YouVersion Logo
Search Icon

Leḃiticus 14

14
Caibidil 14
Moḋ ġlanta na lúḃra, a nduine. 33 Agus a ntiġ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, ḋá ráḋ,
2Buḋ é so dliġeaḋ an loḃair a ló a ġlanta: do ḃearṫar ċum an tsagart é:
3Agus raċuiḋ an sagart amaċ as an ḃfoslongṗort; agus féuċfuiḋ an sagart é, agus féuċ, ḃíonn loit na lúḃra léiġeasta anna loḃar;
4Annsin do ḃéura an sagart fá deara ḋa éun do ġaḃail beó agus glan, don tí ḃías ré a ġlanaḋ, agus connaḋ cé dair, agus scárláoid, agus íosoip:
5Agus aiṫeonuiḋ an sagart éun ḋíoḃ do ṁarḃaḋ a soiṫeaċ ċríaiḋ ós cionn uisce reaṫa:
6Ar son a neóin ḃeó, glacfuiḋ é, agus an connaḋ céadair, agus an scárláoid, agus an tiosoip, agus tumfuiḋ íad agus an téun beó a ḃfuil a neóin do ṁarḃaḋ ós cionn a nuisce reaṫa:
7Agus croiṫfiḋ ar an tí ḃías ré ġlanaḋ on lúḃra seaċd nuáire é, agus foillseoċaiḋ é ḃeiṫ glan, agus scáoilfiḋ amaċ an téun beó fán maċaire réiḋ.
8Agus niġfiḋ an té ḃías ré ġlanaḋ éadaċ, agus béarfuiḋ a ḟionnaḋ uile ḋe, agus niġfiḋ é féin a nuisce, ċor go mbia glan: agus na ḋiáiġ sin tiucfa do nḟoslungṗurt, agus fanfuíḋ a muiċ as a lóistin seaċd lá.
9Aċd is ar an seaċdṁaḋ lá, ḃéarrfas a ḟionnaḋ uíle dá ċeann agus da ḟéasóig agus do ṁailġiḃ a ṡúl, eaḋon bearrfuiḋ a ḟionnaḋ uile ḋe: agus niġfiḋ a éadaċ, niġfiḋ fós a ḟeóil a nuisce, agus biáiḋ sé glan.
10Agus annsa noċdṁaḋ lá glacfuiḋ sé ḋá úan ḟirionna gan ċaiḋe, agus úan buinionn don ċéadḃhaḋuin gan ċáiḋe, agus trí deaċṁaḋ cuid do ṗlúr ṁín mar ofráil ḃíḋ, cumaisċte le hola, agus éan log ola.
11Agus an sagart do ḋéanas glan é béaruiḋ se an duine ḃías ré ġlanaḋ, agus na neiṫesin, do laṫair an TIĠEARNA, ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe:
12Agus glacfuiḋ an sagart éanúan firionn, agus ofrálfuiḋ é mar ofráil ṡáruiġṫe, agus an log ola, agus croiṫfiḋ íad mar ofráil luáimniġ do láṫair an TIĠEARNA:
13Agus muirfiḋ sé án túan annsa náit a muirfiḋ a nofráil ṗeacaiḋ agus a nofráil loiscṫe, annsa náit náoṁṫa: óir mar is leís an tsagart a nofráil ṗeacaiḋ, is leis mar sin a nofráil ṡáruiġṫe: atá sí ró náomṫa:
14Agus glacfuiḋ an sagart cuid dfuil ofrála an tsáruiġṫe, agus cuirfiḋ an sagart sin ar ḃarr cluáise deise an té ḃías ré ġlanaḋ, agus ar ordóíg a láiṁe deise, agus ar ordóig a ċoise deise:
15Agus glacfiḋ an sagart cuid don log ola, agus dóirtfiḋ ar ċlár a ḋéarnoide clé féin í:
16Agus tumfuiḋ an sagart a ṁéar deas annsa nola atá iona láiṁ ċlé, agus croiṫfiḋ a nola lé ná ṁéur seaċd nuáire an coinne an TIĠEARNA:
17Agus cuid eile do nola atá iona láiṁ cuirfiḋ an sagart ar ḃár cluaise deise an té ḃías ré ġlanaḋ, agus ar ordóig a láiṁe deise, agus ar ordóig a ċoise deise, ar ḟuil na hofrála sáruiġṫe:
18Agus fuiġeall na hola ḃias a láiṁ an tsagairt dóirtfiḋ sé ar ċeann an tí ḃías ré ġlanaḋ: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a laṫair an TIĠEARNA.
19Agus ofráilfiḋ an sagart a nofráil ṗeacaiḋ, agus do ḋéana siṫ ar son an tí ḃías ré ġlanaḋ ó na neáṁġloine; agus na ḋiáiġ sin muirfiḋ a nofráil loiscṫe.
20Agus ofráilfiḋ an sagart ofrail loiscṫe agus a nofráil ḃíḋ ar a naltóir: agus do ḋéana an sagart síṫ ar a ṡon, agus biáiḋ glan.
21Agus má ḃíonn boċd, agus naċ ḃfuiġe an oiread sin; annsin glacfuiḋ éan úan aṁáin mar ofráil ṡáruiġṫe ré na ċroṫaḋ, do ḋéanaṁ síṫe ḋó, agus áoindeaċṁaḋ cuid do ṗlúr ṁín ċumaiscṫe le hola mar ofráil ḃíḋ, agus log don ola;
22Agus ḋá ṫurtuire, nó ḋá ċolum óga, an ní is éidir leis a ḟaġáil; agus biáiḋ eun díoḃ na ofráil ṗeacaiḋ, agus an dara héan na ofráil loiscṫe.
23Agus do ḃéura leis an toċdṁaḋ lá íad ar son a ġlanta ċum an tsagairt, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA.
24Agus glacfuiḋ an sagart úan na hofrála sáruiġṫe, agus an log ola, agus croiṫfiḋ an sagart íad mar ofráil ċroitṫe as coinne an TIĠEARNA:
25Agus muirfiḋ sé úan na hoffrála sáruiġṫe, agus glacfuiḋ an sagart cuid dfuil na hofrála saruiġṫe, agus cuirfiḋ é ar ḃárr ċuáise deise an té ḃías re ġlanaḋ, agus ar ordóig a láiṁe deise, agus ar ordóig a ċoise deise:
26Agus dóirtfiḋ an sagart do nola ar ċlár ḋéarnoide clé féin:
27Agus dóirtfiḋ an sagart lé ná ṁéur deas cuid do nola ḃías iona láiṁ ċlé seaċd nuáire a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
28Agus cuirfiḋ an sagart do nola ḃías iona láiṁ uaḋa ar ċluáis deis an té ḃías ré ġlanaḋ, agus ar ordóig a láiṁe deise, agus ar ordóig a ċoise deise, ar áit fuil na hofrála sáruiġṫe:
29Agus an ċuid eile do nola ḃías a láiṁ an tsagairt cuirfiḋ sé ar ċeann an té ḃías re ġlanaḋ, do ḋéanaṁ sioḋa ḋó a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA.
30Agus ofrálfuiḋ áon do na héanuiḃ turtuire, nó do na columuiḃ óga, giḋ bé aca ġeaḃas sé;
31 Eaḋon an ní ḟéadfas dfaġáil, áon ar son ofráil peacaiḋ, agus an dara héun ar son ofrála loiscṫe, maille ris a nofráil ḃíḋ: agus do ḋéana an sagart síṫ ar son an té ḃías ré ġlanaḋ as coinne an TIĠEARNA.
32As é so dliġeaḋ an té iona mbía loit na lúḃra, agus naċ ḃfuil do ċumus na láiṁ an ni ḃeanas ré na ġlanaḋ dfaġáil.
33¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise agus ré Háaron, ḋa ráḋ,
34A nuáir ṫiucfuiḋe go tír Ċanáin, noċ do ḃeirimsi ḋáoiḃ mar ṡeilḃ, agus ċuirfeas mé loit na luḃra a ttiġ da ḃur ḃfearann seilḃe;
35Agus go ttiucfa an té ler leis an tiġ agus inneosa sé don tsagart, dá ráḋ, Do ċíṫéar ḋaṁsa mar do ḃíaḋ pláiġ annsa tiġ:
36Annsin fuáigeoruiḋ an sagart dóiḃ an tiġ ḟolṁuġaḋ, suil raċus an sagart a steaċ ann dféaċuin na loite, ċor naċ deantaoi a mbía annsa tiġ uile neaṁġlan: agus na ḋiáiġ sin raċuiḋ an sagart a sdeaċ dféuċum an tiġe:
37Agus féuċfuiḋ ar an loit, agus feuċ, mas a mballuiḋiḃ an tiġe ḃías an loit lé stríoċuiḃ tolla, glasaṁla no gné ḋeirge, noċ is ísle ré a ḟéuċuin nó an balla;
38Annsin raċuiḋ an sagart amaċ as an ttiġ go dorus an tiġe, agus druidfiḋ súas an tiġ seaċd lá:
39Agus tiucfuiḋ an sagart a ris an seaċdṁaḋ lá, agus féuċfuiḋ: agus ma leaṫnuiġeann an loit a mballuiḃ an tiġe;
40Annsin aiṫeonuiġ an sagart ḋioḃ ná cloċa do ḃuáin as iona mbía an loit, agus teilgfiḋ amaċ a náit ṡalaiḋ íad táoḃ a muiċ don ċaṫruiġ:
41Agus do ḃéura fá deara an tiġ do scriosaḋ fa gcuáirt táoḃ a stiġ, agus dóirtfiḋ amaċ an lúaiṫreaḋ scriosfuiḋ síad ḋe táoḃ amaċ don ċaṫruiġ a náit neaṁġloin:
42Agus glacfuiḋ cloċa eile, agus cuirfiḋ a náit na gcloċsin íad; agus glacfuíḋ moirtéul eile, agus pláistreoċuiḋ an tiġ.
43Agus ma ṫig an loit a ris, agus go mbrisfiḋ amaċ annsa tiġ, tar éis na gcloċ do ḃuáin as dó, agus tar éis an tiġe do scríoḃaḋ, agus tar éis a ḋóbalta;
44Annsin tiucfuiḋ an sagart agus féuċfuiḋ, agus féuċ, leaṫnuiġeann an loit annsa tiġ, is lúḃra crínteaċ é annsa tiġ: atá neaṁġlan.
45Agus brisfiḋ síos an tiġ, a ċloċa, agus aḋmad, agus moirtéul an tiġe uile; agus iomċóruiḋ amaċ as an gcaṫruiġ íad ċum ionaid neaṁġlan.
46Os a ċionn so giḋ bé ar biṫ raċus a steaċ san tiġ ar feaḋ na haimsire ata druite súas biaiḋ neaṁġlan go nóin.
47Agus an té luiġfeas annsa tiġ niġfiġ a éadaċ; agus an té iosas annsa tiġ niġfiḋ a éadaċ.
48Agus má ṫig an sagart a steaċ agus féaċuin air, agus féuċ, muna ar leaṫnuiġ an loit annsa tiġ, tar éis an tiġe do ṗlástráil: annsin fuáigeoruiḋ an sagart an tiġ glan, do ċionn gur leiġiseaḋ an loit.
49Agus glacfuiḋ sé do ġlanaḋ an tiġe, ḋá éun, agus maide cédair, agus scárlaoid, agus íosoip;
50Agus miurfiḋ éun díoḃ a soiṫeaċ ċríaiḋ os cionn uisce reaṫa:
51Agus glacfuiḋ an maide cédair, agus an íosoip, agus a scárláoid, agus an téun beó, agus tumfuiḋ íad a ḃfuil a néun ṁairḃ, agus annsa nuisce reaṫa, agus croiṫfiḋ san tiġ seaċd nuáire é.
52Agus glanfuiḋ an tiġ lé fuil a neóin, agus leis a nuisce reaṫa, agus leis a néun ḃeó, agus leis an maide cédair, agus leis a níosoip, agus leis a scárláoid:
53Aċd léigfiḋ do néun ḃeó imṫeaċd amaċ as an gcaṫruiġ ċum an ṁaċaire réiḋ, agus do ḋéana sé síṫ don tiġ: agus biáiḋ glan.
54As é so dliġeaḋ gaċ uile ṡórt loite lúḃra, agus ċarra,
55Agus do lúbra éaduiġ, agus tiġe,
56Agus ar at, agus ar ġeirb, agus ar ḃallscóid ṡoillsiġ:
57Da ṫeagasg a nuáir ḃías neaṁġlan, agus a nuáir ḃías glan: a sé so dliġeaḋ na lúḃra.

Currently Selected:

Leḃiticus 14: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in