YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 13

13
Caibidil XIII
Pól agus Barnabas ar na ccur ar leiṫ ċum oibre an tsoisgeil, 8 agus Elimas an dráoi (ag cur na naġaiḋ) ar na ḋeanaṁ dall.
1Agus do ḃadar a neagluis na Hantíoċia faiḋe áiriġe agus luċd teaguisg; mar atá Barnabas agus Siméon da ngoirṫí Niger, ugus Lúcius ó Ċiréne, agus Manahen, coṁalta Ioruáiḋ an tetrarċa, agus Saul. 2Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ ag minisdrálaċd don Tiġearna, agus deanaṁ trosga, a duḃairt an Spiorad Náoṁ, Cuiriḋ air leiṫ ḋaṁ Barnabas agus Sául fa ċoṁair na hoibre ċum ar ġoir mé íad. 3An sin ar ndéunaṁ troisge agus úrnaiġe ḋóiḃ, agus ar gcur láṁ orṫa, do léigeadar úaṫa íad.
4Uime sin ar mbeiṫ ḋóiḃsion ar na gcur amaċ ón Spiorad Náoṁ, do ċúadar síos go Seléucia; agus as sin do ṡéoladar go Cíprus. 5Agus at dteaċd ḋóiḃ go Salamis, do ṡeanmóraiġeadar bríaṫar Dé a sinagógaiḃ na Níudaiġe: agus do ḃí Eóin aca fós mar óglaċ.
6Agus ar ndul dóiḃ ṫríd a noiléun go Páṗus, fúaradar draói áiriġe, faiḋ fallsa, Iúdaiġe, dár ḃainm Baríesus: 7Noċ do ḃí a ḃfoċair a núáċdaráin, Sergius Paulus, duine tuigsionaċ; Ar ngairm Ḃarnabais agus Ṡáuil ḋó so ċuige, díarr sé briaṫar Dé déisdeaċd. 8Aċd do ċuír Elimas an dráoi, (óir as mar so eidirṁíniġṫear a ainm,) na naġaiḋ, ag iarraiḋ a núaċdaráin diompóġ on gcreideaṁ.
9Aċd ar mbeiṫ do Ṡául, (da ngoirṫear fós Pól,) lán don Spiorad Náoṁ, ag féuċain air go gér. 10A duḃairt sé. Aḟir lán do ṁeaḃail agus dolc, a ṁic an díaḃail, agus a naṁuid na huile ḟiréntaċda, an é naċ sguirfe tú do ṡliġṫiḃ diorġa an Tiġearna do ċur bunoscionn? 11Agus anois, féuċ, láṁ an Tiġearna ad aġaiḋ, agus biaiḋ tú dall, gan aṁarc na gréine agad feaḋ sealad. Agus ris sin féin do ṫuit céo agus dorċadus air; agus do ṡir sé fa gcuáirt dream éigin do ṫreoróċaḋ ar láiṁ é. 12Ar ḃfaicsin don uaċdarán, an tan sin a ní do rinneaḋ ann, do ċreid sé, ag déanaṁ iongantuis fá ṫeagusg an Tiġearna.
13Agus ar nimṫeaċd do Ṗól agus don druing do ḃí na ḟoċair a luing ó Ṗáṗus, tangadar go Pérge na Pamṗília: Agus ar ndeuluġaḋ Deóin ríu, dfill sé go Hiarusalém.
14Agus ar ndul dóiḃsion ó Ṗeirge, tangadar go Hantióċia na Pisídia, agus ar ndul a steaċ ḋóiḃ don tsinagóig lá na sabbóide, do ṡuíġeadar síos. 15Agus tar éis léiġṫe an reaċda agus na ḃfáiġeaḋ do ċuireadar uaċdaráin na sionagóige teaċdaireaċd ċuca, ag ráḋ, A ḟeara agus a ḋearḃráiṫreaċa, má atá agaiḃ briaṫar ar biṫ lé a dteagaisgfí an pobal, laḃruiḋ í.
16Ar neirġe súas do Ṗól an tan sin, agus ar sméideaḋ ḋó ré na láiṁ, a duḃairt sé, A ḟeara Israélaċa, agus siḃse ar a ḃfuil eagla Dé, éisdiġ. 17Do ṫoġ Día an ṗobailse Israél ar naiṫreaċa, agus do árdaiġ sé an pobal an tan do ḃádar na gcoṁnuiġe sa Néigipt, dp ṫréoraiġ sé as sin amaċ íad ré laiṁ áird. 18Agus a dtimċeall aimsire ḋá ḟiċead bliaḋan do ḟulaing sé a mbéasa sa ḃfásaċ. 19Agus ar sgrios dó na seaċd gcineaḋaċ a dtír Ċánaan, do roinn sé ré crannċar a ḃfearann dóiḃ. 20Agus na ḋíaiġ sin, a dtimċeall ḋeiċ mblíaḋan agus dá ḟiċead agus ċeiṫre gcéud tug sé breiṫeuṁain dóiḃ, go dteaċd Ṡamuel an fáiḋ. 21Agus na ḋíaiġ sin díarradar rí, agus tug Día Sául dóiḃ mac Ċis, fear do ṫreiḃ Ḃeniamin, feaḋ ḋá ḟiċead bliaḋan. 22Agus ar na áṫruġaḋ súd ḋó, do ṫóg sé súas Dáiḃí na ríġ ḋóiḃ; dá ndearnaiḋ sé mar an gcédna fíaḋnuise, ag ráḋ, Fuáir mé Dáiḃí mac Iesse, na ḋuine do réir mo ċroiḋe féin, noċ do ḋéunaiġ mo ṫoil uile.
23As dá ṡíol so do ṫóg Día súas do réir na geallaṁna an Slánaiġṫeóir, Iósa Diosrael: 24Ar mbeiṫ Deóin roiṁ eísion do ṫeaċd ag seanmóruġaḋ ḃaisdiġ na haiṫriġe do ṗobal Israél uile. 25Agus ar gcóiṁlíonaḋ a ṡeala Deóin, a duḃairt sé, An té ṡáoilti, ní misi é. Aċd féuċ, tig neaċ am ḋiáiġ, ag naċ fíu mé íallaċ a ḃróg do sgaóileaḋ. 26A ḟeara agus a ḋearḃraiṫreaċa, ċlann fíne Abraham, agus an ṁéid agaiḃ ar a ḃfuil eagla Dé, is ċugaiḃse do cuireaḋ bríaṫar na sláintese. 27Oír an dream do áitriġ a Níarusalém, agus a núaċdaráin, ar mbeiṫ ḋóiḃ gan éolus aca airsean, na air ḃríaṫruiḃ na ḃfaiġeaḋ léuġṫar gaċa sábbóid, air na ḋamnúġaḋsan dóiḃ do ċoiṁlíonadar íad. 28Agus bíoḋ naċ ḃfúaradar coir ar biṫ ḃáis air, díarradar ar Ṗílaid a ḃásuġaḋ. 29Agus ar gcrioċnuġaḋ na nuile neiṫeann dóiḃ do ḃí ar na sgrioḃaḋ na ṫimċeallsan, do leagadar a núas as an gcroiċ, agus do ċuireadar a dtúama é. 30Aċd do ṫóg Día súas ó ṁarḃaiḃ é: 31Noċ do taisbéunaḋ feaḋ ṁóráin do láeṫiḃ don druing do ċuáiḋ a náoinḟeaċd ris súas ón Ngalile go Hiarusalém, agus ata na ḃfíaḋnuisiḃ ḋó a dtáoḃ an ṗobail.
32Agus soisgéulamáoidne ḋíḃse an geallaḋ do rinneaḋ dona haiṫreaċaiḃ, 33Gur ċoiṁlíon Día ḋúinne a gclann é, at dtógḃáil Iósa súas arís; mar atá sgríoḃṫa fós ann sa dara Salm, Is tusa mo Ṁacsa, a niuġ do ġein mé ṫú. 34Agus do ḃríġ gur ṫóg sé súas é ó ṁarḃaiḃ, agus naċ ḃfillfiḋ air ais ċum trúaiḋliġṫe, a duḃairt sé mar so, Do ḃéura mé ḋíḃ neiṫe náoṁṫa diongṁalta Ḋáiḃí. 35Uime sin a deir sé a nionad eile, Ní ḟuiléongaiḋ tú do Neaċ Náoṁṫa féin dfaicsin trúaiḋliġṫe. 36Oír go deiṁin, ar ndéunaṁ seirḃíse do Ḋáiḃi, ann a ġeinealaċ féin tré ċoṁairle Dé, do ċodail sé, agus do cuireaḋ a ḃfoċair a aiṫreaḋ é, agus do ċunnairc sé truáilléaḋ. 37Aċd an té, do ṫóg Día súas, ní ḟacaiḋ sé trúailleaḋ.
38Ar a naḋḃarsin bíoḋ a ḟios agaiḃ a ḟir agus a ḃraiṫreaċa, gur trés an ḃfearso foillsiġṫear ḋiḃ maiṫfeaċus na bpeacaḋ: 39Agus go ḃfuil gaċ áon ċreideas ar na ṡáoraḋ ṫrídsion ó na huile neiṫiḃ, dá nár ḃféidir siḃse do ṡáoraḋ a reaċd Ṁáoise. 40Uime sin taḃraiḋ ḃur naire riḃ, náċ dteigeuṁaḋ ḋáoiḃ, a ní atá ar na ráḋ ris na fáiḋiḃ; 41Féuċaiḋ, a luċd na tarcaisne, agus bíoḋ iongantus oraiḃ, agus leaṫnuiġiḋ mar ċeó: óir oibriġim se obair ann ḃur láeṫiḃ, obair naċ ccreidfeaḋ siḃ, dá ḃfoillsúiġeaḋ duine ḋíḃ é.
42Agus ar nimṫeaċd amaċ as an tsionagóig do na Iúdaiġiḃ, díarradar na Cineaḋaiġ daċuinge orrṫa na briaṫrasa laḃairt ríu féin an tsabbóid na ḋiáiġsin. 43Agus ar sgáoileaḋ don ċoiṁṫionól, do leanadar mórán do na Iúdaiġiḃ, agus do ḋáoiniḃ ríaġalta coigċríċṫe ṫainic ċum creidṁe Pól agus Barnabas: noċ do no, laḃair ríu, agus do ċoṁairliġ ḋóiḃ fúireaċ a ngrasuiḃ Dé.
44An céudlá sabboide na ḋiáiġ sin is beag nar ċruinniġ an ċaṫair uile a ḃfoċair a ċéile deisdeaċd ḃréiṫre Dé. 45Aċd ar a ḃfaicsin an ṗobail do na Iúdaiġiḃ, do líonaḋ do ṫnúṫ íad, agus tangadar a naġaiḋ na neiṫeann do laḃair pól, da gconntrarġaḋ agus ag laḃairt orṫa go masluiġṫeaċ.
46Aċd ar ndéunaṁ dánaċda do Ṗól, agus do Ḃarnabas, a duḃradar, Is riḃse ar tús dob éigean bríaṫar Dé do laḃairt: giḋeaḋ ó ċurṫáoi ar gcúl í, agus go mbeirṫí do ḃreiṫ naċ fíu siḃ an ḃeaṫa ṁarṫanaċ dfaġáil, féuċ, atámaidne ag filleaḋ ċum na Gcineaḋaċ. 47Oír is mar sin do aiṫin an Tiġearna ḋínn, ag ráḋ, Do ċuir mé ṫú mar ṡolas do na Cineaḋaċaiḃ, agus marṡlánuġaḋ go leiṫimliḃ na talṁan.
48Agus ar gclós na neiṫeannsa do na Cineaḋaċaiḃ, do ġaḃ gáireaċus íad, agus do ġlóraiġeadar bríaṫar an Tiġearna: agus do ċreideadar an ṁéid do ḃí ar na nórduġaḋ ċum na beaṫa marṫanaiġe. 49Agus do leaṫnaiġ bríaṫar an Tiġearna air feaḋ na tíre uile. 50Aċd do ḃrosduíġeadar na Iúdaiġe mná ríaġalta agus mácanta, agus náisle na caiṫreaċ, agus do ṫógadar gérleanṁuin ar Ṗól agus ar Ḃarnabas, agus do ċuireadar amaċ as a dtéorannaiḃ íad. 51Aċd ar gcraṫaḋ ḋóiḃsion luaiṫriġ a gcos na naġaiḋ, tangadar go Hicónium. 52Agus do líonaḋ na deisciobal do ġáirdeaċas, agus don Spiorad Náoṁ.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 13: BedellG

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in