YouVersion Logo
Search Icon

Jonah 3

3
Caibidil III.
Aiṫreaċus uirisle, agus Saoraḋ ḋaóine Nineḃeh tar éis seanmora Iónah.
1Agus ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA go Iónah an dara huáir, ag ráḋ,
2Eiriġ, imṫiġ go Nineḃeh, an ċaṫair ṁórsin, agus seanmóir ḋi an tseanmóir a déara misi riot.
3Annsin déiriġ Iónah, agus do ċuáiḋ go Nineḃeh, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA. (Anois do ḃí Nineḃeh na ċaṫruiġ ro ṁóir uiḋe ṫrí lá daistior.)
4Agus do ṫosuiġ Iónah ar ḋul a steaċ don ċaṫruiġ aistior laói, agus dfúagair, agus a duḃairt, Go fóill ceaṫraċad lá, agus scriosfuiġior Nineḃeh.
5¶ Marsin do ċreidiodar daóine Nineḃeh a Ndía, agus dfuagradar trosgaḋ, agus do ċuireadar saicéadaċ umpa, eaḋon ón té is mó gus an té is luġa.
6Oir ṫáinic focal ċum ríġ Nineḃeh, agus déiriġ sé as a ċaṫaoir, agus do ċuir a róba úaḋ, agus dfoluiġ é féin lé saicéadaċ, agus do ṡuiġ a lúaiṫreaḋ.
7Agus ṫug fa deara a ḟuagra agus ḟoillsiuġaḋ air feaḋ Nineḃeh maille re hórduġaḋ an ríġ agus a úasal, ag ráḋ, Duine nó beaṫaċ, airġe nó tréad, ná blaisedís éainní: ná hinġiltedís, agus ná hiḃedís uisge:
8Aċt folċṫar an duine agus an beaṫaċ le saicéadaċ, agus éiġedís go hárd ċum Dé: aseaḋ, filleaḋ gaċ áon díoḃ ó na ḋroiċṡliġe, agus ó néigion atá iona láṁuiḃ.
9Cía agá ḃfuil a ḟios naċ iompoċaḋ Día agus go maḋ aiṫreaċ é, agus go ḃfillfeaḋ sé ó na ḟeirg ḟíoċṁuir, iondus naċ imṫiġiom seaċad?
10¶ Agus do ċonnaire Día a noibreaċa, gur impoiġeadar ó na ndroiċ ṡliġe; agus do ġaḃ aiṫreaċus Día fan nolc, a duḃairt sé do ḋéanaḋ ḋóiḃ; agus ní déarnuiġ sé é.

Currently Selected:

Jonah 3: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in