Amos 7
7
Caibidil VII.
Taisbeanaḋ sciúrsa na nlocuistiġ, 4 na teine, 8 agus na doruḃa.
1Marso do ṫaisbéin an TIĠEARNA Día ḋaṁsa; agus, féuċ, do ċum sé a ttus ṫeaċt amaċ an dara fáis; agus, féuċ, do bé sin an fás deiġionaċ déis spealadóireaċda an ríġ.
2Agus tárla, a nuáir do ċríoċnuiġeadar iṫe féir na tíre, annsin a duḃairt misi, a Ṫiġearna DIA, maiṫ, íarruim daṫċuinge ort: cía le neireoċuiḋ Iácob? óir is beag é.
3Do ġaḃ aiṫreaċus an TIĠEARNA nimeso: Ní ḃiáiḋ, a deir an TIĠEARNA.
4¶ Is marso do ṫaisbéin an Tiġearna DIA ḋaṁsa: agus, féuċ, do ġoir an Tiġearna DIA ceannairg le teine, agus do loisg sé an taigean mór, a duáiġ súas cuid dí.
5Annsin a duḃairt misi, A Ṫiġearna DIA, coisg, íarruim daṫċuinge ort: cía lé néireoċuid Iácob? óir is beag é.
6Do ġaḃ aíṫreaċus an TIĠEARNA uimeso: ní ḃiáiḋ so, a deir an Tiġearna DIA.
7¶ Is marso do ṫaisbéin sé ḋaṁ: agus, féuċ, do ṡeas an Tiġearna air ḃalla déanta le doruḃa, maille re doruḃa iona láiṁ.
8Agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, A Amóis, cred do ċí tú? Agus a duḃairt misi, Doruḃa. Ann sin a duḃairt an Tiġearna, Féuċ, cuirfiḋ misi doruḃa a measc mo ṗobail Israel: ní ġéaḃa mé láiṁ ríu ní sa ṁó:
9Agus béid áite árda Isaac uáigneaċ, agus leagfúiġear sanctuareaḋ Israel na ḃfásaċ; agus éireoċuiḋ mé a naġaiḋ ṫiġe Ieroboam leis an ccloiḋeaṁ.
10Ann sin do ċuir Amasiah sagart Ḃét‐el fios go Ieroboam ríġ Israel, ag ráḋ, Dfeall Amos ad aḋuiġ a lár ṫiġe Israel: ní héidir leis an ttír a ḃríaṫra uile diomċar.
11Oír is marso a deir Amos, Eugfuiḋ Ieroboam leis an ccloiḋeaṁ, agus béarṫar Israel go deiṁin a láiṁ as a ttír féin.
12Fós a duḃairt Amasiah re Hamos, Ṫusa a ḟir fise, imṫiġ, teiṫ roṁad go tír Iudah, agus iṫ áran annsin, agus tairrġir ann:
13Aċt ná tairrġir a rís ní is mó a Mbétel: óir isé sépel an ríġ é, agus isí cúirt an ríġ í.
14¶ Aunsin do ḟreagair Amos, agus a duḃairt sé re Hamasiah, Ní fáiġ misi, nó mac faiġe mé; aċt dob áoḋaire mé, agus do buḋ cruinneoċṫóir toruiḋ fígeaḋ fíaḋáin mé:
15Agus do ġlac an TIĠEARNA mé, mar do lean mé an tréud, agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, Imṫiġ, tairrġir dom ṗobal Israel.
16¶ Anois uimesin éist ṫusa bríaṫra an TIĠEARNA: a deir tú, Na tairrġir a naġaiḋ Israel, agus ná sil do ḃríaṫra a naġaiḋ ṫiġe Isaac.
17Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Biáiḋ do ḃean na meirdriġ annsa ċaṫruiġ, agus tuitfid do ṁic agus hinġeana leis an ccloiḋeaṁ, agus roinnfiġear ṫfearann le doruḃa; agus do ġeaḃa tú bás a ḃfearann ṫruáilliġṫe: agus raċaiḋ Israel go deiṁin a ndaoirsine as a ndúiṫċe.
Currently Selected:
Amos 7: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: