Hosea 4
4
Caibidil IV.
Atá pionas iomarcaċ Israel, 15 na raḃaḋ do Iudah.
1Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, siḃsi a ċlann Israel: óir atá imreasan aig an TTIĠEARNA ré luċt áitreiḃe na tíre, do ḃríġ naċ ḃfuil fírinne, nó trócaire, nó éolus Dé annsa tír.
2Brisid síad amaċ lé mionnuiḃ, lé bréaguiḃ, le marḃaḋ, lé goid, lé déanaṁ aḋaltranais, agus beanuiḋ fuil re fuil.
3Uimesin caóiḋiḋ an dúṫaiġ, agus anḃfainfiġ gaċ uile ḋuine dá ccoṁnuiġionn inte, maille re beaṫaċaiḃ an ṁaġa, agus éanlaiṫ neiṁe; fós, béarṫar as mar an ccéadna uile éisc na fairge.
4Giḋeaḋ ná ceanairgeaḋ duine ar biṫ, agus ná hiomaiṫḃireaḋ sé neaċ oile: óir atá an pobalso aṁuil an drong ċrioncánas ris an tsagart.
5Uimesin tuitfiḋ tú annsa ló, agus tuitfiḋ an fáiḋ maille leaċd san noiḋċe, agus scriosfuiḋ mé do ṁaṫair.
6¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.
7Aṁuil do ṁéaduiġeadar, is marsin do ṗeacuiġeadar am aġaiḋsi: uimesin do ḃéara mé a nglóir ar náire.
8Iṫid síad súas peacaḋ mo ḋaóine, agus cuirid a ccroiḋe air a néigceart.
9Agus aṁuil an pobal, is mar sin ḃías an sagart: agus smaiċteoċa misi íad ar son a sliġṫeaċ, agus do ḃéara mé luáiḋeaċt a ngnioṁ ḋóiḃ.
10Oír íosuid síad, agus ní ḃiáiḋ go lór aca: do ḋéanuid stríopaċuis, agus ní ḟoirlíonfuid síad: do ḃríġ gur léigeadar ḋíoḃ aire do ḃeiṫ aca ar an TIĠEARNA.
11Beiriḋ stríopaċus agus fíon agus fíon núaḋ an ċroiḋe leis.
12¶ Iarruid mo ḋaóine coṁairle air a smotánuiḃ, agus foillsiġiḋ a mbata ḋóiḃ: óir ṫug spiorad an stríopaċuis orra dul air seaċrán, agus do ċúadar do stríopaċus ó ḃeiṫ faói na Ndía.
13Ioḋbruid síad air ṁúlluiġiḃ na slíaḃ, agus loisgid túis air na cnocaiḃ, fáoi ḋairġiḃ agus ṗoblar agus ṡleaṁán, do ḃríġ gur ṁaiṫ a scáiṫsin: uimesin do ḋéanuid ḃur ninġiona stríopaċus, agus do ḋéanuid ḃur mná pósta aḋaltranas.
14Ní smaiċteoċa misi ḃur ninġiona a nuáir do ḋéanuid stríopaċus, nó ḃur mná posda an tan do ḋéanuid aḋaltrannas, óir atáid féin déaluiġṫe le stríopaċaiḃ, agus íoḋbruid re meirdreaċaiḃ: uimesin tuitfid na daóine naċ ttuigeann.
15¶ Má atá go ndéana tusa, a Israel, stríopaċus, ṫairis sin ná ciontuiġeaḋ Iúdah; agus ná tígiḋse go Gilgal, narab mó raċtaói súas go Bet‐aḃen, agus ná mionnuiġiḋ, Mairiḋ an TIĠEARNA.
16Oír sleaṁnuiġiḋ Israel ar ais aṁuil seaċḃuiḋ ṡleaṁnuiġios air a hais: anois bíaḋfuiḋ an TIĠEARNA íad aṁuil úan a náit ḟairsing.
17Do ceanglaḋ Eṗraim lé hioḋaluiḃ: léig ḋó féin.
18Atá a ndeoċ searḃ: do rinneadar stríopaċus a ccoṁnuiḋe: gráḋuiġid a húaċtaráin maille ré náire, Tugaiḋ uáiḃ.
19Do ċeangail an ġáoṫ súas í iona scíaṫánuiḃ, agus biáiḋ náire orra do ḃríġ a níoḋbarṫa.
Currently Selected:
Hosea 4: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: