YouVersion Logo
Search Icon

Micah 5

5
Caibidil V.
Beirṫe, oifig, agus úaċdranaċt Ċríosd.
1Anois cruinniġ ṫú féin a slúaġaiḃ, a inġean na slúaġ: do ċuir sé foslongṗort re ar naġaiḋ: buáilfid síad breiṫeaṁ Israel le slait air an ngrúaiḋ.
2Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda.
3Uimesin seaċoduiġ sé súas íad, nó go ttíġ an tam a mbéara an ḃean ṫorraċ: annsin fillfiḋ fuiġioll a ḋearḃráiṫreaċ go cloinn Israel.
4¶ Agus seasfuiḋ sé agus biaṫfuiḋ sé a neart an TIĠEARNA, a mórḋaċd anma an TIĠEARNA a Ḋía; agus fanfuid síadsan: óir anois biáiḋ sé mór go foirċeann na talṁan.
5Agus buḋ é an fearso an tsíoḋċáin, an tan ṫiucfas an Tassírianaċ dar ttir: agus an tan ṡailteorus ann ar bpálásaiḃ, annsin tóigfeam móirṡeisior áoḋaireaḋ na aġaiḋ, agus oċtar do ḋaóiniḃ prinnsiopalta.
6Agus fáiseoċuid síad tír na Hassíria leis an ccloiḋeaṁ, agus talaṁ Nimrod iona ḋula a steaċ: marso ṫáirṫeoċṫar sinn ó Nassiríanaċ, an tan ṫiucfas sé dar ttír, agus a nuáir ṡailteorus sé táoiḃ a stiġ dar tteórannuiḃ.
7Agus biáiḋ íarsma Iácob a measc ṁóráin daóine aṁuil drúċt ón TTIĠEARNA, aṁuil ceaṫa air an ḃféur, naċ ḃfanann re duine, agus naċ ḃfeiṫionn air ṁacaiḃ na ndaóine.
8¶ Agus biáiḋ íarḋraói Iácob a measg na ngeinteaḋ a lár ṁóráin daóine aṁuil leoṁan a measc ḃeaṫaċ na foraóise, aṁuil óg leoṁan a measg na ttréud cáoraċ: noċ, má ṫéid sé ṫrid, sailteoruiḋ sé síos agus fós stíallfniḋ sé na mbloḋuiḃ; agus ní ḟeadfuiḋ duine ar bioṫ sin do ṫarṫáil.
9Toigfiġear do láṁ súas ar do naiṁdiḃ, agus geárrfuiġear amaċ do naiṁde uile.
10Agus tiucfuiḋ a ccríċ annsa ló sin, a deir an TIĠEARNA, go ngéarrfa misi heaċruiġ amaċ as do lár, agus go millfiḋ mé do ċarbuid:
11Agus geárrfa mé amaċ caiṫreaċa do ḋúṫaiġ, agus teilgfiod síos do ḋaóine láidre:
12Agus geárrfa mé piseóga amaċ as do láiṁ; agus ní ḃiáiḋ fáistiniġ agad ní is :
13Geárrfa mé fós híoṁáiġe gráḃálta, agus híoṁáiġe feasta a maċ as do lár; agus ní aiḋeora tú ní is mó obair do láṁ.
14Agus tairreonga mé a níos do ġarráin as do lár; marsin scriosfa mé do ċaiṫreaċa.
15Agus do ḋéana mé dioġaltas a ḃfeirg agus a ndíḃḟeirg air na geintiḃ, a leiṫéid naċ ccúaladar a ríaṁ.

Currently Selected:

Micah 5: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in