Amos 3
3
Caibidil III.
Is gnáṫ le Día raḃaḋ do ċur roiṁe smaċt.
1Eistiġ an focalso do laḃair an TIĠEARNA ḃur naġaiḋ, a ċlann Israel, a naġaiḋ na muinntire go hiomlan noċ ṫug mé a níos as críċ na Hégipte, ag ráḋ,
2Siḃsi aṁáin daiṫin mé duile ṁuinntearuiḃ na talṁan: uimesin smaiċteoċa mé siḃ ar son ḃur nuile éigceart.
3An féidir días do ṡiuḃal le ċéile, mun ḃéid síad réiḋ?
4An mbúirfiḋ an leoṁan annsa ḃforaois, a nuáir naċ ḃfaġann fíaḋaċ ar bioṫ? a néiġfe an leoṁan óg as a úaiṁ, munar ġlac sé ní ar bioṫ?
5An ḃféadann éun tuitim a bpaintéar air an ttalaṁ, áit naċ bí gaiste ar bioṫ air? an ttóigfe duine paintéar súas ón ttalaṁ, agus gan aóinní ar bioṫ do ṫógḃáil ann?
6An séidfiġear stoc annsa ċaṫruiġ, agus gan eagla do ḃeiṫ air an bpobal? an mbiáiḋ olc annsa ċaṫruiġ, agus naċ é an TIĠEARNA do rinne é?
7Go deiṁin ní ḋéana an Tiġearna DIA éinní, gan taisbeanaḋ a ṡecréide dá ṡerḃíseaċaiḃ na fáiġe.
8Do ḃéic an leoṁan, cía air naċ biáiḋ eagla? do laḃair an Tiġearna DIA, cía naċ déana tairrġire?
9¶ Fúagair ós áird a bpálásaiḃ Asdod, agus a bpálasaiḃ ċríċe na Hégipte, agus abaír, Cruinniġiḋ siḃ féin air ṡleiḃtiḃ Ṡamáriah, agus féuċuiḋ an crionċán mór iona lársin, agus an drong anróiḋteaċ iona lársin.
10Oír ní feas dóiḃ ceart do ḋéanaṁ, a deir an TIĠEARNA, noċ ċruinniġios foiréigion agus sladṁóireaċd iona bpálásaiḃ.
11Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA; Biáiḋ eascara timċioll fa ccuáirt na tíre; agus béaruiḋ sé do neart síos uáit, agus siadfuiġṫear do ṗáláis.
12Marso a deir an TIĠEARNA: Mar ḃeanas an taóḋaire as béul an leoṁuin ḋá ċois, no cuid do ċluáis; is marsin beanfuiġear clann Israel amaċ ċoṁnuiḋeas a Samária a ccoirnéul leabṫa, agus an Damascus a ccúil leabṫa.
13Eistiġse, agus fíaḋnuiġiḋ a ttiġ Iácob, a deir an Tiġearna DIA, Día na slóġ,
14Annsa ló a naigeóra mé sáruġaḋ Israel air aigeora mé fós altóra Ḃetel: agus géarrfuiġear aḋarca na haltóra ḋi, agus tuitfid ċum na talṁan.
15Agus buáilfiḋ mé an tiġ geiṁriḋ leis an ttiġ saṁruiġ; agus imeoċuid na tiġṫe dfíaclaiḃ eleṗant seaċad, agus biáiḋ críoċ aig na tiġṫiḃ móra, a deir an TIĠEARNA.
Currently Selected:
Amos 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.