Uiḃreaċa 11
11
Caibidil XI.
Do smaċduiġeaḋ talaċ an ṗobuil le teine. 18 Ġeall Día sáṫ feóla ḋóiḃ. 24 Do orduiġ Día an sanhedrim, no an 72 seanoireaḋ.
1Agus a nuáir do iomċasáoid an pobal, do ċuir sin fearg ar an TIĠEARNA: agus do ċualuiḋ an TIĠEARNA sin; agus do lasaḋ a ḟearg; agus do las teine an TIĠEARNA na measg, agus do loisg an luċd dó ḃí a nimliḃ an ċampa.
2Agus do éiġeadar an pobal ar Ṁaóise; agus a nuair do rinne Maóise urnaiġe ċum an TIĠEARNA, do múċaḋ an teíniḋ.
3Agus tug Taberah dainm ar a náit: do ċionn gur loisc teine an TIĠEARNA na measg.
4Agus iomad da raiḃ na measc do ġlac ainṁian íad: agus clann Israel mar an gcéadna do ġuiléadur a rís, agus a duḃradar, Cía ḃéarus feóil dúinn ré na iṫe?
5Cuiṁníġeamáoid ar a níasc, do iṫmís annsa Négipt a naisgiḋ; na cúlaráin, agus na mealḃucain, agus an lus, agus na huinniuin, agus an ġáirleóg:
6Aċd a nois atá ar nanum ar ttiurmúġaḋ súas: ní ḃfuil ní ar biṫ aguinn annois, aċd an mannasa aṁáin, ion ar raḋarc.
7Agus do ḃí an manna aṁuil síol coriander, agus a ḋaṫ aṁuil daṫ bdellium.
8 Agus do imṫiġeaḋ an pobal fa gcuáirt, agus do ċruinniġedís é, agus do ṁeiledis a muiltiḃ é, no do ḃrúiġedís é a móirteur, agus do ḃruiṫedís a noiġniḃ é, agus do niġdís cácuiḋe ḋe: agus do ḃí a ḃlas aṁuil blas núaḋóla.
9Agus a nuáir do ṫuiteaḋ an drúċd air an ccampa sa noiḋċe, do ṫuiteaḋ an manna air.
10¶ Annsin do ċualuiḋ Maóise an pobal ag gul ar feaḋ a muinntire uile, gaċ áon díoḃ a ndorus a lóistín féin: agus dó haḋnaḋ fearg an TIĠEARNA go mór; do ḃí Maóise feargaċ mar an gcéadna.
11Agus a duḃairt Maóise ris an TTIĠEARNA, Créad fár ċráḋ tú do ṡérḃíseaċ? agus créad fá naċ ḃfuáir mé faḃar ad laṫair, as ar ċuir tú úalaċ na ndaoinesi uíle orum?
12An misi do ġein an pobalso uile? an daṁ rugaḋ iad, as a nairbearṫá riom, Iomċair ann tfocras iad, (mar iomċras an taṫair‐altrannus leanḃ na cíċe), gus an bfearann do ṁionnaiḋ tú da naiṫriḃ?
13Cáit as a ḃfaġuinnsi feóil ré taḃairt don ṗobalso uile? óir guilid siad orum, gá ráḋ, Taḃair ḋúinn feóil, go níṫmís í.
14Ní ḟéaduimsi na dáoinesi uile diomċar am áonar, do ċíonn go ḃfuil se ro ṫrom agum.
15Agus mas mar so ḋéanas tú rium, guiḋim ṫú, marḃ mé, ar ball, agus ma fuáir mé muinntearḋus ad laṫair; ná faicim mo ṫrúaiġṁéile.
16¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Cruinniġ ċugamsa seaċdṁoċad fear do ṡinnsearuiḃ Israel, noċ is aiṫne ḋuit ḃeiṫ na sinsir an ṗobail, agus na noifigiḋ ós a cionn; agus taḃair íad go tabernácuil an ċoṁċruinniġṫe, go raḃaid na seasaṁ ad ḟoċairsi annsin.
17Agus tiucfa misi a nuas agus laḃeóra me riot annsin: agus beanfa mé don spioraid atá ortsa, agus cuirfe mé orrasan é; agus iomċóruid siad úalaċ na ndáoine leaċtsa, íonnus naċ niomċoruiḋ tusa leaċd féin é.
18¶ Agus abairsi ris an bpobal, Beannuigiḋ siḃ féin a ccoinne an láoi máraċ, agus íostáoi feóil: (óir do ġuileaḃair a ccluasaiḃ an TIĠEARNA, da ráḋ, Cia ḃéuras feoil dúinn ré na hiṫe? óir is maiṫ do ḃáḋas aguinn sa Négipt): uime sin do ḃéura an TIĠEARNA feóil dáoiḃ, agus íostáoi í.
19Ní héanlá aṁáin íostaoi, no ḋá lá, nó cúig lá, nó deiċ lá, nó ḟiṫċe lá;
20 Aċd an feaḋ míosa iomláine, nó go ttí sé amaċ ar ḃur srónṗollairiḃ, agus go raiḃ glonnṁar aguiḃ: do ċionn gur ṫarcuisniġ siḃ an TIĠEARNA noċ atá ḃar measc, agus gur guileaḃair dá laṫair, gá ráḋ, Créad as a ttangamar amaċ as a Négipt?
21Agus a duḃairt Maóise, An pobal, a ḃfuilím na measc, atáid siad sé ċéad míle coisiġe; agus a duḃairt tusa, Do ḃéura mé feóil dáoiḃ, ar feaḋ míosa ré na hiṫe.
22An muirfiġear na tréada agus na sealḃaḋa ḋóiḃ, da sásaḋ? nó an ccruinneoċṫar íasc na fairge uile a ḃfoċair a ċéile ḋóiḃ, da sásaḋ?
23Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, A ndearnaḋ láṁ an TIĠEARNA níos giorra? do ċífe tú a nois an ttiocfa mfocalsa a gcríċ ḋuitsi nó naċ ttiocfa.
24¶ Agus do ċúaiḋ Maóise amaċ, agus do innis don ṗobal briaṫra an TIĠEARNA, agus do ċruinniġeádar a ḃfoċair a ċéile an seaċdṁoġad do ṡinnsearuiḃ an ṗobuil, agus do ṡuíġeadar fá ccúairt timċioll an tabernacuil.
25Agus táinic an TIĠEARNA a nuas a néull, agus do laḃair ris, agus do ṫóg cuid don spioraid do ḃí air, agus tug don tseaċdṁoḋad séanóir é: agus tárla, a nuáir do ċoṁnuiḋ an spiorad orrasan, go ndearnadar fáiġeadoireaċd, agus nár stadadar.
26Aċd do ḟanadar días do na dáoiniḃ annsa ċampa, is é dob ainm do ḋuine aca Eldad, agus ainm an ḟir eíle Medad: agus do ċoṁnuiḋ an spiorad orra; agus do buḋ don luċd do ḃí scríoḃṫa íad, aċd ní ḋeaċadar amaċ ċum an tabernacuil: agus do rinneadar fáiḋeadóireaċd san ċampa.
27Agus do riṫ duine, agus do innis do Ṁaóise, agus a duḃairt, Atá Eldad agus Medad ag fáiḋeadóireaċd san ċampa.
28Agus do ḟreagair Iosua ṁac Nun, serḃíseaċ Ṁaóise ón áois óig, agus a duḃairt sé, A ṫiġearna a Ṁaóise, toirmisc íad.
29Agus a duḃairt Maóise ris, An ḃfuil tnúṫ ortsa ar mo ṡonsa? do bfearr liom go mbeidís pobal an TIĠEARNA uile na ḃfáiġiḃ, agus go ccuirfeaḋ an TIĠEARNA a spiorad orra.
30Agus do ċúaiḋ Maóise don ċampa, é féin agus sinnsir Israel.
31¶ Agus do ċúaiḋ gáoṫ amaċ ón TTIĠEARNA, agus tug gearraguirt ón ḃfairge, agus léig síos láiṁ ris an ccampa íad, mar do ḃeiṫ sé uiḋe láoi don táoiḃse, agus niḋe láoi don táoiḃ eile fá gcuairt timċioll an ċampa, agus timċioll ḋá ċuḃád dáirde ar gnúis na talṁun.
32Agus do ṡeasadar an pobal súas ar feaḋ an láoi sin, agus ar feaḋ na hoiḋċe, agus ar feaḋ an láoi ar na ṁáraċ, agus do ċruinniġeadar na gearraguirt: an té ís luġa do cruinniġ do ċruinniġ sé deiċ homer: agus do leaṫnuiġeadar íad fá gcuáirt timċioll an ċampa uile ḋóiḃ féin.
33Agus an feaḋ do ḃí an nfeóil fós idir a ḃfiaclaiḃ, agus fós roiṁe na cognaḋ, do haḋnaḋ fearg an TIĠEARNA a naġuiḋ an ṗobuil, agus do ḃuáil an TIĠEARNA an pobal lé pláiġ roṁóir.
34Agus do ġoir sé Cibrot‐hataaḃah dainm do náit: do ċionn gurob annsin do aḋlaiceadar an luċd air a raiḃ an tainṁían.
35 Agus do aistriġeadar an pobal ó Cibrot‐hataaḃah go Haserot; agus do ḟosadar ann Haserot.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 11: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.