Hosea 11
11
Caibidil XI.
Go bfuil Día iona oide altruinn dá ṗobal, ge go bfuilidsion minic dombuiḋeaċ.
1An tan do ḃí Israel na leanaṁ, annsin dob ionṁuin liom é, agus do ġoir mé mo ṁac amaċ as an Négipt.
2 Mar do ġoireadar íad, is marsin dimṫiġeadar úaṫa: díoḋbradar do Ḃaalim, agus do loisgeadar túis díoṁáiġiḃ greanta.
3Do ṁúin mé fós siuḃal do Eṗraim, dá nglacaḋ ar láṁuiḃ; aċt ní raiḃ a ḟios aca gur leiġis misi íad.
4Do ṫarruing mé íad le córduiḃ duine, lé cuiḃreaċ gráḋ: agus do ḃí mé ḋóiḃ mar an ndroing ṫógḃas an ċuing air a ngíalluiḃ, agus do ċuir mé bíaḋ fúṫa.
5Ní ḟillfiḋ sé go críċ na Hégipte, aċt buḋ é an Sírianaċ a ríġ, do ḃríġ gur ḋíultádar filleaḋ.
6Agus coiṁneoċuiḋ an cloiḋeaṁ air a ccaiṫreaċaiḃ, agus brisfiḋ sé a ḃeangáin, agus sluigfiḋ íad, do ḃríġ a ccoṁairleaċ féin.
7Agus atá mo ṗobal cláon ċum sleaṁnuiġṫe síar uáimse: bíoḋ gur ġoireadar íad ċum an té is ro Airde, ní áirdeoċuiḋ duine ar bioṫ é.
8¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.
9Ní ċríoċnoċa mé buirbe mfeirge, ní iompoċa mé do ṁilleaḋ Eṗraim: óir is Día mé, agus ní duine; an Táon Náoṁṫa ann do lár: agus ní raċuiḋ mé a steaċ annsa ċaṫraiġ.
10Síuḃoluid síad a ndiáiġ an TIĠEARNA: núallfuiḋ sé aṁuil leoṁan: an tan núallfas sé, annsin crioṫnoċuid an ċlann ó níarṫar.
11Crioṫnoċuid síad aṁuil éun as an Négipt, agus aṁuil colum as tír na Hassíria: agus suiḋeoċa misi iona ttiġṫiḃ íad, a deir an TIĠEARNA.
12¶ Compasuiġ Eṗraim mé fá ccuáirt lé bréaguiḃ, agus tiġ Israel le ceilg: aċt ríaġluiḋ Iúdah fós maille ré Día, agus atá sé ionruic maille leis na náoṁuiḃ.
Currently Selected:
Hosea 11: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: