YouVersion Logo
Search Icon

Hosea 12

12
Caibidil XII.
Imḋeargaḋ Eṗraim (no Israel) arson a úaḃar iona ṡaiḋḃrios.
1Beaṫuiġṫear Eṗraim lé gáoiṫ, agus leanuiġ sé a ndiáiġ na gaóiṫe a noir: méaduiġiḋ sé bréaga go láeṫeaṁuil agus áonránaċd; agus do níd cunraḋ ris na Hassírianaċuiḃ, agus beirṫir ola don Négipt.
2Atá imreasan ag an TTIĠEARNA ré Iúdah, agus smaiċteoċa sé Iacob do réir a ṡliġṫeaċ; do reir a ġníoṁ do ḃéara sé luáiġeaċd dó.
3¶ Do ġlac sé a ḋearḃraṫair ar ṡáil annsa mbroinn, agus le na neart do ḃí cuṁaċt aige ag Día:
4Aseaḋ, do ḃí cuṁaċt aige ós cionn a naingil, agus rug sé buáiḋ: do ċaói sé, agus do rinne sé guiḋe ċuige: fuáir sé é san Ḃetel, agus annsin do laḃair sé rinne;
5Eaḋon an TIĠEARNA Día na slóġ; isé an TIĠEARNA a ċuiṁneaċaḋ.
6Ar a naḋḃarsin fillse ċum do Ḋé; coiṁéad trócaire agus breiṫeaṁnus, agus feiṫ ar do Ḋía do ġnáṫ.
7Is ceannuiġe é, atáid meaḋá na mealltóireaċda iona láiṁ: gráḋuiġ sé foiréigion do ḋéanaṁ.
8Agus a duḃairt Eṗraim, Giḋeaḋ ṫáinic mé ċum ḃeiṫ saiḋḃir, fuáir mé substaint: ann mo ṡáoṫruiḃ uile ní ḃfuiġid síad éigceart air bioṫ ionnam, do ḃí na ṗeacaḋ.
9Agus misi an TIĠEARNA do Ḋía ó ċríċ na Hégipte do ḃéara mé ortsa fós áitreaḃaḋ a bpáillíunuiḃ, aṁuil a láeṫiḃ a nféasta ṡollamonta.
10Do laḃair misi fós ris na fáiġiḃ, agus do ṁéaduiġ mé fise, agus do ġnáṫuiġ mé cosaṁlaċda tré ṁiniostralaċd na ḃfáiġeaḋ.
11 An ḃfuil éigceart ann Gílead? go deiṁin is dioṁaóineas íad: íoḋbarṫuid síad bulóga a Ngilgal; atá fós, a naltóra mar ċárnuiḃ a neitriġiḃ an ṁaċairc.
12Agus do ṫeiṫ Iácob do ṫír a Nassíria, agus do rinne Israel serḃís ar son mná, agus ar son mná do ċoiṁéad sé caóiriġ.
13Agus lé fáiḋ do ṫréoruiġ an TIĠEARNA Israel amaċ as an Négipt, agus lé fáiḋ do sáḃálaḋ é.
14Do ḃrostuiġ Eṗraim é ċum feirge go doriḃ: ar a naḋḃarsin fúigfiḋ sé a ḟuil air, agus fillfiḋ a Ṫiġearna a scannail ċuige féin.

Currently Selected:

Hosea 12: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in