YouVersion Logo
Search Icon

Hosea 10

10
Caibidil X.
Aċṁusan Israel arson a neigceart agus a nioḋala.
1 Is fíneaṁuin gan toraḋ Israel, do ḃeir sé amaċ toraḋ ḋó féin: do réir iomuid a ṫoruiḋ do ṁéaduiġ sé na haltóra; do réir maiṫeasa a ḟearuinn do rinneadar íoṁáiġe breáġa.
2Atá a ccroiḋe roinnte; anois do ġeaḃṫar ciontaċ íad: brisfiḋ sé síos a naltóra, millfiḋ sé a níoṁáiġe.
3Oír a déaruid síad anois, Ní ḃfuil ríġ ar bioṫ aguinn, do ḃríġ naċ raiḃ eagla an TIĠEARNA oruinn; maiseaḋ, cred do ḋéanaḋ ríġ ḋúinn?
4Do laḃradar focuil, ag taḃairt a néiṫiġ a ndéanaḋ cunnarṫa: marso ḟásas breiṫeaṁnus súas aṁuil muinṁear a neitriġiḃ an mbaċaire.
5Eagloċuiḋ luċt áitreaḃa Ṡamária, do ḃriġ láoġ Ḃet‐aḃen: óir caóiḋfid a daoine ós a cionn, agus a sagairt do ġáirdiġ ría, do ḃríġ a glóire, do ċionn gur imṫiġ uáiṫe.
6Do ḃéarṫar fós do Nassíria é mar ṫaḃartas go ríġ Iareb: do ġeaḃa Eṗraim náire, agus biáiḋ náire air Israel tre na ċoṁairle féin.
7 Ar son Ṡamária, do gearraḋ a ríġ amaċ mar an ccuḃar air a nuisce.
8Aite árda Aḃen mar an gcéadna, scriosfuiġear, peacaḋ Israel: tiucfuiḋ an droiġion agus an foġḃannán súas ar a naltóraċaiḃ; agus déaruid ris na sleiḃtiḃ, Folċuiḋ sinn; agus ris na cnoċaiḃ, Tuitiġ oruinn.
9O a Israel, do ṗeacuiḋ tú ó láeṫiḃ Ġibeáh: ann sin do ṡeasadar: ní rug an caṫ a Ngibeáh a naġaiḋ ċloinne a néigceirt orra.
10 Atá dfonn orum a smaċtuġaḋ; agus cruinneoċṫar an pobal na naġaiḋ, an tan ċeangoluid íad féin iona ndá eitriġe.
11Agus is láoġ do múineaḋ Eṗraim, agus graḋuiġiḋ sé an tarḃar do ṡaltairt síos; aċt dimṫiġ misi tair a muineal breáġa: do ḃéara mé air Eṗraim marcuiġeaċd do ḋéanaṁ; treaḃoċuiḋ Iúdah, agus brisfiḋ Iácob a ḟóide.
12Síolċuiriḋ ḋíḃ féin a nionracus, beanuiḋ a ttrócaire; brisiḋ súas ḃur ḃféarainn branair: óir is miṫid an TIĠEARNA díarruiḋ, nó go ttí sé agus go ḃfearuiḋ fíreuntaċt oruiḃ:
13Do ṫreaḃaḃair urċóid, do ḃeanaḃair éicceart; diṫeaḃair toraḋ na mbréug: do ḃríġ gur ḋóṫċusaiġ tú ann do ṡlíġe, a niomadaṁlaċt do ḋaóine cuṁaċtaċ.
14Uimesin éireoċuiḋ ceannairg eidir do ḋaóiniḃ, agus millfiġear do ḋaingin uile, mar do ṁill Salman Bet‐arbel a ló an ċaṫa: do réubaḋ an ṁaṫair na bloḋuiḃ air muin a cloinne.
15Marso do ḋéana Betel riḃsi do ḃríġ méid ḃur nurċóide: a maidin géarrfuiġear ríġ Israel ṫríd amaċ.

Currently Selected:

Hosea 10: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in