Uiḃreaċa 10
10
Caibidil X.
Foġna na sdoc airgid. 14 Orduiġe ġluásaċd an ṗobail. 35 Guiḋe Ṁaoise an am gluasaċd, agus an am coṁnuiġe na hairce.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋa ráḋ.
2Déana ḋuit féin ḋa ṫrumpa airgid; do ṗíosa iomlán ḋéanas tú íad: go ngnaṫuiġiḋ tú íad ag gairm a noireaċduis, agus do ġluaiseaċd na slúaġ.
3Agus a nuáir ṡéidfuiġear íad, cruinneoċuid uile ċugad ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
4Agus muna séidfid aċd éantrumpa, annsin cruinneoċuid na prionnsuiḋe noċ as cinn ar ṁíltiḃ ċlóinne Israel, íad féin ċugad.
5A nuáir ṡéidfiḋe furḟograḋ, annsin raċaiḋ na foslungṗoirt noċ ḃias don táoḃ ṡoir ar a naġaiḋ.
6A nuáir ḃuailfeas siḃ furḟograḋ an dara huáir, annsin gluaisfid na slúaiġ ḃias don táoiḃ ṫeas ar a naġaiḋ: séidfid furḟograḋ ċum a naistir.
7Aċd a nuair ḃias an ċoṁṫionólag cruinniuġaḋ a gcionn a ċéile, buáilfe tusa, aċd ní ḃuailfe tú furḟograḋ.
8Agus is íad clann Aáron, na sagart ṡéidfeas na trumpuiḋe; agus biaiḋ aguiḃsi mar ordúġaḋ síorruiḋe ar feaḋ ḃur ngeinealaċ.
9Agus má ṫéid siḃ a ccogaḋ ann ḃur ndúṫaiġ a naġaiḋ na náṁad noċ ḃuaiḋrios siḃ, annsin buailfíḋe furḟograḋ leis na trumpaḋuiḃ; agus cuiṁneoċṫar siḃ a laṫair an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus sáorfúiġear siḃ ó ḃur náṁuid.
10Mar an gcéadna a ló ḃur luṫġáire, agus ann ḃur laeṫiḃ féasta, agus a ttosuiġiḃ ḃur míos, buailfiḋe ḃur ttrumpuiḋe ós cionn ḃur nofrála loiscṫe, agus ós cionn íoḋbarṫa ḃur nofrála síoṫċana; ċor go mbéid aguiḃ mar ċuiṁníuġaḋ a laṫair ḃur Nde: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
11¶ Agus táinic a ccríċ na fiṫċiodṁaḋ lá don dara ṁí, ánnsa dara ḃlíaḋan, gur tógḃaḋ súas a néull ó ṫabernacuil na fiaḋnuise.
12Agus do ġluaiseadar clann Israel iona tturus as fásaċ Ṡínái; agus do ḟosuiġ an néull a ḃfásaċ Ṗáran.
13Agus do ṫionnscnadar a tturus ar tús do réir aiṫne an TIĠEARNA lé láiṁ Ṁaóise.
14¶ Annsa ċead áit do ċuaiḋ brataċ ċampa ċloinne Iúdah do réir a slúaġ: agus do ḃí Nason ṁac Aminadab ós cionn a ṡlúaiġ.
15Agus ós cionn slúaiġ ṫreiḃe ċloinne Isaċar do ḃí Nataneel mac Suar.
16Agus ós cionn slúaiġ ṫreiḃe ċloinne Sebulun do ḃí Eliab ṁac Helon.
17Agus rugaḋ an tabernacuil sios; agus do ġluaisiodar mic Ġerson agus mic Ṁerári‐ar a náġaiḋ, ag iomċur an tabernacuil.
18¶ Agus do ġluais brataċ ċampa Reuben ar a háġaiḋ do réir a slúaġ: agus do ḃí Elisur ṁac Sedeur ós cionn a slóiġ.
19Agus do ḃí Selumiel ṁac Surisaddaí ós cionn slóiġ ṫreiḃe ċloinne Simeon.
20Agus ós cionn slóiġ ṫreiḃe ċloinne Gad do ḃí Elisaṗ ṁac Deuel.
21Agus do ġlúaisiodar na Cohatítiġ, ag iomċar na sanctóra: agus do ċuireadarsan eile an tabernacuil súas a gcoinne a tteaċda.
22¶ Agus do ġluais brataċ ċampa ċloinne Eṗráim do réir a slúaġ: agus ós cionn a narmála do ḃí Elisama ṁac Ammihud.
23Agus ós cionn slóiġ ṫreiḃe ċloinne Manasseh do ḃí Gamaliel ṁac Pedasur.
24Agus ós cionn slóiġ ṫreiḃe ċloinne Beniamin do ḃí Abidan ṁac Gideoni.
25¶ Agus do ġluais brataċ ċampa ċloinne Dán rompa, noċ do ḃí ar ḋeireaḋ na gcampaḋ uile ar faḋ a slúaġ: agus óscionn a sloiġ sin do ḃí Ahieser ṁac Amisaddai.
26Agus ós cionn slóiġ ṫreiḃe ċloinne Aser do ḃi Págiel ṁac Ocran.
27Agus ós cionn slóiġ ṫreiḃe ċloinne Naṗtali do ḃí Ahíran ṁac Enan.
28Mar so do ḃí aistior ċloinne Israel do reir a slúaġ, a nuáir do ġluaiseadar ar a náġaiḋ.
29¶ Agus a duḃairt Maóise ré Hobab, ṁac Raguel an Mídianíteaċ, aṫair ṁná Ṁaóise, Atamáoidne ag tríall gus a náit air ar laḃair an TIĠEARNA, ga ráḋ, Do ḃéura mé ḋáoiḃsi é: tárrsa linn, agus do ḋéanam maiṫ ḋuit: óir do laḃair an TIĠEARNA maiṫ do ṫáoiḃ Israel.
30Agus a duḃairt seision ris, Ní raċad; aċd raċad dom ḋúṫaíġ féin, agus go nuige mo ġáol.
31Agus a duḃairt seision, Na fág sinn, íarruim mar aṫċuinġiḋ órt; ó ṫarla a ḟios agad go ḃfuilmid ar tí campa ḋéanaṁ san ḃfásaċ, agus go mbia tusa a náit súl dúinn.
32Agus is aṁla ḃías, má ṫig tú linn, go deiṁin biáiḋ, gaċ maiṫ da ndéana an TIĠEARNA ḋúinne, do ḋéanuimne a leiṫéid duitsi.
33¶ Agus do imṫiġeadar ó ṡliaḃ an TIĠEARNA aístear ṫrí la: agus airc ċunnarṫa an TIĠEARNA ag imṫeaċd rompa a naistior na ttrí lá, diarruiḋ áite coṁnuiḋe ḋóíḃ.
34Agus do ḃíoḋ néull an TIĠEARNA orra fan ló, a nuáir do ṫéidís amaċ as an ḃfoslungṗort.
35Agus tárla, a núair do ġluáiseaḋ a náirc ar a háġuiḋ, go nabraḋ Maóise. Eiriġ súas, a ṪIĠEARNA, agus bíoḋ do naiṁde ar na scabaḋ; agus an drung ḟuaṫuiġeas tú teiṫidís roṁad.
36Agus a nuair do ċoṁnuiġeaḋ, déaraḋ sé, Ionntoiġ a ṪIĠEARNA, ċum na niomad milteaḋ ċloinne Israel.
Currently Selected:
Uiḃreaċa 10: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: