Gníoṁarṫa 18
18
Caibidil XVIII
Ċúaiḋ Pól ar ċúairt dḟiosriuġaḋ na neagluise. 24 Agus ṫeagaisc Acuila le na ṁnaoi an soiseul Dapollos ni is soillier.
1Tar éisi so ar ḃfagḃáil ċaṫair na Haiṫne do Ṗól, táinic sé go Córintus; 2Agus fuáir sé Iúdaiḋe áiriġe ann sin dar ḃainm Acuilas, noċ rugaḋ a Bpontus, táinic go déiġeanaċ ó Neadáille, é féin agus a ḃean Priscilla; (ar a naḋḃur gur aiṫin Claudius do na Iúduiḋiḃ uile imṫeaċd as a Róiṁ:) agus do ċuáiḋ sé ḋá nionnsuiġe. 3Agus do ḃríġ go raiḃ sé dáoinċeird ríu, dfan sé na ḃfoċair, agus do ḃí sé ag obair: óir a seaḋ bá ceird ḋóiḃ pailliúin do ḋéanaṁ. 4Agus do níoḋ sé diosbóireaċd sa tsinagóig gaċ éun lá sábbóide, ionnus gur ṫarruing sé na Iúduiḋe agus na Gréuguiḋ.
5Agus mar ṫáinic Silas agus Timotéus ó Ṁacedónia, do las Pól an a spioruid, ag déunaṁ finné do na Iuduiḋiḃ gur ḃé Iósa an Críosd. 6Agus an tráṫ do ċuireadarsan na aġuiḋ, agus do laḃradar blasṗéime, ar gcroṫaḋ a éudaiġ ḋósan, a duḃairt sé ríu, Bíoḋ ḃur ḃfuil ar ḃur gceann féin; atáimsi glan: ó so súas raċuiḋ mé ċum na Gcineaḋaċ. 7Agus ar a nimṫeaċd dó as sin, do ċuáiḋ sé go tiġ ḋuine áiriġe, dár ḃainm Iustus, duine air a raiḃ eagla Dé, agus agá raiḃ a ṫiġ láiṁ ris a tsionagóig. 8Agus do ċreid Crispus, úaċdarán ná sinagóige, maille ré luċd a ṫiġe uile, ann sa Tiġearna; agus mórán do na Corintianaċuiḃ ag éisdeaċd rís do ċreideadar, agus do baisdeaḋ íad. 9Agus a duḃairt an Ṫiġearna sa noiḋċe a dtaiḋḃsi ré Pol, Na bíoḋ eagla ort, aċd laḃuir, agus na bí ad ṫoċd: 10Oír atáimsi maille ríot, agus ní ṫiocfa duine ar biṫ ort do ḋéunaṁ uile ḋuit: óir atá pobal mór agamsa an sa ċaṫraiġ so. 11Agus dfan seisean blíaḋuin agus sé ṁí, ag teagusg ḃréiṫre Dé na measg.
12Agus an traṫ do ḃí Gallio na úaċdarán a Naċaía do éirġeadar na Iuduiḋe déuntoil a naġuiḋ Ṗóil, agus rugadar go caṫaóir ar ḃreiṫeaṁnuis é. 13Ag ráḋ, Táirrgiḋ an fear so lé na ḃríaṫraiḃ na daoine ċum Dé onóruġaḋ, a naġaiḋ an dliġe. 14Agus an tan do ṡantuiġ Póla ḃéul dosglaḋ, a duḃairt Gallio ris na Iuduiḋiḃ, Dá maḋ éagcoir ar biṫ nó droċ ġnioṁ é, a Iudaiġe, buḋ cóir go niomċóruinn liḃ. 15Giḋeaḋ más a dtimċeall ḃríaṫar agus anmann, agus ḃur ndliġe atá ḃur gceisd, féuċuiḋ féin dó; óir ní háill leamsa ḃeiṫ am breiṫeaṁ ar a leiṫeid sin do neiṫiḃ. 16Agus do ċuir sé ón ċaṫaóir ḃreiṫeaṁnuis íad. 17Ann sin ar mbreiṫ do na Gréugaċuiḃ uile ar Ṡostenes, úaċdarán na sinagóige, do ġaḃadar air a ḃfíaḋnuisi ċaṫáoireaċ an ḃreiṫeaṁnuis. Aċd níor ċuir Gallio suim a ní ar biṫ do na neiṫiḃsin. 18Aċd tair éis Pól ḟuireaċ fós mórán do láeṫiḃ, do ġlac sé a ċead ag na bráiṫriḃ, agus do ċuáiḋ sé a luíng go Síria, agus do ċuáiḋ Priscilla agus Acuilas leis; tar éis a ċinn do ḃearraḋ ḋó a Gcenċreas: óir do ḃí móidġeallaḋ air.
19Agus táinic sé go Héṗesus, agus dfág sé ann sin íad; giḋeaḋ do ċuáiḋ sé féin a steaċ don tsinagóig, agus do ṫaguir sé ris na Iúduiḋiḃ. 20Agus an tan díarradar air fuireaċ na ḃfoċair ní as faide, níor áontaiġ seisean. 21Aċd dfag beannaċd aca, ag ráḋ, Is éigin dáṁsa go deiṁin an tsollomuin so ċugainn do ḋéunaṁ a Niarusalém: aċd más toil lé Día é, fillfiḋ mé ċuguiḃsi a rís. Agus do ṡéol sé ó Eṗesus. 22Agus ar ndul dó síos go Seasaréa do ċuáiḋ sé súas, agus ar mbeannuġaḋ do neagluis dó, do ċuáiḋ sé síos go Hantíoċia.
23Agus ar fanṁuin dó ar feaḋ tamuill do imṫiġ sé roiṁe, agus do ṡioḃuil sé a nórduġaḋ ar feaḋ ċríċe na Galátia agus Ṗrígia, ag neartuġaḋ na ndeísciobal uile.
24Agus táinig Iúdaiġe áiriġe go Heṗesus, dár ḃainm Apollos, rugaḋ a Nalecsándria, fear deaġlaḃarṫa, do ḃi cúṁaċdaċ ann sna sgríobtúiriḃ. 25Do ḃí an fear so ar na ṫeagusg a sliġe an Tiġearna; agus ar mbeiṫ ḋó ar fiuċaḋ sa spioruid, do laḃuir agus do ṫeaguisg sé go diṫċeallaċ neiṫe a dtimċeall an Tiġearna, agus gan déolus aige aċd baisdeaḋ Eoin aṁáin. 26Agus do ṫionnsgain sé laḃuirt go dána ann sa tsinagóig: agus an tráṫ do ċúaluiḋ Acuila agus Priscilla é, rugadar léo ċuca féin é, agus dfoillsiġeadar sliġe Dé ḋó ní as diongṁála. 27Agus an tan do báil leis dul go Haċáia, do sgrioḃadar na bráiṫre, ċúm na ndeisciobal dá mbrosduġaḋ air eision do ġaḃáil ċuca: agus, ar dteaċd ḋó ann sin, tug sé furtaċd mór don líon do ċreid tré ġrásuiḃ: 28Oír do rinne sé diosbóireaċd ṁór ṡáoiṫreaċ a ḃfíaḋnuisi an ṗobuil ris na Iúduiġiḃ, dá ḟoillsiuġaḋ as na sgríobtúiriḃ gur ḃé Iósa an Críosd.
Currently Selected:
Gníoṁarṫa 18: BedellG
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.