Exodus 35
35
Caibidil XXXV.
Aiṫne ċinnteaċ uma ntsabboid. 4 Agus saorṫioḋluicṫe an ṗobuil.
1Agus do ċruinniġ Maóise coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile a gcionn a ċéile, agus do raíḋ riú, A siád so na bríaṫra do aiṫin an TIĠEARNA ḋíḃsi, go ndéarnaḋ siḃ íad.
2Sé lá do ḋeántar obair aċd an seaċdṁaḋ lá biáiḋ sé na lá saóire aguiḃ, sábóid ṡúaiṁneasa don TIĠEARNA: gioḋ bé ar biṫ oiḃriġeas annsinn cuirfíġear ċum baís é.
3Ní ḋeargfuiḋe teine ar feaḋ ḃur náiteaċ a ló na sabóide.
4Agus do laḃair Maóise re coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile, ḋa ráḋ, As é so an ní do aiṫin an TIĠEARNA, gá ráḋ,
5Tógḃuiḋ eadruiḃ ofrail don TIĠEARNA: gioḋ bé ar biṫ gá ḃfuil croiḋe toileaṁuil, tugaḋ sé leis í, ofrál don TIĠEARNA; ór, agus airgead, agus prás,
6Agus gorm, agus purpuir, agus scárláoid, agus línéadaċ fínealta, agus fionna gaḃar,
7Agus croicne reiṫeaḋ daite dearg, agus croicne broc, agus aḋmad Sitim,
8Agus ola ċum án tsoluis, agus spíosra ċum ola ungṫa, agus don túis ḋeaġḃaluiḋ,
9Agus cloċa Onics, agus cloċa re gcur san eṗod, agus annsa nuċdṗláta.
10Agus tiocfa gaċ uile ḋuine glicċroiḋeaċ eadruiḃ, agus déanuiḋ gaċ éainní dar aiṫin an TIĠEARNA;
11An tabernacuil, a lóistin, agus a ḟolaċ, a ṫáitse, a ċláir, agus a ḃarruiḋe, a ṗiléir, agus a ṡoicéíd,
12An airc, agus a maidiḋe, maille ris an tsuiḋe ṫrócaire, agus folaċ a ċínn,
13An bórd, agus a ṁaidiḋe, agus a ṡoiṫiġe uile, agus a tarán taisbeanta,
14An coinnleóir mar an ccéadna ċum an tsoluis, agus a mbeanann ris, agus a lampuiḋe, maille ris a nola ċum an tsoluis,
15Agus altoír na túisi, agus a maidiḋe, águs a nola ungṫa, agus an túis deaġḃoluiḋ, agus bruit an doruis ag dul a steaċ an tabernacuil,
16Altoír na hofrála loisge, maille re na ġráta práis, gun a maidiḋiḃ, agus a soiṫiġiḃ uile, an láḃéir agus a ċos,
17Bruit na cúirte, a piléir, agus a ḃuinn, agus brat doruis na cúirte,
18Tairngiḋe an tabernacuil, agus tairngiḋe na cúirte, agus a gcorduiḋe,
19Culaḋa na serḃíse, do ḋéanaṁ serḃíse annsan aít naoṁṫa, an téadaċ naoṁṫa do Aáron an sagairt, agus éaduiġe a ṁac, do ṁiniostralaċd a noifig an tsagairt.
20Agus do imṫiġeadar coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile as laṫair Ṁaóise.
21Agus tangadar, gaċ éanduine aca, ar ċorruiġ a ċroiḋe súas é, agus gaċ éanduine do rinne a spíorad aontaḋaċ, agus tugadar leó ofráil an TIĠEARNA ċum oibre ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus ċum a ṡerḃíse uile, agus ċum a éaduiġe náoṁṫa.
22Agus tangadar, ar áon fir agus mná, an ṁéid do ḃí do ċroiḋe ṫoileaṁuil, agus tugadar bráisléid, agus cluasḟáinuiḋe, agus fáinniḋe, agus táibleíd, a nuile ṡéud óir: agus gaċ ḟear dar ofráil do ofráil sé ofráil oír don TIĠEARNA.
23Agus gaċ áon, agár fríṫ gorm agus purpuir, agus scarláoid, agus lineadaċ fínealta, agus fionnaḋ gaḃar, agus croicne dearga reiṫeaḋ, agus croicne broc, tugadar leó íad.
24A nuile ḋuine dar ofráil ofráil airgid nó ṗraís tug sé ofrail an TIĠEARNA leis: agus gaċ áon, ag ar fríṫ do ċrannuiḃ Sitim ċum oibre na serḃíse, ṫugadar leó iad.
25Agus na huile ṁná do ḃí glicċroiḋeaċa do sníoṁadar le na láṁuiḃ, agus tugadar leó an ní do ṡníoṁadar, ar áon do ġorm, agus do ṗurpuir, agus do scárláoid, agus do líneadaċ finealta.
26Agus na huile ṁná ar ċorruiġ a ccroiḋe súas íad a ngliocus do ṡnioṁadar fionnaḋ gaḃar.
27Agus tugadur na huaċdaraín cloċa Onice leó, agus cloċá da gcur ann sa neṗod, agus ann sa nuċdaċ náoṁṫa,
28Agus spíosra, agus ola ċum an tsoluís, agus ċum na hola ungṫa, agus ċum na túise deaġḃoluiḋ.
29Tugadar clann Israel ofráil ṫoilteannaċ leó ċum an TIĠEARNA, a nuile ḟear agus bean, a ndearna a ccroiḋe toilteanaċ íad, do ṫaḃairt neiṫ leó ċum gaċ uile ṡórt oibre, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do ḋéanaṁ lé láiṁ Ṁaóise.
30Agus a duḃairt Maóise re cloinn Israel, Féuċaiḋ, do ġoir an TIĠEARNA go hainmneaṁuil Besaleel mac Urí, ṁic Hur, do ṫreiḃ Iúdah;
31Agus do lión sé do spioraid Dé é, a ngliocus, a ttuicse, agus a neolus, agus ann a nuile ġné oibre;
32Agus do ċuma oibreaċ gcúirialta, doibriuġaḋ a nór, a nairgead, agus a bprás,
33Agus a ngearraḋ cloċ da gcur, agus a snoiġeaḋ aḋmuid, do ḋéanaṁ gaċ aon ġné oibre eóluiġ.
34Agus do ċuir ann a ċroiḋe go múinfeaḋ, é féin, agus Aholiab, mac Ahisamaċ, do ṫreíḃ Dan.
35Do líon sé íad sin do eagna ċroiḋe, doibriuġaḋ a nuile gné oibre an tsáoir, agus a noibríġe glic, agus an té oibríġeas snáidioṁaiġeaċd, a ngorm, agus a bpurpuir, agus a scarláoid, agus a líon ḟinéalta, agus a nḟiġeádóra, noċ do ní obair ar bíṫ, agus iadsan ċumus obair ġéarċúiseaċ.
Currently Selected:
Exodus 35: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: