YouVersion Logo
Search Icon

Exodus 33:16-17

Exodus 33:16-17 BEDELLG

Oír cionnus ḃías a ḟios annso go ḃfuáir misi agus do ṗobal grása ann do raḋarc? naċ le ṫusa do ḋul linn? mar sin deáloċṫar sinn, misi agus do ṗobal ó nuile ṗobal, do ḃfuil ar ḋruim ná talṁan. Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Do ḋéana mé an ni so mar an gcéadna a duḃairt tusa: óir fuáir tú grása ann mo raḋarc, agus atá aiṫne agus ort ad ainm.