Genesis 49
49
Caibidil XLIX.
Tiomna agus faíġeadóireaċd Iácob, 19 Ordúġaḋ attimċeal a aḋluice.
1Agus do ġoir Iacob ar a ṁacaiḃ, agus a duḃairt, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, nó go ninneosa mé ḋáoiḃ cread ṫeigeaṁus daóiḃ sna láeṫiḃ deiġionaċa. 2Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċeile, agus éisdiġ, a ṁaca Iácob; agus tugaiḋ aire do Israel ḃur naṫair.
3¶ A Reuben, is tú mo ċéiḋġin, mo ċumas, agus tosaċ mo neirt, orḋearcus Inḃe, agus oirḋearcus ċuṁaċda. 4Neaṁṡeasaṁaċ mar uisge, ní ṡaruiġe tu; do ḃriġ go ndeaċa tú súas a leabuiḋ haṫar: ann sin do ṫruaillíġe tú í, do ċuáiḋ sé suas am ċúd
5¶ Simeon agus Léḃi deatḃraiṫre íad, ionstruimentiġ fuilteaċda ann a náitreaḃuiġ. 6O manum, ná tárrsa na secréid: O monóir na bí a naontuiġ ré na gcruinniuġaḋ; óir do ṁarḃadur duine ann a ḃfeirg, agus ann a nantoil féin do ṫoċladur síos balla. 7Go maḋ malluiġe a ḃfearg, óir do ḃí sí niṁneaċ; agus a ndíḃfeirg, óir dó ḃí sí fioċṁar: roinnfiḋ me íad an Iácob, agus scaóilfead ó ċéile íad an Israel.
8¶ A Iúdah, as tusa an té noċ ṁolfuid do ḋearḃraiṫre; biaiḋ do láṁ a muinéul do náṁad; cláonfuiḋ clann haṫar síos ad laṫair. 9Is coilén leoṁain Iúdah: ón ċreiċ do ċúaiḋ tú súas, a ṁic: do ċrom sé síos, do luiġ sé mar leoṁan, agus mar ṡeanleóṁan; agus cía ḋúiseoċus súas é? 10Ní ḋeileoċuiḋ an tslat roġa ré Iudah, nó dliġṫaḃairṫoir ó ḃeiṫ eidir a ċosuiḃ, nó go ttiucfa Síloh; agus is ċuigesion ḃías cruinniuġaḋ na ndaóine. 11Ag ceangal a ṡearruiġ do nfineaṁuin, agus bromúiġ a assail don roġa fíneaṁna; do niġ sé a éudaċ a ḃfion, agus a ċuluiḋeaċa a ḃfuil grápuiġe. 12Béid a ṡuile dearg ó ḟíon, agus a ḟíacla geal ó ḃainne.
13¶ Aítreoċuiḋ Sebulun á gcúan na fairge; agus biáiḋ sé na ċúan long, agus biáiḋ a imiol go nuige Sídon.
14¶ Isaċar ís assal láidir é, ag crumaḋ síos idír ḋa úalaċ. 15Agus do ċonnairc sé gur ṁaiṫ an ní suaíṁneas, agus an duṫaiġ gur taitneaṁaċ é; agus do ċláon a ġuala diomċur úaluiġ, agus táinig na ṡerḃiseaċ do áirdċios.
16¶ Do ḋéana Dan breiṫeaṁnus ar a ḋaoiniḃ, mar aon do ṫreaḃuiḃ Israel. 17Biaiḋ Dan na naṫair ar a tsliġe, na naṫair niṁe ar an mbealaċ, noċ ġearras sála na neaċ, ionnus go ttuitfiḋ an marcaċ a ndiaiġ a ċúil. 18Do ḃi mé ag fuireaċ réad ṡlánuġaḋ, a ṪIĠEARNA.
19¶ Gad, cláoifiḋ slúaġ é; aċ béuruiḋ sesion buáiḋ fá ḋeireaḋ.
20¶ Amaċ as Aser biáiḋ a arán raṁar, agus do ḃéara uaḋ sóġ rióġa.
21¶ Naṗtali, is eilid ar na scáoileaḋ amaċ é do ḃeir bríaṫra maiṫe úaḋ.
22¶ Ióseṗ, is cráoḃ ṫoruiḋ é, cráoḃ ṫoruiḋ ḋá ririḃ láiṁ ré tobar; noċ a leaṫnuiġionn a ġeuga amaċ tar anmballa. 23Do ġoilleadur na saiġdeóiriġ áir go géur, agus do ċaiṫeadur air, agus do ḟuaṫuiġeadar é. 24Aċ do ṁair a ḃóġa láidir, agus do rinneaḋ riġṫeaċ a láṁ láidir le láṁuiḋ Dé ċuṁaċduiġ Iácob; Is as sin an táoḋaire, cloċ Israel: 25Lé Día haṫar dá ríriḃ, noċ ċuidéoċas leaċd, agus leis a nuileċuṁaċdaċ, noċ beinneóċus tú le beannuġaḋ niṁé ṡuas, beannuġaḋ a naigéin atá a níoċdar ṡíos, beannuġaḋ na gcíoċ, agus na mbronn: 26Rugadar beánnaċda haṫar buaiḋ ós cionn beannaċd mo ṡinnsiorsa go nuige an téórann as faide amaċ do na cnócuiḃ siorruiḋe: béid síad ar ċeann Ioseṗ, agus ar ċoróin ċinn an tí do dealuiġeaḋ re na ḋeárḃráiṫriḃ.
27¶ Biáiḋ Beniamin fuaduiġeaċ mar ṁadra alla: ar maidín sluicfiḋ sé a ḟiaḋaċ, agus ann sa noiḋċe rannfuiḋ sé an ċreaċ. 28Asíad so uile ḋá ṫreaḃ ḋéag Israel; agus a sé so an ní do laḃair a naṫair ríu, agus do ḃeannuiġ íad; gaċ áon fa leiṫ do réir a ḃeannaċda do ḃeannuiġ iad.
29¶ Agus do ċuir cúram orra, agus a duḃairt ríu, Atáimsi a nam mo ċruinniġṫe ċum mo ḋaóine, aḋlaiciḋ mé a ḃfoċair maiṫreaċ, ann sa nuaṁuiġ atá a maġ Eṗron an Hititeáċ, 30Ann sa nuaṁuiġ atá a maġ Ṁaċpelah, noċ atá as coinne Ṁamre a ttír Ċánaain, noċ do ċeannuiġ Abraham maille re maġ Eṗron an Hititeaċ mar ṡeilḃ áite aḋluicṫe. 31Ann sin do aḋluiceadar Abraham, agus Sárah a ḃean; is ann sin do aḋluiceadar Isaac, agus Rebecah a ḃean, agus is ann do aḋluic misi Léah. 32Ceannuiġeaċd an ṁaċaire agus na húaṁa atá ann, is ó ċloinn Héṫ do fríṫ í. 33Agus a nuáir do ċríoċnuiġ Iácob aiṫeanta do ṫaḃairt dá ċloinn, do ċruinniġ súas a ċosa san leabuiġ, agus do ḟáeiḋ a spiorad súas, agus do ċruinniuġaḋ ċum a ḋaoine féin é.
Currently Selected:
Genesis 49: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.