YouVersion Logo
Search Icon

Daniel 3

3
Caibidil III.
An tríar ógánnaċ, geíllfeaḋ do ndealḃ órḋa, ar na saóraḋ as úaṁuiḋ ṫrénloisgeaċ ṫein‐ḃéulaċ na Babilóine.
1Do rinne Nebuċadnessar an ríġ íoṁáiġ óir, iona raíḃ trí fitċid cuḃad ar áirde inte, agus sé cuḃaid ar leiṫead, agus do ċuir sé súas í a réiteaċ Dúra, a bproiḃinnse na Babilóine.
2Annsin do ċuir Nebuċadnessar an ríġ cruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile air na prionnsaḋuiḃ, air na húaċdaránuiḃ, air na caiptíniḃ, air na breiṫeaṁnuiḃ, air na treisineriḃ, air na coṁairleaċuiḃ, air na siorraim, agus luċd ríaġluiḋ na bproḃinnseaḋ uile, teaċd ċum cóisreacṫa na híoṁáiġe noċ do ċuir Nebuċadnessar an ríġ súas.
3Annsin do cruinniġeaḋ a ḃfoċair a ċéile, na prionnsaḋa, na huáċdaráin, na caiptíniġ, na breiṫeaṁuin, na treisinere, na coṁairliġ, na siorraim, agus uile ríaġlóiriġe na bproḃinnseaḋ, ċum coisreacṫa na híoṁáiġe, do ċuir Nebuċadnessar an ríġ súas; agus do ṡeasadar as coinne na hioṁáiġe do ċuir Nebuċadnessar súas.
4Annsin dfúagair an bollsaire go hárd, Do haiṫniġeaḋ ḋíḃsi, A ḋaóine, a ṫíorṫa, agus a ṫeangṫa,
5Giḋ bé ar bioṫ uáir do cluinfiḋe an buáḃall dá ṡéideaḋ, an fiúit, an ċláirseaċ, sacbut, psaltair, dulcimer, agus a nuile ṡórt ceóil, go nuiṁleoċṫaói síos agus go naḋarṫaói a níoṁáiġ órḋa do ċuir Nebuċadnessar an ríġ súas:
6Agus giḋ bé naċ léigfe é féin síos agus aḋraḋ tteilgfíġear a nuáirsin féin é a lár ḟúirneise lasaṁla.
7Uimesin an tan, do ċúaluiḋ an pobal uile fuáim an ḃuaḃuill, na flúite, na cláirsiġe, na psaltraċa, sacbut, agus a nuile ṡórt ceóil, do léig na huile ḋaoine, críoċa, agus teangṫa, síos íad agus do aḋradar a níoṁáiġ orḋa do ċuír Nebuċadnessar an ríġ súas.
8Ar a naḋḃarsin ṫangadar dream do na Caldeánaċaiḃ an tan sin a laṫar, agus déiliġiodar na Iúduiġe.
9Do laḃradar agus a duḃradar ris an ríġ Nebuċadnessar, A ríġ, mair go braṫ.
10Ṫug tusa, a ríġ, fúagra, gaċ uile ḋuine dá ccluinfeaḋ fuáim na haḋairc, na flúite, cláirsiġe, sacbut, psaltraċa, dulcimer, agus a nuile ṡórt ceóil, go léigfidís síos íad agus go naiḋeoraidís a níoṁaiġ órḋa.
11Agus gioḋ bé ar bioṫ naċ léigfeaḋ é féin síos agus naċ aḋraḋ, go tteilgfiḋe a lár fuirníse loisgníġe lasaṁla é.
12Atáid drong áiriġ do Iúduiġiḃ noċ do ċuir tú óscionn ġnoṫuiġeaḋ ṗroḃinnsi na Babilóine, Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego; ní ṫugadar na daóinesi, a ríġ, meas ortsa: ní ḟoġnuid dot ḋéeiḃ, ní mó aḋruid a níoṁaiġ órḋa do ċuir tú súas.
13¶ Annsin daiṫin Nebuċadnessar iona ḃuile agus iona ḟeirg, Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego do ṫaḃairt ċuige. Annsin ṫugadar na daóinesi a laṫair an ríġ.
14Do laḃair Nebuċadnessar, agus a duḃairt se riú, An fíor, a Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, naċ ḃfoġantaoi dom ḋéiḃsi, agus naċ aḋarṫaoi a níoṁáiġ órḋa ċuir mé suas?
15Anois má ḃiṫí réiḋ gioḋ bé ar bioṫ uáir ċluinnfiḋe fuáim an ḃúaḃuill, na flúite, cláirsiġe, sacbut, psaltraċ, agus dulcimer, agus a nuile ṡórt ceoil, go nuiṁleoċṫaoi síos agus go naiḋeorṫaoi a níoṁáiġ noċ do rinne misi; is maiṫ é: aċd muna naḋarṫaoi, teilgfiġear a núairsin féin siḃ a lár fuirníse lasarḋa; agus cía hé an Día sin ṡáorfas as mo láiṁse siḃ?
16Do ḟreagair Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, agus a duḃaradar ris an ríġ; O a Nebuċadnessar, ní ḃfuil suim aguinn freagra do ṫaḃairt duit annsa ċúisi.
17Mas aṁluiḋ atá, is féidir leir Ndía féin dá ḃfoġnamoid ar saoraḋ ó nfuirnís lasarḋa loisgniḋ, agus saórfa sé sinn as do láiṁsi, a ríġ.
18Aċt muna ndéarna, bíoḋ a ḟios agadsa, a ríġ, naċ déanam seirḃis dot ḋéeiḃsi, ní mó aiḋeoram a nioṁáiġ órḋa do ċuir tú súas.
19¶ Annsin do ḃí Nebuċadnessar lán do ċúṫaċ, agus daṫruiġ dealḃ a aiġṫe a naġuiḋ Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego: uimesin do laḃair sé, agus do aiṫin sé a nfuirnis do ṫéaġaḋ seaċdnuáire ní is mó ná mar cleaċdaoi a téaġaḋ.
20Agus do aiṫin sé do na daóiniḃ buḋ neartṁuire do ḃí iona ṡlúaġ, Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, do ċeangal agus a tteilgion annsa ḃfuirnís loisgniġ ṫeineaḋ.
21Annsin do ceanglaḋ na daóinesi iona ccótaḋuiḃ, iona ttriusaiḃ, agus iona mbirréaduiḃ, agus iona néaduiġiḃ eile, agus do teilgioḋ a lár na fúirnise lóisgniġe lasarḋa íad.
22Ar a naḋḃarsin do ḃríġ go raiḃ áiṫne an ríġ éigiontaċ, agus a nfuirnís te go hiomarcaċ, do ṁarḃ lasair na teineaḋ an drong do ṫóig súas Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego.
23Agus do ṫuiteadar an tríur fearso, Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, ceangailte a lár na fuirníse loisgniġe teineaḋ.
24¶ Annsin do ḃí an ríġ Nebuċadnessar lán dúaṁan, agus déiriġ sé súas go deiṫniosaċ, agus do laḃair, agus a duḃairt re na ċóṁairleaċaiḃ, Naċ tríur fear do ṫeilgeamar ceangailte a lár na teineaḋ? do ḟreagradarsan agus a duḃradar ris an ríġ, Is fíor a ríġ.
25Do ḟreagair seision agus a dúḃairt sé, Féuċ, do ċímse ceaṫrar fear sgaóilte, ag siuḃal a lár na teineaḋ, agus ní ḃfuil doċar ar bioṫ orra; agus is cosṁuil gnúis an ceaṫraṁaḋ duine re Mac Dé.
26Annsin ṫáinic Nebuċadnessar láiṁ re béul na fuirnísi loísgniġ teineaḋ, agus do laḃair, agus a duḃairt, A Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, siḃsi a ṡeirḃísiġ an Dé is ro áirde, tigiḋ amaċ, agus tigiḋ annso. Annsin ṫáinic Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, amaċ as lár na teineaḋ.
27Agus íar ccruinninġaḋ do na prionnsaḋaiḃ, na ríaġlóiríġiḃ, agus na caíptiniḃ, agus coṁairleaċaiḃ an ríġ a ḃfoċair a ċéile, do ċoncadar na daóinesi, air naċ raiḃ cúṁaċda ar bioṫ ag an tteine air a ccorpuiḃ, ní raiḃ ruibe dá cceann loisge, ní mó do haṫruiġeaḋ a ccótaḋa, ní mó do ḃean bolaḋ na teineaḋ ríu.
28 Annsin do laḃair Nebuċadnessar, agus a duḃairt sé, Go maḋ beannuiġṫe Día Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, noċ do ċuir a aingeal úaḋ, agus do ṡáor a ṡeirḃísiġ do ċuir a ndóṫċus ann, agus do ṫarcuisniġ bríaṫar an ríġ, agus dáontuiġ a ccorp, go naċ ḃfoiġeonaidís agus naċ aiḋeoraidís dée ar bioṫ, aċt a Ndía féin.
29Uime sin do nímse órduġaḋ, Na huile ḋaóine, ċineaḋaċa, agus teangṫa, noċ laḃrus aóinní naċ cóir a naġaiḋ Dé Ṡadraċ, Ṁesaċ, agus Abednego, do ġearraḋ na bpíosuiḃ, agus cárn aoiliġ do ḋeanaṁ dá ttiġṫiḃ: do ḃríġ naċ ḃfuil Día ar bioṫ oile ḟéudus tárṫáil air an moḋso.
30Annsin dárduiġ an ríġ Sadraċ, Mesaċ, agus Abednego, a bproḃinnse na Babilóine.

Currently Selected:

Daniel 3: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in