YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 16

16
Caibidil XVI
Sioḃal agus sáoṫair Ṗóil. 14 Croiḋe Lidia ar na osglaḋ 34 agus coiṁéuduiġ an ṗríosuin ag creideaṁ a Ndía.
1Ann sinn táinic sé go Derbe agus go Listra: agus, féuċ, do ḃí deisciobal áiriġe ann sin, dar ḃainm Timotéus, mac ṁná áiriġe, ḋeaġċreidṁiġe don ċineaḋ, Iúduiḋe; agus Gréugaċ a aṫair: 2Ar a dtugadar na bráiṫre do ḃí a Listra agus a Níconium teisd ṁaiṫ. 3Do ġaḃ fonn Pól an fearso do ḃreiṫ leis na ċuideaċda; agus ar na ḃreiṫ leis dó do ṫinċeallġearr sé é ar son na Níudaiḋeaḋ do ḃí ann sna háitiḃ sin: óir do ḃí a ḟios acá uile gur Ġréugaċ a aṫair. 4Agus mar do ṡioḃladar ar na caiṫreaċaiḃ, tugadar ḋóiḃ ré a gcoiṁéud nahórdaiġṫe, do órduiġeadar na habsduil agus na sinnsir do ḃí a Niarusalém. 5Uime sin do ḃádar na heagluiseaḋa ar na ndaingnuiġaḋ ann sa ċreideaṁ, agus do ḃí a nuiṁir ag méuduġaḋ gaċ éun lá.
6Agus ar ngaḃáil tré Ṗrígia agus tré ċríċ na Galátia ḋóiḃ, do ṫoirmisg an Spiorad Náoṁ íad an ḃríaṫar do laḃairt sá Násia, 7Agus ar dteaċd go Mísia ḋóiḃ, do ċúireadar rómpa dul go Bitínia: aċd níor ḟulaing Spiorad Iósa ḋóiḃ. 8Ar a naḋḃarsin ar ngaḃáil tré Ṁísia ḋóiḃ do ċúadar síos go Tróas. 9Agus do ċonncas do Ṗóla dtaiḋḃsi sa noiḋċe; Duine áiríġe ó Ṁacedónia na ṡeasaṁ, dá ġuiḋe, agus ag ráḋ, Tárr go Macedónia, agus taḃuir caḃuir ḋúinne. 10Agus mar do ċonnuircsé an taiḋḃsi, do ṡantuiġeamar ar an mball dull go Macedónia, óir do ṫuigeamar gur ḃé an Tiġearna do ġoir sinn ċum an tsoisgéil do ṡeanmóir ḋóiḃ.
11Uime sin ag seólaḋ ḋúinn ó Ṫróas, tangamar go díreaċ go Samotrácia, agus ar na ṁáraċ go Neápolis; 12Agus ann sinn go Ṗilippi, príoṁċaṫuir na coda sin don Ṁacedónia, agus colaṁuin: agus dfanamar ann sa ċaṫruiġ sin suim áiriġe do laeṫiḃ. 13Agus do ċúamar a maċ as an gcaṫruiġ lá na sábboide ċois a tsroṫá, mar a ngnáṫuiġṫí urnaiġe do ḋéunaṁ; agus ar suiḋe ḋúinn ann sin, do laḃramar re mnaiḃ do ḃí ar cruinniuġaḋ ann.
14Agus bean áiriġe dár ḃainm Lídia, reacadóir purpuir, a gcaṫruiġ na Dtiatiraċ, noċ do onóruiġeaḋ Día, déisd sí rinn: ag ar osgail an Tiġearna a cróiḋe, ċum aire do ṫaḃuirt do na neiṫiḃ a duḃairt Pól. 15Agus ar ngaḃáil ḃaisdiḋ, ḋi féin agus do luċd a tiġe, do ġuiḋ sí sinn, ag ráḋ, Má ṁeasdáoi go ḃfuilim díleas don Tiġearna, tigiḋ, do ḋéunaṁ coṁnuiḋe dom ṫiġ. Agus do ċoiṁéigni sí sinn.
16Agus tárla, ag dul ḋúinn do ḋéunaṁ urnaiġe, go dtárla cailín áiriġe oruinn agá raiḃ spiorad faisdine, fuair fáḃaltus mór dá tiġearnuiḃ féin lé fáisdine do ḋéunaṁ: 17Do lean sí so Pól agus sinne, agus do éiġ sí, ag ráḋ, Is seirḃísiġ don Día ro árd na dáoinesi, moċ ṡoisgéulas dáoiḃ sliġe na sláinte. 18Agus do rinne sí so mórán do laéṫiḃ. Aċd do ġoill sin, ar Ṗól, agus dfill sé air ais agus a duḃairt sé ris a spiorud, Aiṫniġim ḋíot a nainm Iósa Críosd teaċd amaċ aisde. Agus ar a núair sin do imṫiġ an spiorad aisde.
19Agus an tan do ċunncadar a tiġearnuiḋesi gur imṫiġ muiniġin a bfáḃaltuis féin, do ċuireadar láṁ a Bpól agus a Sílas, agus rugadar léó don ṁargaḋ íad ċum na núaċdarán, 20Agus ar na dtairgsin do na húaċdaránuiḃ, a duḃradar, Búaiḋrid na dáoinesi ar gcaṫuirne, óir is dón ċineaḋ Iúdaiḋe íad, 21Agus múinid síad órduiġe, naċ dleisdeanaċ ḋúinne do ġaḃáil, na do leanṁuin, dó ḃríġ gur Roṁánuiġ sinn. 22Agus do éiriḋ an pobal a náoinḟeaċd na naġuiḋ: agus ar réubaḋ a néuduiġeaḋ do na hoifigiḃ, do áiṫneadar gaḃáil do ṡlatuiḃ orrṫa. 23Agus ar ngaḃáil orrṫa go roṁór ḋóiḃ, do ċuireadar a bpríosún íad, dá áiṫne dfear coiṁéuda an ṗríosúin a gcoiṁéud go ró ḋaingean: 24Agus ar ḃfaġáil na háiṫne sin dósan, do ṫeilg sé íad ann sá ṗríosún dob ḟaide a steaċ, agus do ḋaingníġ sé a gcosa a gceap.
25Agus a dtimċeall ṁeaḋóin oiḋċe ar ndeunaṁ urnaiġe do Ṗól agus do Ṡílas, do ċanadar salm daḋṁolaḋ Dé: agus do ċúaladar na príosúnuiġ íad. 26Agus go hobann do éiriġ criṫ mór talṁun ann, a gcrúṫ go raiḃ fúindiment an ṗríosuin ar bogaḋ: agus ar an mball do ḃádar na doirrsi uile osguilti, agus a ngeiṁleaċa uile sgáoilte. 27Agus ar músglaḋ do ċoiṁéuduiḋe an ṗríosuin, agus ar ḃfaicsin doirrseaḋ an ṗríosúin osguilte ḋó, ar dtarruing a ċloiḋiṁ amaċ, do smúain sé é féin do ṁarḃaḋ, óir do ṡáoil sé gur éulóiġeadar na braiġde. 28Aċd do éiġ Pol do ġúṫ ṁór, ag ráḋ, Na déuna olc ar biṫ ḋuit féin: óir atámaóidne uile ann so. 29Agus ar ngairm ar ṡolus dósan, do ṡáiṫ sé a steaċ, agus ar mbeiṫ ḋó ar coiṁċriċ, do ṫuit sé síos a ḃfiaḋnuise Ṗóil and Ṡílais, 30Agus ar na mbreiṫ leis amaċ ḋó, a duḃairt sé, A ṁaiġisdríġe, créd ċaiṫfeas misi ḋeunaṁ do ċum go slainéoċṫáoi mé? 31Agus a duḃradarsan, Creid ann sa Tiġearna Iósa Críosd, agus sláineoċṫar ṫú féin, agus do ṫiġ. 32Agus do rinneadar bríaṫar an Tiġearna do ṡeanmóir ḋó féin, agus dá ráiḃ ann a ṫiġ uile. 33Agus a nuáir sin féin do noiḋċe go ġlac se íad, agus do niġ sé a ccréaċda; agus ar an mball do ġlac sé féin, agus a ṫiġ uile baisdeaḋ. 34Agus ar na mbreiṫ leis dó ḋá ṫiġ féin, do ċuir sé ḃiaḋ na ḃfíaḋnuisi, agus do rinne sé gairdeaċus, é féin agus a ṫiġ uile ag creideaṁ a Ndía.
35Aċd ar néiriġe don lá, do ċuireadar na húaċdaráin máoir úaṫa, da ráḋ, Léig na daóine sin amaċ. 36Agus dinnis coiṁéuduiḋe an ṗriosúin na briaṫraso do Ṗól, Ċuireadar na húaċdaráin fios úaṫa ḃur léigean amaċ: uime sin sioḃluiḋ roṁuiḃ a nois, agus ímṫiġiḋ a síoṫċain. 37Aċd do ḟreaguir Pól doiḃsean, Tar éis gaḃáil oruinn go puiblliḋe agus sinn neíṁċiontaċ, agus ar Róṁanaċuiḃ, do ṫeilgeadar a bpríosún sinn; agus an né buḋ áil léo a nois ar gcur amaċ ós íseal? ní heaḋ go firinneaċ; aċd teigid féin agus beirid amaċ sinn. 38Agus dinniseadar na maóir na bríaṫraso do na húaċdaránuiḃ: agus do ġaḃ eagla íadsan, an tan do ċúaladar gur Róṁanuiġ íad. 39Agus ar dteaċd dóiḃ do ċuireadar impiḋe orrṫa, agus ar na dtaḃuirt amaċ, do guiḋeadar íad fá imṫeaċd amaċ as an gcaṫruiḋ.
40Agus ar nimṫeaċd as an bpriosún dóiḃsion, do ċúadar a steaċ go Lídia: agus ar ḃfaicsin na mbríaṫar, tugadar coṁḟurtaċd dóiḃ, agus do imṫiġeadar rompa.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 16: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in