YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 17

17
Caibidil XVII
Do ṡeanmóruiġ Pól an soisgeul ag Tessalonica, 15 agus ag caṫair na Haiṫne.
1Agus ar nimṫeaċd tré Amṗípolis agus tré Apollonia ḋóiḃ, tangadar go Tessalónica, mar a raiḃ sinagóg ag na Iúduiḋiḃ: 2Agus mar bá ġnáṫ ré Pól, do ċúaiḋ sé a steaċ ċuca, agus do rinne sé diosbóireaċd ríu as na sgriobtúiriḃ ar feaḋ ṫrí lá sábboide, 3Ag miniuġaḋ agus a dearḃuġaḋ, gur ḃéigin do Ċríosd fulang, agus éiriġe a rís ó ṁarḃuiḃ; agus gur ab é so Críosd, an Tiosa do nímsi ṡeanmóir ḋáoiḃ. 4Agus do ċreideadar cuid áiriġe ḋíoḃ, agus do leanadar do Ṗól agus do Ṡílas; agus mar an gcéadna mórán do Ġréugaċaiḃ cráiḃṫeaċ, agus do ṁnáiḃ uáisle níar ḃeag.
5Aċd do ġaḃ iomṫnúḋ, na Iúdaiḋe nár ċreid, agus ag cruinniuġaḋ ḋroċḋáoine airiġe agus ċorra-marguiḋ, do rinneadar cuideaċda ṁór, agus do ḃuáiḋreadar an ċaṫuir, agus tangadar a dtimċeall tiġe lásoin, ag iarruiḋ íadsan do ṫaḃairt amaċ ċum an ṗobuil. 6Agus an tan naċ ḃfúaradar íadsan, do ṫairngeadar Iáson agus cuid áiriġe dona braiṫriḃ ċum úaċdarán na caiṫreaċ, ag éiġṁe, Iad so do ċuir an sáoġal bun os cionn ṫangadar an so mar an cceadna; 7Noċ ḋá dtug Iáson áoiḋeaċd: agus atáid siad uile ag cur a naġuiḋ órduiġṫe Ṡéasair, ag ráḋ go ḃfuil rí eile ann, eaḋon Iósa. 8Agus do ḃuaiḋreadar an pobal agus úaċdaráin na caiṫreaċ, ar gclós na neiṫeaḋso ḋóiḃ. 9Agus ar ngaḃail urrnaiḋe ó Iáson, agus ón ċuid eile, do léigeadar úaṫa íad.
10Agus ar an mball do ċuireadar na bráiṫre sa noiḋċe uaṫaḋ Pól agus Sílas go Beréa: agus ar dteaċd dóiḃ ann sin do ċúadar a steaċ go sinagóig na Níuduiḋe. 11Agus dob uáisle na Híuduiḋe sin na an ṁuinntir do ḃí a Dtessalonica, agus do ġaḃadar an ḃríaṫar go ro lúṫġáireaċ ċuca, ag cúartuġaḋ na sgríobtúireaḋ gaċ éun lá, dá ḟéuċuin an mar sin do ḃádar na neiṫesin. 12Uime sin do ċreideadar mórán díoḃ; agus mar an gcéudna mórán ban úasal do na Gréugaċuiḃ, agus fear leis, níar ḃeag. 13Agus an tan fuáir na Iúdáiḋe do ḃí a Dtessalonica, fios go ndearna Pól bríaṫar Dé ṡeanmóir ag Beréa leis, do ċúádar ann sin mar an gcéudna, do ċur buaiḋearṫa ar an bpobal. 14Aċd do ċuireadar na bríaṫre Pól úaṫa ar an mball aṁail as go raċaḋ sé ar fairrge: aċd dfan Sílas agus Timotéus ann sin na gcoṁnuiḋe.
15Agus an ċuideaċda do ċuáiḋ lé Pól do ṫréoraiġeadar é go caṫuir na Haiṫne: agus ar ḃfaġáil áiṫne ḋóiḃ ċum Sílais agus Ṫimotéus do ċum go dtiocfaidís mar is luáiṫe do ḟéudfaidis ċuige, dimṫiġeadar rompa. 16Aċd ar mbeiṫ do Ṗól ag fuireaċ ríusan a ccaṫair na Haiṫne, do ḃí a spiorad air na ḃuaiḋreaḋ ann, tré go ḃfacuiḋ sé an ċaṫuir lán dioḋalaḋraḋ. 17Ar a naḋḃarsin do rinne sé diosbóireaċd ann sa tsíonagóig ris na Iúduiġiḃ, agus ris na dáoiniḃ riaġalta, agus ré gaċ áon dá dteagṁaḋ ḋó ar an margaḋ gaċ éun lá. 18Agus do rinneadar feallsaṁnuiġe áiriġe do na Hepicúraċuiḃ, agus do na Stoiciḃ, connspóid ris. Agus a duḃradar cuid ḋíoḃ, Cred as áill leis an ḃfear mbriosg-ġlóraċso do ráḋ? agus a duḃradar cuid eile, As cosṁuil ris ḃeiṫ na ṡeanmóntuiḋe ar ḋéeiḃ coiṁiġṫeaċa: ar son gur ṡeanmóir sé Iósa, agus a néiseirġe ḋóiḃ. 19Agus ar mbreiṫ air, rugadar go Hareopágus é, ag ráḋ, An ḃféudmáoid a ḟios dfaġáil créd é an teaguisg núaḋ so, laḃrus tusa? 20Oír atá tu ag cur neiṫeaḋ núaḋ airiġe ann ar gclúasuiḃne: ar a naḋḃarsin as mían linn a ḟios dfaġáil créd as cíall dóiḃ. 21(Oír ní raiḃ aire ar ní ar biṫ eile ag luċd na Haiṫne agus ag coiṁṫiġe ṫáinig dáitreaḃaḋ na measg, aċd ar nuáiḋéaċd éigin dínnsin, no deisdeaċd.)
22Agus ar seasaḋ do Ṗól a meaḋón Areopágus, a duḃairt sé,
A luċd ċaṫair na Haiṫne, do ċim go ḃfuiltí go huiliḋe róḋiṫċeallaċ a níoḋalaḋraḋ. 23Oír tan an do ṡioḃail mé ó áit go háit, agus do ċunnairc mé ḃur neiṫe náoṁṫa, fuáir mé altóir áiriġe ann a raiḃ sgrioḃṫa DON DIA ANAIṪNIḊ. Ar a naḋḃarsin as é an Día sin onórṫáoi as gan a ḟios aguiḃ cía hé, atáimsi do ċeanmóir ḋiḃ. 24Oír ní ḋeannann an Día do rinne an doṁan agus gaċ uile ni ḋá ḃfuil ann, ar mbeiṫ ḋó na Ṫiġearna ar neaṁ agus talaṁ, coṁnuiḋe a dteampluiḃ láiṁ-ḋéanta; 25Agus fós ní tugṫar onóir ḋó lé laṁuiḃ dáoine, amr do ḃíaḋ ríaċdanus éinneiṫe air, óir is é féin do ḃeir beaṫa, agus anál, agus gaċ uile ní do na huile neiṫiḃ; 26Agus do rinne sé a nuile ċeinél dáoine déunḟuil aṁáin do ċum go naitéoċaidis ar ḋruím na talṁan uile, agus do ċinn sé aimsearḋa reuṁórduiġe, agus teóranna a náitreaḃaiḋsan; 27Do ċum go niarrfaidís an Tiġearna, da maḋ eídir léo a ḟaġail, ré a ġlacaḋ, gé naċ fada ó éunduine aguinn é: 28Oír is annsan ṁairmíd, agus ċorruiġemíd, agus atámáoid; do réir mar a duḃradar cuid dá ḃur ḃfileaḋaiḃsi, Oír is dá ċinéulsan fós sinn. 29Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ ḋúinn do ċinéul Dé, ní coir ḋúinn a ḃreaṫnuġaḋ gur cosṁuil an Díaġaċd ré hór, ná ré hairgead, ná rá cloiċ, ar na graḃáil lé healuiḋin nó lé hinntleaċd ḋáonda. 30Uime sin ar léigean aimseara a nainḃfisi ṫairis do Ḋía; do ḃeir sé a mois fúagra do nuile ḋuine ann gaċ áonáit aiṫreaċus do ḋéunaṁ: 31Ar an aḋḃar gur órduiġ sé lá, an a mbéura sé breaṫ ċoṁṫrom ar a tsáoġal tres an ḃfear úd do órduiġ sé; agus mar ḋearḃaḋ ar so do nuile ḋuine, ṫóg sé súas ó ṁarḃuiḃ é.
32Aċd an tan do ċúáladarsan dó eiséiriġe na marḃ, do rinneadar cuid díoḃ fonáṁad: aċd a duḃradar cuid eile, Eisdfeam riot a rís ḋá ṫáoḃ so. 33Agus as mar sin do imṫiġ Pól amaċ as a lár. 34Aċd cuid aca ag céangal ris, do ċreideadar: eidir a raiḃ Dionísius Areopagíta, agus bean dár ḃainm Damaris, agus dream eile maille ríu.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 17: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in