Leḃiticus 25
25
Caibidil 25
Dliġṫe an iubile a gceann an tseaċdṁaḋ sabboid do bliaḋnuiḃ. 1 San ċáogad ḃlíaḋan.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise a slíaḃ Sínai, gá raḋ,
2Laḃair ré cloinn Israel agus abair riú, A nuáir ṫiucfuiḋe don dúṫaiḋ do ḃeirimse ḋáoiḃ, annsin cuinneoċuid an dúṫaiḋ sábbóid don TIĠEARNA.
3Sé blíaḋna ċuirfeas tú do ṁaċaire, agus sé blíaḋna leiseóċus tú ṫfinéaṁuin, agus ċruinneoċus tú a steaċ a toraḋ;
4Aċd annsa seaċdṁaḋ blíaḋan biáiḋ sáoire ṡuáiṁneasa don dúṫaiġ, sábbóid don TIĠEARNA: ni ċuirfe tú ṫfearann, agus ní ḋeiseoċa tú ṫfíneaṁuin.
5An ní ḟásas úaḋ féin dod ḟóġṁar ní ḃeanfa tú é, agus ní mó ċruinneoċus tú grápuiġe ṫfíneaṁna gan deasuġaḋ: óir is blíaḋuin ṡuáiṁneasa don dúṫaiḋ í.
6Agus biáiḋ sábbóid na dúṫaiḋ na ḃíaḋ aguiḃ; ḋuit féin, agus dod ṡerḃiseaċ, agus dod ċailin, agus dod óglaċ túarasdail, agus don ċoiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ad ḟoċair.
7Agus do náirnéis, agus don ḃeaṫaċ ḃías ann do dúṫaiġ, biáiḋ a mbiseaċ sin uile mar ḃíaiḋ ḋuit.
8¶ Agus áireóṁuíḋ tú seaċd sábbóidiġ do ḃlíaḋnuiḃ ḋuit, seaċd nuáire seaċd mblíaḋna; agus spás na seaċd sábbóid do ḃlíaḋnuiḃ biáiḋ ḋuitse na gceaṫraċad águs ná náoi mblíaḋnaiḃ.
9Annsin cuirfe tú fa deara stoc iubile do ṡéideaḋ, ar an deaċṁaḋ lá don tseaċdṁaḋ mí, a ló na síoṫa cuirfíḋe an stoc ḋá ṡéideaḋ ar feaḋ ḃur gcríċe uile.
10Agus naoṁoċuiḋ tú an cáogadṁaḋ bliaḋan, agus fuáigeorṫáoí sáoirse ar feaḋ na críċe uile do nuile áitreaḃaċ innte: biáiḋ na iubile agaiḃ; agus fillfe gaċ áon aguiḃ dá ṡeilḃ féin, agus fulfiḋ gaċ áonduine aguiḃ ċum a ṁuintire féin.
11Biáiḋ an cáogadṁaḋ blíaḋan sin na iubile aguiḃ: ní ċuirfíḋe, agus ní ḃeanfuiḋe an ní ḟásas uaiṫe féin inte, agus ní ċruinneoċa inte cáora ṫfinéaṁna gan deasuġaḋ.
12Oír is é sin an iubile; biáiḋ náoṁṫa agaiḃ: iostáoi a ḃiseaċ amaċ as an maċaire.
13A mblíaḋuin an iuḃile so fillfiḋe gaċ áonduíne aguiḃ dá ṡeilḃ féin.
14Agus má reacann tú éainni red ċoṁarsuinn, nó má ċeannċann tú éainní as láiṁ do ċoṁarsann, ní ṡáireoċtáoi a ċéile.
15Do réir uiḃre na mbliaḋan tar éis an iubile coinneoċuiḋ tú ód ċoṁarsuinn, águs do reir uiḃre ḃlíaḋan na ttórṫa reacfas sé riot:
16Do réir iomad na mblíaḋan méideoċuiḋ tú a lúaċ sin, agus do réir laiġead ná ṁlíaḋan laiġdeoċúiḋ tú a lúaċ: óir is é uiḃir na blíaḋan ttórṫa reacfus seision riotsa.
17Ar a naḋḃarsin ní ċuirfíḋe a ċéile síos; aċd biáiḋ eagla do Ḋé ort: óír is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
18¶ Uime sin do ḋéantáoi mo statúidiġ, agus coiṁéadfuiḋe mo ḃreiṫeaṁnus, agus do ḋéantáoi íad; agus áiteoċṫáoi annsa dúṫaiġ gan ḟaitċios.
19Agus do ḃéura an talaṁ a ṫoraḋ, agus íóstáoise ḃur sáiṫ, agus áiteoċṫáoi ann gan ḟaitċios.
20Agus má déarṫáoi, Créud íosam annsa seaċdṁaḋ blíaḋan? feuċ, ní ḋéanam síolċur, agus ní ċruinneoċam a steaċ ar mbiseaċ:
21Ansin áiṫeonuiḋ misi dom ḃeannuġaḋ ṫeaċd oruiḃ annsa seiseaḋ blíaḋan, agus do ḃéura toraḋ ṫrí mbliaḋan úaḋ.
22Agus cuirfiḋe siol an toċdṁaḋ blíaḋan, agus íostáoi fós don tseantoraḋ go nuige an náoṁaḋ blíaḋan; nó go ttig a ṫarḃa a steaċ íostaoi don tseantoraḋ.
23¶ Ní reacfuiġear an fearann go síorruiḋe: óir is liomsa an fearann; óir do ḃáḋḃairse ḃur ccoiṁiġṫiḃ agus ḃur náos éanuáire am ḟoċairsi.
24Agus ar feaḋ ḟearuinn ḃur seilḃe áontoċṫáosi fúasglaḋ ar a dúṫaiḋ.
25¶ Ma ḃoċduiġear do ḋearbraṫair, agus go reacfuiḋ ḋá ṡeilḃ uaḋ, agus go ttiucfaḋ éanduine dá ġáol dá ḟúasglaḋ, annsin fuáisgeola sé an ní do reac a dearbráṫair.
26Agus muna raiḃ éanduíne ag an óglaċ ḟúasglas é, agus go mbía féin cuṁaċdaċ ar a ḟúasglaḋ;
27Annsin áirṁeaḋ sé blíaḋna an reacṫa, agus aisigeaḋ an bárr do nóglaċ rer reac sé é; cor go ma héidir leis filleaḋ iona ṡeilḃ féin.
28Aċd muna mbía cuṁaċdaċ ar aísiog ḋó, annsin an ní do reac sé fuireóċṫáoi a láiṁ an tí do ċeannuiġ é nó go ttí blíaḋuin an iubile: agus raċuiḋ amaċ ionsa iubile, agus fillfiḋ seision iona ṡeilḃ.
29Agus má reacann duine tiġ coṁnuiḋe a gcaṫruiġ ḃalla, annsin féaduiġ sé a ḟúasglaḋ a ccionn ḃlíaḋna go hiomlán tar éis a reaca; a gcionn ḃlíaḋna iomláine féaduiġ sé a ḟúasglaḋ.
30Agus muna ḟúascaltar é táoḃ a stiġ do spás blíaḋna iomláine, annsin an tíġ ḃías san caṫruiġ ḃalla biáiḋ daingion go bráṫ ag an té ċeannoċus é ar feaḋ a ṡleaċda: ní raċuiḋ amaċ annsa iubile.
31Aċd tiġṫe na mabaílteaḋ naċ bíaḋ balla na ttimċioll measfuiġear íad mar ṁaċaire ná tíre: is éidir a ḃfúasglaḋ, agus raċuiḋ amaċ annsa iubilé.
32Giḋeaḋ caiṫreaċa na Leḃíteaċ, agus tiġṫe caiṫreaċ a seilḃe, féadfuid na Leohítíġ a ḃfúasglaḋ gaċ éanuáir.
33Agus má ċeannċann duine ó na Leḃítiḃ, annsin an tíġ do reacaḋ, agus caṫair a ṡeilḃe, raċuid amaċ a mblíaḋuin an iubilé: óir is íad tiġṫe ċaiṫreaċ na Leḃíteaċ a sealḃ a measc ċloinne Israel.
34Aċd ní féadṫar maċaíre foṫċaiṫreaċa a gcaiṫreaċ do reic; óir is í sin sealḃ ṡíorruiḋe.
35¶ Agus má boċduiġeaḋ do ḋearbráṫair, agus go ttiutfiḋ a nainnisi agad; annsin tárṫoċuiḋ tú é: fós má ḃíonn sé na ċoiṁiḋṫeaċ, nó na oiḋe; ionnus go ḃféudfaḋ sé marṫuin ad ḟoċair.
36Ná glacsa úsúireaċd nó biseaċ ar bíṫ naḋ: aċd bíoḋ eagla do Ḋé ort; ionnus go ḃféudfaḋ do ḋearḃráṫaír marṫuin ad ḟóċair.
37Ní ṫiuḃra tú ṫairgead ḋó ar úsúireaċd, agus ní áirlícfe tú dó ḃiaḋ ḋó ar ḃiseaċ.
38Is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía, ṫug amaċ as críċ ná Hegípte siḃ do ṫaḃairt tíre Ċánaain ḋáoiḃ, agus dom ḃeiṫ am Ḋía aguiḃ.
39¶ Agus má ṫáinic do ḋearḃráṫair ḃías láiṁ riot ċum boċduine, agus go reacfuiġear riot é; ní ċuirfe tú dfíaċaiḃ sir foġnaṁ ḋuit aṁuíl ḋuíne ḋáor:
40 Aċd aṁuil ṡerḃíseaċ tuarusdail, agus mar oiġiḋ ḃías agad, agus foíġeonuiḋ ḋuit go blíaḋuin an iubilé:
41Agus annsin imeoċuíḋ uait, aráon é féin agus a ċlann maille ris, agus fillfiḋ ċum ṫeaġlaċ féin, agus fillfiḋ seision go seilḃ a aiṫreaḋ.
42Oír is íad mo ṡerḃísiġsi íad, noċ ṫug mé amaċ as críċ na Hégipte: ní reacfuiġear mar ḋáoiniḃ dáora íad,
43Ní ríaġloċa tú ós a ċíonn lé diḃfeirg; aċd bíáiḋ éagla do Ḋé ort.
44Aráon do ḋáoirsineaċ fear, agus do ḋáóírsineaċ ban, noċ ḃías agad, béid do na geintiḃ atá ar gaċ táoḃ ḋiot; is díoḃ sin ċeinneoċus tú fir ḋáora agus mna dáora.
45Os a ċionn sin do ċloinn na gcoiṁiḋṫeaċ ḃías eanuáire ḃur measc, uaṫa sin ċeinneoċaói, agus ó na dteaġlaċ ḃías mar áon riḃ, noċ rugaḋ ann ḃur ttír: agus béid na séilḃ aguiḃ.
46Agus glacfuiḋe ċugaiḃ íad mar oiġreaċd da ḃur gcloinn ḃur ndiáiġ, da séalḃuġaḋ mar oiġreaċd; beid na ndáoirsineaċuiḃ aguiḃ go bráṫ: aċd os cionn ḃur ndearḃraiṫreaċ clann Israel, ní ḋéantáoi naċdaránaċd ar a ċéile go díḃḟeirgeaċ.
47¶ Agus má ḟásann oiḋe nó coiṁiḋṫeaċ sáiḋḃir láiṁ riot, agus do ḋearḃraṫair ċoṁnuiġeas láiṁ ris dfás boċd, agus go reacfuiḋ é féin ré hoiḋe, nó re coiṁiḋṫeaċ láiṁ riot, nó ré bunaḋ ṁuinntire an ċoṁiḋṫiġ:
48Tar éis a reaca as éidir a ḟúasglaḋ a rís; féudfuiḋ duine dá ḋearḃráiṫriḃ a ḟúasglaḋ:
49Féaduiġ dearḃráṫair a aṫar, nó mac a ḋearḃráṫar a ḟuasglaḋ, nó gaċ áonduine da ḃfuil fógus a ngáoi dó dá ċineaḋ is éidir ḋó a ḟúasglaḋ; nó ma ṫig sé ḋe féin, féuduiġ é féin dfúasglaḋ.
50Agus do ḋéana cuntas ris an té do ċeannuiġ é on ḃlíaḋuin ar reacaḋ ris é go ḃlíaḋuin an iubilé: agus biáiḋ lúaċ a reaca do réir uíḃre ná mblíaḋan, dé reir aimsire ógláoiċ túarusdail ḃías sé aíge.
51Má ḃíonn morán blíaḋan ar gcúl fós, do ḃéura ḋó dá réir sin lúaċ a ḟúascuilte as a nairgead air ar ceannċaḋ é.
52Agus muna raiḃ aċd beagán blíaḋan go bliaḋuin an iubile, annsin do ḋéana cuntás ris, agus do réir a ḃliaḋan do ḃéura ḋó a rís lúaċ a ḟúascailte.
53 Agus bíáiḋ sé aige do nós ógluíḋ túarasduil blíaḋnaṁuil: agus ní ḃía ríaġlaḋ díḃfeirgeaċ ag an ḃfear eile ós a ċionn ánn do raḋarc.
54Agus muna ḃfúascaltar ann sna blíaḋnuiḃsi é, annsin raċuiḋ amaċ a mbliaḋuin an iubilé, é féin, agus a ċlann leis.
55Oír is agamsa atáid clann Israel na serḃíseaċuiḃ; is íad mó ṡerḃísiġ íad noċ ṫug mé amaċ ás críċ na Hégipte: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
Currently Selected:
Leḃiticus 25: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: