Leḃiticus 12
12
Caibidil 12
Glanta na mban tar eís tuismeaḋ.
1Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maoise, ḋá ráḋ,
2Laḃair ré cloinn Israel, ga ráḋ, Má ġaḃ bean síol, agus go mbéara mac: ann sin biáiḋ sí neaṁġlan seaċd lá; do reír láéṫeaḋ dealuiġṫe a laige ria biáiḋ sí neaṁġlan.
3Agus annsa noċṁaḋ lá timċillġearrfuiġear feóil a réaṁċroicinn.
4Agus fanfa sí ann sin a ḃfuil a hannaicṫe trí lá agus trioċad; ní ḃeánfa sí re héainní naoṁṫa, agus ni ṫiucfa don tsanctóír, nó go ccoiṁlíontar láeṫe a hainnaicṫe.
5Aċ mas leanḃ mná ḃéurus sí, biáiḋ sí neaṁġlan caoiciḋis, aṁuil iona dealuġaḋ: agus fanfuiḋ a ḃfuil a hannaicṫe sé lá agus trí fiṫċid.
6Agus a nuáir ċoiṁlíontar láeṫe a glanta, ar son mic, nó inġine, do ḃéura sí úan don ċéidḃliaḋuin, agus colum óg no éun turtuir, mar ofráil ṗeacaiḋ, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, ċum an tsagairt.
7Noċ ofráilfios é a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḋéana síṫ ar a sonsa; agus biáiḋ sí glan ó riṫ a fola. Sé so is dliġeaḋ do ṁnaói ḃéuras mac nó inġean.
8Agus múna ḟéadfa sí úan do ṫaḃairt, ansin do ḃéara ḋá ṫurtuir, no ḋá ċolum óga; áon díoḃ mar ofráil loiscṫe, agus an dara mar ofráil ṗeacaiḋ: agus do ḋéana an sagart síṫ ar a son, agus biáiḋ sí glan.
Currently Selected:
Leḃiticus 12: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.