Leḃiticus 21
21
Caibidil 21
Aóigeasg an deaġ-ṡagairt.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, Laḃair ris na sagartuiḃ clánn Aáron, agus abair ríu, Ní ḃiaiḋ éanduine ar na ṫruáilleaḋ ar son na marḃ a measc an ṗobail:
2Aċd ar son a ġaoil, ḃías fogus dó, ar son a ṁaṫar, agus ar son a aṫar, agus ar son a ṁic, agus ar son a inġiné, agus ar son a ḋearḃraṫar,
3Agus ar son a ḋeirḃṡeaṫraċ atá na maiġdin, a ḃfogus dó, ag naċ raiḃ fear; ar a son sa as éidir leis ḃeiṫ ar na ṫruáilleaḋ.
4 Aċ ní ṫruaillfiḋ é féin, ar mbeiṫ na ḋuine onóraċ a measc a ḋáoíne, dá ḋéanaṁ féin míoṫaitneaṁaċ.
5Ní ḋéanuid maóile na gcéannuiḃ, ní ḃearrfuid táoḃ a ḃféasog, ní mo ḋéanuid gearraḋ ar biṫ na bfeóil.
6Béid síad náoṁṫa ċum a Ndé, agus ní ṫarcuisneoċuid síad ainm a Ndé: óir ofrála an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus arán a Ndé, ofráluid siad: uime sin béid náoṁṫa.
7Agus ní ṫiuḃraid bean ḃías na stríapuiḋ, nó truailliġṫe; ní mo ḃéaruid bean ċuirfiġear ó na fear: óir atá sé náoṁṫa dá Ḋía.
8Naóṁṫoċuiḃ tu é ar a naḋḃar sin; óir ofráluiḋ sé arán do Ḋé: biaiḋ se náoṁṫa ḋuit: óir misi an TIĠEARNA, noċ náoṁṫas tusa, a táim náoṁṫa.
9¶ Agus ma ṫruailliġean inġean éansagairt í féin lé stríapaċus, truáillfiḋ sí a haṫair: loiscfíġear le teiniḋ í.
10Agus an té ḃias na árdṡagart a measc a ḋearḃráiṫreaċ, air ar dóirteaḋ a nola ungṫa ar a ċeann, agus do coisregaḋ do ċur na néaduiġe air, ní noċdfuiḋe a ċeann, agus ní ḃrisfíḋe a éadaċ;
11Ní mó raċus a steaċ go héanċorp marḃ, nó ṡaileoċus é féin ar son aṫar, nó a ṁaṫar;
12Ní mó raċus a maċ as an tsanctóir, nó ṫruáillfeas sanctóir a Ḋe; óir atá coróin ola náoṁṫa a Ḋé air: mísi an TIĠEARNA:
13Agus do ḃéura sé bean iona maiġdionas.
14Baintreaḃaċ, nó bean ḋealuiġṫe, nó bean ṫruáilliġṫe, nó meirdreaċ, ní ṫiuḃra sé íad sin: aċd do ḃéura sé maiġdion da ḋaóiniḃ féin na mnáoi.
15Ní mó ṫruaillfeas a ṡíol a measc a ḋaóine: óir mísi an TIĠEARNA náoṁuim é.
16¶ Agus do laḃaír an TIĠEARNA re Maóisi, ḋá ráḋ,
17Laḃair re Háaron, ga ráḋ, Gioḋ bé ar biṫ ḃías dot ṡlioċd iona ngeineleaċuiḃ, ar a mbía aineaṁ ar biṫ, ná tigeaḋ a gcoṁḟogus dofráil aráin a Ḋé.
18Oir gioḋ bé ar biṫ duine ar a mbía áineaṁ, ní ṫiucfa se a ngar ḋi: duine dall, no bacaċ, no an té gá mbía srón leaċta, no éinni iomarcaċ,
19Nó duine aga mbi a ċos briste, nó a láṁ briste,
20Nó cruitín, no aḃac, nó air a ḃfuil aineaṁ ar a ṡúil, nó ḃías claṁ nó gearbaċ, nó an té ga mbrisfiġear a ċloċa;
21Ní ṫiucfa áonduine do ṡíol Aáron an sagart ar a mbía aineaṁ a ngoire díoḋbuirt ofrala an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ: atá sé aineaṁaċ; ní tiucfa sé a ḃfogus dofráil aráin a Ḋé.
22Iósuiḋ sé arán a Ḋé, a ráon don ro náoṁṫa, agus náoṁṫa.
23A ṁáin ní raċuiḋ táoḃ a steaċ do nfolaċ, nó a ḃfogus do naltóir, do ċíonn go ḃfuil aineaṁ air; ionnus naċ ttruáillfiḋ mó ṡanctoir: óir misi an TIĠEARNA do náoṁuiḋ mé íad.
24Agus do innis Maóisi sin do Aáron, agus dá ṁacaiḃ, agus do ċloinn Israel uile.
Currently Selected:
Leḃiticus 21: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: