YouVersion Logo
Search Icon

Hosea 5

5
Caibidil V.
Dimṫiġ Israel contrarḋa do na haiṫeantaiḃ gu hiomlán.
1Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.
2Agus atáid na heasurrumuiġ ro ḟonnṁar ċum áir do ḋéanaṁ, bíoḋ go raiḃ misi aiṫḃioraċ orra uile.
3Atá fios Eṗraim agum, agus ní ḃfuil Israel a ḃfolaċ orum: óir anois, a Eṗraim, do rinne tú stríopaċus, agus atá Israel air na ṫruáilleaḋ.
4Ní ċumfuid síad a ngníoṁa dfilleaḋ ċum a Ndé: óir atá spiorad an stríopaċuis iona lár, agus níor ḃaiṫnid ḋóiḃ an TIĠEARNA.
5Agus fíaḋnuiġiḋ úaḃar Israel a cclár a éadain: uimesin tuitfiḋ Israel, agus Eṗraim iona néigceart; tuitfiḋ fós Iúdah maille ríu.
6¶ Imeoċuid síad le na ttréaduiḃ agus le na nealḃuiḃ díarruiḋ an TIĠEARNA; aċt ní ḃfuiġid síad é; do ṫarruing sé é féin úaṫa.
7Do rinneadar go fealltaċ a naġaiḋ an TIĠEARNA: óir do ġineadar clann ċoiṁṫiġṫeaċ; anois sluigfiḋ míosa íad maille ré na ccuid ronna.
8Séidiġse an ḃúaḃall ann Gibeah, agus an stoc ann Rámah: coṁairciḋe ós áird a Mbet‐aḃen: ad ḋiaiġsi, a Ḃeniamin.
9Biaiḋ Eṗraim áonránaċ a ló a niomaiṫḃir: ameasc ṫreaḃ Israel dinnis mé an ní ḃías ann go deiṁin.
10Do buḋ cosṁuil prionnsaḋa Iúdah ris an ndruing áitreaḃus an téora: dóirtfiḋ mé amaċ mfearg orra aṁuil uisge.
11Do brúiġeaḋ Eṗraim agus atá sé briste a mbreiṫeaṁnus, do ḃríġ gur ṡiuḃail sé go toileaṁuil do réir na háiṫne.
12¶ Uimesin biáiḋ misi do Eṗraim aṁuil léamann, agus do ṫiġ Iúdah aṁuil neiṫe loḃṫa.
13An tan do ċonnairc Eṗraim a ṫinneas, agus Iúdah a ċneaḋ, ann sin do ċuáiḋ Eṗraim a ccionn a Nassírianaċ, agus do ċuir fios gus an ríġ Iáreb; giḋeaḋ níor ḟéad sé siḃsi do ṫárṫáil, nó ḃur leiġios ó ḃur ccneiḋ.
14Oír biaiḋ misi do Eṗraim aṁuil leoṁan, agus do ṫiġ Iúdah mar leoṁan óg: réabfa misi, eaḋon misi féin, agus imeoċad roṁam; do ḃéara mé liom é, agus ní ḟúaideoċuiḋ duine ar bíoṫ úaim é.
15¶ Imeoċa mé agus fillfiḋ mé ċum máite féin, nó go nadṁaid síad a ccoir, agus go níarruid síad maġaiḋ: íarrfuid síad go moċ mé iona mbuáiḋreaḋ.

Currently Selected:

Hosea 5: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in