YouVersion Logo
Search Icon

Micah 2

2
Caibidil II.
Anaġaiḋ ḟoirrneart, agus ṫairrġire ṁeaḃlaċ.
1Aṁairg don druing ṫionnscnas éigceart, agus oibriġios olc air a leabuiḋ! an tan is solus an ṁaidin, cuirid a ngnáṫ é, do ḃríġ go ḃfuil sé a ccuṁaċt a láṁ.
2Agus santuiġid síad fearuinn, agus beanuid amaċ íad lé foiréigion; agus tiġṫe, agus beirid leó íad: marsin sáruiġid duine gun a ṫiġ, eaḋon duine agus a oiġreaċd.
3Ar a naḋḃarsin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, a naġaiḋ na muinntirese tionscnuim olc, ó naċ áṫroċuiḋ siḃ ḃur muinéil; ní mó imṫeoċṫaói go ceannasaċ: oír is olc a naimsirsi.
4¶ Annsa lósin tóigfe duine cosaṁlaċd ḃur naġaiḋ, agus caoiḋfiḋ maille re caói ṫruáiġṁéile, agus a déaruid, Atámaoid millte go hiomlán: do ṁalairt sé coṁroinn mo ṗobail: ciondus do áṫruiġ sé uáimse é! do roinn sé ar maċaireaḋ uáinn, noċ do ṡáoileamar haiseogaiḋ ḋúinn féin
5Uimesin ní ḃiáiḋ duine ar bioṫ agad ṫeailgfios córda lé crannċair a ccoṁċruinniuġaḋ an TIĠEARNA.
6Ná tairrġiriḋ síḃsi, a deirid ris an ndruing ṫairrġirios: ní ḋéanaid fáiġeadoireaċd dóiḃsin, ċor naċ ḃfuiġid náire.
7¶ O ṫusa dar bainm tiġ Iácob, nar gearruiġeaḋ spiorad an TIĠEARNA? a níadso a ġníoṁa? naċ déanuid mo ḃríaṫrasa maiṫ don té ṡiuḃluiġios go hionruic?
8Eaḋon le tamall ó ṡin atá mo ṗobal ag éirġe súas aṁuil náṁuid: beantaói an róba amaċ maille ris an cculaiḋ don droing ġaḃus láiṁ riḃ go suáiṁneaċ aṁuil daóine suáiṁneaċ ó ċogaḋ.
9Do ṫeilgeaḃair amaċ mna mó ḋaóine ó na ttiġṫiḃ taitneaṁaċa; rugaḃair mo ġlóir ó na ecloinn go bráṫ.
10Eirġiḋ siḃsi, agus imṫiġiḋ; óir ní hé so ḃur ccoṁnuiġe: do ḃríġ go ḃfuil sé ar na ṡalċaḋ, millfe sé siḃsi, ré millteaċus mór.
11Má deir neaċ bréug, ag siuḃal annsa spioraid agus a neiṁḟírinne, ag raḋ, Tairrġirfiḋ misi ḋuit ar ḟíon agus air ḋiġ láidir; buḋ é sin féin faiġ an ṗobailsi.
12¶ Cruinneoċa mé ṫú go deiṁin, a Iácob uile; cruinneoċa mé go deiṁin larḋraói Israel, cuírfe mé a ḃfoċair a ċéile íad mar ċáorċaiḃ Bosrah, mar an ttréud a lár a mainriġe: do ḋéanad foṫrum mór do ḃríġ iomuid na ndaóine.
13Ṫáinic an bristeóir súas rompa: do ḃriseadar súas, agus do ġaḃadar ṫríd an ngeata, agus do ċúadar amaċ ann: agus raċuiḋ a ríġ rompa, agus an TIĠEARNA iona ccionn.

Currently Selected:

Micah 2: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in