Leḃiticus 15
15
Caibidil 15
Creaċd silt na mfear. 13 Agus an glanaḋ. 19 Silt na mban. 28 Agus a nglanaḋ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus ré Haáron, gá ráḋ,
2Laḃair ré cloinn Israel, agus abair ríu, A nuáir ḃías creáċd ar silt ar aonduine as a ḟeóil, do ḃríġ créaċd a ṡilte atá se neaṁġlan.
3Agus buḋ é so a neaṁġloine iona ċreaċd: má riṫionn a ḟeóil léis an ccréaċt, no má ḟanann a ḟeóil óna ċreaċd, is é a neaṁġloine é.
4Agus gaċ uile leaba ar a luiġfiḋ sesion ar a ḃfuil an tsilt, atá neaṁġlan: agus gaċ ní ar a suiḋfe sé, biáiḋ neaṁġlan.
5Agus gioḋ bé ar biṫ ḃeánfus ré na leabuiḋ niġfiḋ a éadaċ, agus fóṫruicfiḋ é feín a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
6Agus gioḋ bé ar biṫ ṡuiḋfeas ar an áit ar ṡuiġ an té ar aḃfuil an ċréaċd niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
7Agus an té ḃeanas re feóil an té ar a ḃfuil an ċréaċt niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
8Agus ma ċuirionn an té ar a ḃfuíl an ċréaċt a ṡilt ar an tí ḃíos glan; annsin niġfiḋ an té sin a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
9Agus gioḋ bé ar biṫ díalláoid iona suiḋfe sesion ar a mbía an ċréaċt biaiḋ neaṁġlan.
10Agus gioḋ bé ar biṫ ḃeanas ré háoinní dá mbía faói biáiḋ neaṁġlan go nóin: agus gioḋ bé ar biṫ iomċras éinní ḋíoḃ sin niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
11Agus gíoḋ bé ar biṫ re mbeanfa an té ar a mbía an ċréaċt, agus nar ṁeasc a láṁa a nuisce, niġfiḋ sé a éadaċ, agus foṫruicfiḋ sé é féin a nuisce, agus biaiḋ neaṁġlan go nóin.
12Agus an soiṫeaċ críaḋ, ré mbeanfa an té ar a ḃfuil an ċréaċd, brisfíġear é: agus meascfuiġear gaċ uile ṡoiṫeaċ croinn a nuisce.
13Agus a nuáir ġlantar an tí ar a mbía an tsilt óna ċréaċt; ann sin áireoṁuiġ sé ḋó féin seaċt lá ċum a ġlanta, agus niġfiḋ a éadaċ, agus ḟoṫruicfiḋ a ḟeóil a nuisce riṫe, agus biáiḋ glan.
14Agus ar a noċdṁaḋ lá glacfuiḋ ċuige ḋá éun turtuire, nó ḋá ċolum óga, agus tiucfa a laṫair an TIĠEARNA go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruínniġṫe, agus do ḃéura don tsagart íad:
15Agus ofráilfiḋ an sagart íad, áon aca ar son ofrála peacaiḋ, agus an dará héun ar son ofrála loiscṫe; agus do ḋéana an sagart síṫ ar son a ṡilte a laṫair an TIĠEARNA.
16Agus ma imṫiġeana a ṡíol coiṁriaċtanuis ó éanduine, annsin niġfiḋ a ḟeóil uile a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
17Agus gaċ uile éadaċ, agus gaċ uile ċroicionn ar a mbía síol an ċoiṁriaċdanuis, niġfiġear lé huisce é, agus biáiḋ neaṁġlán go nóin.
18An ḃean mar an gcéadna lé luiḋfe fear maille re síol an ċoiṁríaċdanuis, foṫruicfiḋ íad a ráon a nuisce, agus béid neaṁġlan go nóin.
19¶ Agus má ḃíon silt ar ṁnáoi, agus go mbía a silt iona feóil na fuil, cuirfiġear ar leiṫ seaċt lá í: agus gioḋ bé ar bíṫ ḃeanas ría biáiḋ neaṁġlan go nóin.
20Agus gaċ uile ní iona luiḋfíḋ sí iona leiṫreaċus biáiḋ neaṁġlan: gaċ einni mar an gcéadna ar a suiḋfiḋ sí biáiḋ neaṁġlan.
21Agus gioḋ bé ar biṫ ḃeanas ré na leabuiḋ niġfiḋ sé a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
22Agus giḋ be ar biṫ ḃeanas ré héainni air ar ṡuíḋ sí, niġfiḋ sé a éadaċ, agus foṫruicfiḋ sé é féin a nuisce, agus biaiḋ neaṁġlan go nóin.
23Agus mas ar a leabuiḋ, nó ar éainni air ar ṡuiḋ sí, a nuáir ḃeanfas sé ris, biáiḋ neaṁġlan go nóin.
24Agus má luiġíonn duine ar biṫ aice ar éanċor, agus a fuíl ṁíos ḃeiṫ air, biáiḋ sé neaṁġlan seaċd lá; agus biáiḋ an leaba uile ar a luiḋfiḋ sé neaṁġlan.
25Agus má ḃíonn silt ḟola ar ṁnáoi mórán do láeṫiḃ ós aimsir a leiṫreaċuis, no má riṫionn tar aimsir a leaṫreaċuis; láeṫe silte a neaṁġlaine béid uile mar láeṫe a leiṫreaċuis: biáiḋ sí neaṁġlan.
26Gaċ uile leaba ar a luiḋfiḋ sí feaḋ láeṫeaḋ a silte biáiḋ sí mar leabuiġ a leiṫreaċus: giḋ bé ar biṫ ní ar a suiḋfiḋ sí fós biáiḋ neaṁġlan, mar neaṁġloine a leiṫreaċuis.
27Agus giḋ bé ar biṫ ḃeanas ris na neiṫiḃ sin biáiḋ neaṁġlan, agus niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
28Agus má ġlantar í óna silt, annsin aireoṁuid ḋi fein seaċd lá, agus na ḋiaiġ sin biáiḋ si glan,
29Agus ar a noċdṁaḋ lá géaḃuiḋ sí ċuicṫe ḋá ṫurtuire, nó ḋá ċolum óga, agus béura ċum an tsagaírt íad, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.
30Agus ofráilfiḋ an sagart áon aca mar ofráil ṗeacaiḋ, agus an dara mar ofráil loiscṫe; agus do ḋéana an sagart síṫ ar a son a láṫair an TIĠEARNA ar son silte a neaṁġloine.
31Mar so ḋeileóċuid clann Israel ré na neaṁġloine; ionnus naċ ḃfaġaid bás iona neaṁġloine, a nuáir ṫruáillid mo ṫabernacuilsi atá na measc.
32 Is é so ḋġeaḋ an té ar a mbí silt, agus an té a raċuiḋ a ṡíol uaḋa, agus a saileoċṫar leis sin é;
33Agus an ḃean ḃías tinn ó na bláṫ, agus an tí ar a mbía créaċd ṡilteaċ, an ḟir, agus na mná, agus an té luiḋeas lé noċ atá neaṁġlan.
Currently Selected:
Leḃiticus 15: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: