YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 36

36
Caibidil XXXVI.
Faiḋtoas ṫaḃartuis an ṗobail. 8 Ata obair an tabernacuil ar tionnsgnaḋ réir mar do orniġ Día.
1An sin do oibriġ Besaleel agus Aholiab, agus gaċ éanduine glicċroiḋeaċ, ann ar ċuir and TIĠEARNA críonnaċd agus tuigse dfaġáil eóluis cionnus do oibreoċaḋ gaċ uile ṡórt oibre do ṡerḃís na sanctóra, do réir a nuile ní dar aiṫin an TIĠEARNA.
2Agus do ġoír Maóisi Besaleel agus Aholiab, agus gaċ áonduine glic a ccroiḋe, ai ċuir an TIĠEARNA eólus iona ċroiḋe, eaḋon gaċ éanduine ar ċorruiġ a ċroiḋe é do ṫeaċd ċum na hoibre dá déanaṁ:
3Agus do ġlacadar ó Ṁaóise a nuile ofrail, noċ ṫugadar clann Israel leó ċum oibre ṡerḃíse na sanctóra, do ḋéanaṁ leis sin. Agus tugadar ċuige fós ofrála ḋá ttoil gaċ maidin.
4Agus tangadar na daóine glioca uile, do oibriġ obair na sanctóra uile, gaċ aonduine óna obair nóċ do rinneadar;
5Agus do laḃradar ré Maóise, ġá ráḋ, Atáid an pobalsa ag taḃairt leó ní is ro ṁó ná riaḋṫear a leas ċum serḃíse na hoibre do aiṫin Día do ḋéanaṁ.
6Agus tug Maóise aiṫne, agus tugadar fá deara fógra ar feaḋ an ċampa, ḋá raḋ, Ná déanaḋ fear nó bean ní is mó dobair ar ofráil na sanctora. Marso do ṫoirmiosgaḋ an póbal ó do ṫaḃairt.
7Oír buḋ lór an túrsgan do ḃí aca do ḋéanaṁ na hoibre uile, agus ní buḋ mó.
8Agus gaċ éanduine glicċroiḋeaċ na measc dar oiḃriġ obair an tabernacuil do rinne sé deiċ gcúirtíne do líon ḟínealta ċasta, agus gorm, agus purpuir, agus scárláoid: ċerubiniḃ, doḃair ċéardaṁuil do rinne sé íad.
9 Buḋ é fad gaċ éanċúirtin fiṫċe agus oċd gcuḃaid, agus do buḋ é leiṫead gaċ éanċúirtín ceiṫre cuḃaid: do ḃádar na cúirtíne uile deinṁeíd.
10Agus do coiṁċeangail sé na cúig cúrtíne aon dar oile: agus na coig cúirtiniġ eile do ċoiṁċeangail se aon dar oile.
11Agus do rinne lúba do ġorm ar imeal aon ċúirtín ón cciuṁuis ansa ccoiṁċeangal: mar an gcéadna do rinne annsa táoḃ amuiċ do ċúirtin eile, a ccoiṁċeángal an dara.
12Caogad lúb do rinne sé a néanċúirtín, agus cáogad lúb do rinne sé a nimiol an ċúirtín do ḃí a ccoiṁċeangal an dara: do ċongṁadar na lúba gaċ éanċúirtín re ċéile.
13Agus do rinne cáogad taítse oír, agus do ċoiṁċeangail na cúirtíne gaċ aoan dar óile les na taítsiḃ: ionnus go bíaḋ sé na éantabernacuil.
14Agus do rinne cúirtine dfionnaḋ gaḃar don lóistín ós cionn an tabernacuil: éan cúirtín déag do rinne ḋíoḃ.
15Do buḋ é fad éanċúirtín díoḃ tríoċad cuḃad, agus ceiṫre cuḃaid do buḋ é leiṫead déanċúirtín: do ḃádar an táonċúirtín déag déinṁeid.
16Agus do ċoiṁċeanguil cúig cúirtíne leó fein, agus sé cúirtíne leó féin.
17Agus do rinne cáogad lúb ar a nimeal a muiġ don ċúirtín annsa ċoiṁċeangal, caógad lúb do rinne sé ar imeal an ċúirtín noċ ċoiṁċeanglas an dara.
18Agus do rinne sé cáogad táitse do ṗráis do ċoiṁċeangal an lóistin dá ċéile, ċor go mbía na éan.
19Agus do rinne folaċ don lóistín do ċroicniḃ reiṫeaḋ daite dearg, agus folaċ do ċroicniḃ broc ós a ċionn.
20Agus do rinne búird don tabernacuil do ċrann Sitim, na seasaṁ súas.
21Do buḋ é fad buird ḋíoḃ deiċ ccubaid, agus buḋ é leiṫead buird éancuḃad go leiṫ.
22Do ḃádar ḋá ṁoirtís a néanḃord, ionann fad da gaċ aon díoḃ ó ċéile: marso do rinne sé duile ḃórduiḃ an tabernacuil.
23Agus do rinne buird don tabernacuil; fiṫċe bórd don taóiḃ ó ḋeas:
24Agus do rinne ceaṫraċad soicead dairgead fáoi an ḃfiċid bórd; ḋá ṡoicead fáoi éanḃórd da ḋá ṁoirtís, agus ḋá ṡoicéad fáoi ḃórd eíle da ḋá ṁoirtis.
25Agus don taoḃ eile don tabernacuil, noċ atá leiṫ ris an gcoirnéal ṫuaiḋ, do rinne sé fiṫċe bóird,
26Agus a gceaṫraċad soicéad airgid; ḋá ṡoicéad fá éanḃórd, agus ḋá ṡoicéad fa ḃórd eile.
27Agus do ṫáoḃuiḃ an tabernacuíl leiṫ ṡiar do rinne se sé buird.
28Agus do rinne sé ḋa ḃórd do ċoirnealuiḃ an tabernacuil iona ḋá ṫaoḃ.
29Agus do ḃádar coiṁċeangailte ṡiós, agus coiṁċeangailte dá ċéile agá ċeann, déanḟáinne: mar so do rinne sé riu aráon ann sa dá ċoirnéul.
30Agus do ḃádar oċd mbuird; agus a soicéid sé soiceid déag airgid, ḋa ṡoicead faói gaċ eanḃórd.
31Agus do rinne barruiḋe do ċrann Sitim; cúig ḃarra do ḃórduiḃ éantáoiḃe an tabernacuil.
32Agus cúig ḃarra do ḃórduiḃ an taoiḃ eile don tabernacuil, agus cúig ḃarra do ḃórduiḃ an tabernacuil don táoḃ ṡíar.
33Agus tug sé ar an mbarra meaḋonaċ dul ṫríd na bórduiḃ ó ċeann go ceann.
34Agus do ḟoluiġ se na buird le hór, agus do rinne sé a ḃfáinniḋe dór ċum a mbeiṫ na náitiḃ do no barruiḋiḃ, agus do ḟoluiġ na barruiḋe le hór.
35Agus do rinne sé fólaċ do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scárlaóid, agus do línéadaċ ḟínealta ċasda: maille ré ċerubíniḃ do rinne sé é le hobair ċéardaṁuil.
36Agus do rinne ḋó sin ceiṫre piléir do ċrann Sitim, agus do ḟoluiġ sé le hór íad: do ḃádar a ccrúcuiḋe dór: agus do ṫeilg sé ḋoiḃ ceiṫre soicéid airgid.
37Agus do rinne sé brat do ḋorus an tabernacuil do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scárláoid, agus do línéadaċ ḟínealta ċasda dobair ṡnáiṫide;
38Agus a ċúig piléir gun a ccrúcuiḋiḃ: agus do ḟoluiġ sé a gcaipitre agus a ḃfiléid lé hór: aċ do ḃí a ccúig sóicéid do ṗrás.

Currently Selected:

Exodus 36: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in