Amos 1
1
Caibidil I.
Buille á Ḋía ar ṁorán riġeaċdaiḃ.
1Briaṫra Amos, do ḃí a measc áoḋaireaḋ Ṫecoa, noċ do ċonnairc sé a ttáoḃ Israel a laéṫiḃ Ussiah ríġ Iúdah, agus a laéṫiḃ Ieroboam ṁic Ioas ríġ Israel, ḋá ḃlíaḋuin rioṁe an ccríoṫ talṁan.
2Agus a dúḃairt sé, Núallfuiḋ an TIĠEARNA ó Ṡion, agus foillseoċaiḋ sé a ġúṫ ó Ierusalem; agus guilfid áitreaḃa na náoḋaireaḋ, agus críonfuiḋ mullaċ Ċarmel.
3¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Ḋamascus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad; do ḃríġ gur ḃuáileadar Gileád lé súistiġiḃ íaruinn:
4Aċt cuirfiḋ mé teine go tiġ Hasael, noċ ḋóiṫfios palais Ḃenhadad.
5Brisfiḋ mé mar an ccéadna barra Ḋamascus, agus géarrfa mé amaċ an táitreaḃṫaċ ó réiteaċ Aḃen, agus an té ċongṁas an tslat ríoġa ó ṫiġ Eden: agus raċfuid daóine na Síria a ndaóirsine go Cir, a deir an TIĠEARNA.
6¶ Mar so a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Gása, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola me íad: do ḃríġ go rugadarleó a láiṁ na braiġde go hiomlán, dá seaċadaḋ do Edom:
7Aċt cuirfe misi teine air ḃalla Gása, noċ ḋóiċfios a páláis:
8Agus géarrfa mé amaċ an táitreaḃṫaċ ó Asdod, agus an té ċongṁas an tslat ríoġa ó Ascelon, agus iompoċa mé mo láṁ a naġaiḋ Ecron, agus imeoċuiḋ fuiġilleaċ na Ḃṗilistineaċ seaċad, a deir an Tiġearna DIA.
9¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Tírus, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ṡeaċadar súas na braiġde uile do Edom, agus nar ċuiṁniġiodar an cunnraḋ dearḃráiṫreaṁuil.
10Aċt cuirfiḋ mé teine ar ḃalla Tirus, noċ loisgfios a páláis.
11¶ Marso a deir an TIĠNARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Edom, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur ainlean sé a ḋearḃraṫair leis an ccloiḋeaṁ, agus gur ṫeilg úaḋ gaċ uile ṫrúaiġe, agus gur réub a ḟearg go síorruiḋe, agus gur ċonnaiṁ a ḟearg go síorruiġe:
12Aċt cuirfiḋ mé teine air Ṫéman, noċ loisgfios páláis Ḃosrah.
13¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáraiġṫe ċloinne Ammon, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé íad: do ḃríġ gur scoiltiodar súas mná torrċa Ġíleád, ċor go ḃfairseongaidís a ttéora féin:
14Aċt lasfa mé teine a mballa Rabbah, agus loisgfiḋ sí a páláis sin, le gáir a ló an ċaṫa, maille re stoirm a ló na gaóiṫe guáirdeáin.
15Agus raċfuiḋ a ríġ a mbraiġdionas, é féin agus a ṗrionnsaḋa a néinḟeaċt, a deir an TIĠEARNA.
Currently Selected:
Amos 1: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.