfásaċsa.
33Agus béid ḃur gclann ar seaċrán annsa ḃfásaċso ceaṫraċad blíaḋan, agus íocfuid ar son ḃur stríapaċuis, nó go leaġaid ḃur ccuirp annsa ḃfásaċ.
34Do réir uiḃre na laéṫeaḋ a raḃáḃair ag féuċuin a nfearuinn, ceaṫraċad lá, (gaċ éanlá ar son blíaḋna,) iomċorṫáoi ḃur néicceart, sé sin ceaṫraċad blíaḋan, agus aiṫeontáoi mo ḃriseaḋ geallaṁnasa.
35Misi an TIĠEARNA a duḃairt, Do ḋéana mé go deiṁin é ris a ndroċ ċoṁċruinniuġaḋso uile, noċ atá ar na gcruinniuġaḋ a ccionn a ċéile ám aġuiḋ: annsa ḃfásaċso tuitfid síad, agus annsin báiseoċṫar íad.
36Agus na dáoine, do ċuir Maóise dféaċuin a nfearuinn, noċ do ḟill, agus tug air an gcoṁċruinniuġaḋ iṫiomráḋ do ḋéanaṁ iona aġaiḋ, lé droċ ṫúarusgḃáil do ṫaḃairt air an ḃfearann,
37An ṁuinntir ċéadna sin ṫug an droċ ṫúarusgḃáil ar an ttír, fuaradar bás don ṗláiġ a laṫair an TIĠEARNA.
38Aċd Iosua ṁac Nun, agus Cáleb ṁac Ieṗunneh, noċ ba don luċd do ċúaiḋ dféaċuin a nfearuinn, do ṁaireadar a gcoṁnuiġe.
39Agus do innis Maóise na briaṫraso do ċloinn Israel uile: agus do cáoiḋeadar an pobal go mór.
40¶ Agus do éirġeadar an pobál go moċ ar maidin, agus do ċúadar súas go mullaċ an tsléiḃe, gá ráḋ, Féuċ, atámáoid annso, agus raċam súas go nuige a náit do ġeall an TIĠEARNA: óir do ṗeacuiġeamar.
41Agus a duḃairt Maóise, Créd a nois fá sáruiġṫiġ aiṫne an TIĠEARNA? aċ ní ḃíá maiṫ ḋíḃ ann.
42Ná héirgiḋe suás, óir ní ḃfuil an TIĠEARNA ḃar measc; ċor naċ buailtear siḃ as coinne ḃur naṁad.
43Oír atáid na Hamalecítiġ agus na Cananítiġ annsin roṁuiḃ, agus tuitfíḋe leis an gcloiḋioṁ: do ċionn gur hionntóiġeaḃair ón TIĠEARNA, uime sin ní ḃia an TIĠEARNA liḃ.
44Aċ do ċuireadarsan rompa dul súas go mullaċ an ċnoic: giḋeaḋ níor imṫiġ aírc ċunnarṫa an TIĠEARNA, ná Maóise, amaċ as an ccampa.
45Ansin tangadar na Hamalecítiġ a núas, agus na Cananítiġ noċ do ċoṁnuiġ san ċnoicsin, agus do ḃuaileadar íad, agus do ḃrisiodar orra, air fad go Hormah.

Currently Selected:

Uiḃreaċa 14: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in