Nahum 2
2
Caibidil II.
Iaḋaḋ agus airgeaḋ Nineḃeh, leis na Caldeánaċaiḃ.
1An té ḃrisios a mbloḋuiḃ ṫáinic sé as coinne haiġṫe: taisgiḋ an daingion, coiṁéad an tsliġe, déana do leasraċ láidir, neartuiġ do ċuṁaċda go láidir.
2Oír do ċuir an TIĠEARNA oirḋearcus Iácob ar ccúl, mar oirḋearcus Israel: óir do ḟolṁuiġeadar luċt a nfolṁuiġṫe íad amaċ, agus do ṁilleadar a mbeangáin fíneaṁna.
3Do rinneaḋ scíaṫ a ḋáoineaḋ neartṁara dearg, atáid na fír ċúrata a scairléad daite: biáid na carbuid maille ré tóirsiġiḃ lasaṁla a ló a ullṁuiġṫe, agus béid na crainn ġiuṁuis ar crioṫ go húaṫḃásaċ.
4Béid na carbuid ar buile annsna sraidiḃ, gleicfiḋ gaċ díoḃ ré ar oile annsna sliġṫiḃ leaṫna: taisbeanfuid aṁuil tóirsiḃ, rioṫfuid cosṁuil ré teine.
5Aiṫṁeasfuiḋ sé a ḋaóine onóraċa: do ġeaḃuid síad tuisleaḋ iona siuḃal; do ḋéanuid deiṫnios ċum a ḃallasin, agus gléasfuiġear a ḋaingean.
6Oisceoltar geataḋa na sroṫann, agus scaóilfiġear an pálás.
7Agus béarṫar Husab ar siuḃal a láiṁ, do ḃéarṫar súas í, agus tréoroċuid a cailíniġ í aṁuil buḋ le gúṫ colum, ag búalaḋ a noċta.
8Aċt atá Nineḃeh ó nallód cosṁuil ré lóċán uisce: giḋeaḋ teiṫfid rompa. Seas, seas, éiġfid síad; aċt ni ḟéuċfuiḋ éanduine ná ḋiáiġ.
9Glacaiḋ siḃsi a néadáil airgid, glacaiḋ a néadáil óir: óir ní ḃfuil críoċ air an stór agus glóir amaċ as an ttrealaṁ mbreáḋa.
10Atá sí folaṁ, agus fáon, agus na fásaċ: agus leaġoiḋ an croiḋe, agus buailid na glúine a ċéile, agus atá iomad péine ann a nuile leasraċuiḃ, agus cruinniġiḋ a naiġṫe uile duiḃe.
11Cáit a ḃfuil coṁnuiġe na leoṁan, agus ionad beaṫa na leoṁan óg, mar a siuḃluiġionn leoṁan, eaḋon an seinleoṁan, agus cuiléin na leoṁan, agus ní ċuirionn duine ar bioṫ eagla orra?
12Dfúaduiġ an leoṁan go lór da ċuiléanuiḃ, agus do ṫeaċd sé dá leoṁanuiḃ buinionna, agus do líon sé a úaṁa lé creiċ, agus a ṗruċlais lé fúadaċ.
13Féuċ, atáimsi ad aġaiḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus loiscfíḋ mé a carbuid a ndeataċ, agus sluigfiḋ an cloiḋeaṁ a leoṁuin óga: agus géarrfa mé do ċreaċ ón ttalaṁ, agus ní cluinfiġear guṫ do ṫeaċtaḋ ní is mó.
Currently Selected:
Nahum 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: